30 bliain ó shin um an dtaca seo a tugadh na chéad chéimeanna chun deireadh a chur le ‘Féach’

Chuaigh Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí i mbun agóide chun cur in aghaidh an chinnidh

Writer and broadcaster Breandán Ó hEithir (1980)
Breandán Ó hEithir (1980)

Tacaid an ama seo 30 bliain ó shin, fógraíodh go mbeifí ag cur deireadh leis an gclár cúrsaí reatha Féach, a chuireadh Breandán Ó hEithir, Éamonn Ó Muirí agus Proinsias Mac Aonghusa i láthair ag tréimhsí difriúla sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Is measc na léiritheoirí a bhí air, tá Seán Ó Mórdha agus Eoghan Harris.

Fógraíodh gur theastaigh ó Cheannasaí na gClár ag an am, Muiris Mac Conghail, go mbeadh clár nua ann a dhíreodh ar chúrsaí Gaeltachta seachas ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tuigeadh go raibh baint aige seo leis an bhfonn a bhí ar Mhac Conghail Féach a chur de dhroim seoil.

Tuairiscíodh ag an am gur tháinig lucht bainistíochta RTÉ le chéile chun sceideal an fhómhair na bliana 1985 a phlé. Ba é Mac Conghail a dhréacht an sceideal sin agus thug baill foirne eile faoi deara ag an gcruinniú nach raibh tagairt ar bith ann don chlár Féach den chéad uair le hocht mbliana déag. Níorbh fhada gur sceitheadh an scéal.

Tuairiscíodh go ndeachaigh Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí agus Fianna Fáil i mbun agóide faoin gcinneadh chun cur ina aghaidh. Faoi mar a dúirt Póilín Ní Chiaráin an tí seo agus í ag caint le Tuairisc.ie, bhí “tréimhsí corraitheacha” ag an gclár ó thús deireadh.

Bhí Póilín bainteach leis an gclár ó na seachtóidí luatha agus tháinig ag obair air mar thaighdeoir ar dtús. Lean sí uirthi ag obair ann go dtí na seachtóidí déanacha.

Ag caint di le Tuairisc.ie, dúirt sí gur clár cúrsaí reatha “an-láidir” ab ea é nár chuir aon fhiacail ann. Dúirt sí go raibh sé “neamhfhaiteach” mar chlár agus go raibh “lucht féachana chomh mór céanna aige” is a bhí ag “rud ar bith i mBéarla” ag an am. Is í a tuairim sise gurbh iad Breandán Ó hEithir, Éamonn Ó Muirí agus Eoghan Harris “cnámh droma an chláir”, meitheal nach raibh eagla orthu ábhar ar bith a chíoradh agus a gcuid tuairimí ina thaobh a nochtadh go poiblí, go mór mór Ó hEithir. A fhianaise sin “nár thaitin sé leis an mbunaíocht”, a dúirt Póilín.

Go deimhin, ba nós le Fianna Fáil baghcat a dhéanamh ar an gclár chun a gcuid míshástachta faoi a chur in iúl nó go mbriseadh Jim Tunney, ‘rós buí Fhionnghlaise’, é.

“Áit ar bith faoin tuath a raibh gluaiseacht pobail, bhí Féach ann”, arsa Póilín, agus cúrsaí cearta sibhialta sa Ghaeltacht agus sna sé chontae á lua aici mar shamplaí de sin.

Chomh maith leis na mórcheisteanna sin a scagadh, chraoladh foireann Féach clár faoi “chúrsaí liteartha” agus litríochta ar bhonn rialta, áit a mbíodh leithéidí Sheáin Uí Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin á gcur faoi agallamh. Ba é an craoltóir Aindreas Ó Gallchóir a bhíodh i mbun na n-agallamh sin de ghnáth. Craoltóir agus cainteoir breá eile a bhíodh le cloisteáil ar an gclár ab ea Diarmaid Ó Muirithe, a dhéanadh guthú ar an-chuid cláracha faisnéise de chuid RTÉ chomh maith.

