283 cás eile den víreas fógartha, 3.1 milliún dáileog den vacsaín dáilte

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil inniu go raibh an chéad dáileog den vacsaín faighte ag beagnach 58% de dhaoine fásta sa tír

283 cás eile den víreas fógartha, 3.1 milliún dáileog den vacsaín dáilte

283 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

60 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, laghdú ó 67 inné, agus tá 23 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil inniu go raibh an chéad dáileog den vacsaín faighte ag beagnach 58% de dhaoine fásta sa tír.

De réir staitisticí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a foilsíodh inniu, tá 80% de na dáileoga den vacsaín atá faighte ag Éirinn tugtha amach. Dúradh go bhfuil 3.1 milliún den 3.8 milliún dáileog atá faighte ag Éirinn tugtha amach don phobal.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 115 cás nua a deimhníodh.

15 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,114,098 i duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 751,537.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Níos luaithe inniu, aontaíodh srianta coraintín níos déine do phaisinéirí a thagann go hÉirinn ón mBreatain.

Beidh ar dhaoine nach bhfuil an tsnáthaid iomlán faighte acu féinleithlisiú ar feadh deich lá.

Féinleithlisiú ar feadh cúig lá a bheidh i gceist do dhaoine a thagann anseo agus vacsaín faighte acu.

Chinn an Rialtas an méid sin inniu agus imní ann go scaipfeadh an cineál Delta den ghalar níos forleithne sa stát.

Tá athoscailt iomlán na Breataine curtha siar ag an bPríomh-Aire Boris Johnson mar gheall ar scaipeadh an chineáil nua den ghalar a aithníodh ar dtús san India.

Meastar gurb é an cineál Delta den ghalar is cúis le 90% de chásanna na Breataine anois agus go bhfuil sé ag cur go mór le líon na gcásanna agus líon na n-othar sna hospidéil ansin.

Tá an Rialtas anseo muiníneach nach gcuirfidh an cineál Delta den ghalar as don phlean a thuilleadh srianta dianghlasála a scaoileadh ar an 5 Iúil.

Is údar imní an cineál seo den Covid-19 mar go scaipeann sé 60% níos sciobtha ná an chéad chineál den ghalar. Meastar chomh maith nach mbíonn ag daoine a bhfuil dáileog amháin den tsnáthaid AstraZeneca faighte acu ach cosaint 33%.

Beidh ar dhaoine a thagann anseo ón mBreatain agus gan vacsaín faighte acu toradh diúltach a fháil ar thástáil PCR ar an gcúigiú agus ar an deichiú lá dá dtréimhse féinleithlisithe. Beidh cead ansin acu imeacht ón gcoraintín.

Beidh cead ag daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu imeacht ón gcoraintín tar éis cúig lá ach toradh diúltach a fháil ar thástáil PCR.

Faoi láthair is féidir le haon duine a thagann anseo ón mBreatain deireadh a chur lena thréimhse féinleithlisithe má fhaigheann siad toradh diúltach cúig lá i ndiaidh dóibh teacht anseo.

126 cás den chineál Delta den ghalar atá deimhnithe sa stát de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an socrú nua i dtaobh na Breataine ar an 19 Iúil nuair atá an taisteal idirnáisiúnta le tosú arís.

Fág freagra ar '283 cás eile den víreas fógartha, 3.1 milliún dáileog den vacsaín dáilte'