Is cuimhin le Póilín clár amháin a craoladh agus deireadh a theacht le comhrialtas Fhine Gael/An Lucht Oibre, rialtas a bhí i gcumhacht ó 1974-77. Clár ab ea é inar cuireadh baill den phobal faoi agallamh maidir lena gcuid tuairimí ar an gcomhrialtas sin. Daoine a vótáil ar a shon i dtús aimsire a bhí i líon nach beag de na daoine céanna, agus deir Póilín gur nocht siad tuairimí an-láidir go deo agus go ndearna cuid acu “damnú” ar rialtas na linne.

Bhí clár eile ann ina raibh díospóireacht idir Earnán de Blaghd agus an tOllamh Daithí Ó hUaithne faoin gCogadh Cathardha a d’éirigh teasaí a dóthain. Ar an gclár céanna, bhí briatharchath le bheith ann idir Tomás Mac Giolla (Sinn Féin Oifigiúil) agus Ruairí Ó Brádaigh (Sinn Féin Poblachtach) ach de bharr Alt 31 a bheith i bhfeidhm ag an am, níor tugadh cead cainte do Ó Brádaigh agus shiúil sé amach as an stiúideo.

Casadh Ó Brádaigh agus Mac Giolla ar de Blaghd “sa seomra feistis” tar éis an chláir. “An tú an duine a shiúil amach?” arsa de Blaghd le Ó Brádaigh. “Ní mé”, arsa Ó Brádaigh; “Is mise an duine nár ligeadh isteach”. “Is mar a chéile sibh beirt, mar sin,” arsa de Blaghd le Ó Brádaigh agus Mac Giolla in éineacht. Ba phearsana ar a gcuma seo a chuir le saibhreas agus éagsúlacht an chláir, dar le Póilín, agus faoi mar a dúirt sí féin linn, “bhí gach sórt ann”.

Ag caint dó faoin gclár céanna ina bheathaisnéis ar Bhreandán Ó hEithir, Iomramh Aonair, dúirt Liam Mac Con Iomaire go mbíodh suas le 600,000 duine ag breathnú air agus é ina bhuaic. Bhí seo amhlaidh in ainneoin go raibh foireann Féach gan stiúideo ceart ó sheachtain go seachtain agus go raibh 13 léiritheoir ag an gclár in imeacht trí bliana.

Ba léir freisin an easpa measa a bhí ag baill foirne eile RTÉ ar chriú Féach. Ina dhiaidh sin is uile, deir Liam Mac Con Iomaire ina leabhar in ainneoin na ndeacrachtaí sin go léir go raibh ‘spiorad iontach foirne in Féach’. Ní mórán athrú a tháinig ar an bhfoireann i gcaitheamh na gcúig bliana a chaith Eoghan Harris ina léiritheoir air, tar éis go raibh go leor teacht is imeacht ann roimhe sin.

Liam Mac Con Iomaire
Liam Mac Con Iomaire

Dar le Liam Mac Con Iomaire gurbh éacht a rinne an fhoireann le feabhas a gcuid cláracha.

Proinsias Mac Aonghusa a bhí ina fhear eagair ar an gclár nuair a beartaíodh deireadh a chur leis i 1985. Buaileadh breoite é le linn dó bheith ar saoire an t-am sin agus an fhaid is a bhí sé san ospidéal, shocraigh Mac Conghail deireadh a chur leis.

Ag caint dó faoin gclár le Liam Mac Con Iomaire, dúirt Eoghan Harris gurbh é Breandán Ó hEithir an t-iriseoir ab fhearr ar a aithnesean ‘bar nobody, i nGaeilge nó i mBéarla’. Mhínigh sé d’údar na beathaisnéise gur shuigh sé féin agus Ó hEithir síos le chéile i 1968 agus gur chuir siad rompu clár a dhéanamh ‘a bheadh chomh maith sin go mbeadh ar Bhéarlóirí…féachaint air – that no educated man or woman could miss it!’

Dúirt Harris nár cheap sé go raibh Ó hEithir ‘chomh sásta le haon rud ina shaol is a bhí sé le Féach agus gurbh é Féach ‘an ré órdha dó’.

Fág freagra ar '30 bliain ó shin um an dtaca seo a tugadh na chéad chéimeanna chun deireadh a chur le ‘Féach’'