269 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí

Tháinig ardú mór ar líon na gcásanna nua i dTuaisceart Éireann agus 533 cás nua deimhnithe inniu, suas ó 79 inné

269 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí

Tá 269 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Seisear eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Bhain 42 den 269 cás nua a deimhníodh inniu le Corcaigh, 16 cás a bhí i nDún na nGall agus 12 cás a bhí i gcontae na Mí.

Sé chás a bhí i Maigh Eo, cúig chás a bhí i gCiarraí agus bhí níos lú ná cúig chás i gceist i nGaillimh agus i bPort Láirge.

88 cás a bhí i mBaile Átha Cliath.

260 othar atá buailte ag an aicíd atá sna hospidéil agus tá 36 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair ag 108 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

I nDún na nGall atá an ráta is airde i gcónaí ach tá sé tite go dtí 222 inniu. Ráta 140 a bhí i bPort Láirge, 115 a bhí i gcontae na Mí, 86 a bhí i Maigh Eo, 85 a bhí i gCorcaigh agus 62 a bhí i nGaillimh.

I gCiarraí, mar a bhfuil ráta coicíse 53, atá an dara ráta is ísle sa stát. 35 cás in aghaidh gach 100,000 atá i Loch Garman.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh seachtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Tháinig ardú mór ar líon na gcásanna nua agus deimhníodh 533 cás nua inniu, i gcomparáid le 79 cás inné.

443 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 98% de na leapacha ansin lán inniu.

2,987 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,033 duine ó dheas den teorainn agus 954 duine ó thuaidh di.

121,743 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 71,167 cás ó dheas agus 50,676 ó thuaidh.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar níos luaithe inniu go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas na srianta a mhaolú ar feadh coicíse aimsir na Nollag chun cead a thabhairt do dhaoine taisteal ó bhaile le cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile.

De réir tuairiscí, d’fhéadfadh go mairfeadh an maolú ar na srianta ón 18 nó an 19 Nollaig go dtí an 3 Eanáir agus beidh cead chun an tí ag trí theaghlach.

Dúirt an Tánaiste chomh maith go gcuirfí na srianta i bhfeidhm arís dá mbeadh ardú ar ráta scaipthe an ghalair.

Dheimhnigh Varadkar go mbeidh roinnt céimeanna agus tréimhsí i gceist le plean díchuibhrithe an Rialtais agus go gcuirfear tús leis an gcéad tréimhse an tseachtain seo chugainn.

“Na rudaí a dhéanfaimid ag an dtús, sin iad na rudaí atá a fhios againn a bheith níos sábháilte, oscailt na siopaí, oscailt na n-ionad aclaíochta, cead a thabhairt do dhaoine bearradh gruaige a fháil,” arsa Leo Varadkar.

Dé hAoine a fhógrófar plean díchuibhrithe trí chéim an Rialtais. Sa Tuaisceart agus i Sasana beidh cead ag trí theaghlach cuairt a thabhairt ar theaghlach eile amach an mhí seo chugainn chun deis a thabhairt do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar an Nollaig i dteannta a chéile.

Ní mhairfidh an cead sin ach cúig lá – idir an 23-27 Nollaig – ach dúirt Varadkar gur coicís atá i gceist ag an Rialtas toisc ráta scaipthe an ghalair a bheith níos ísle sna 26 contae.

Shéan an Tánaiste go raibh cinneadh déanta cheana féin nach mbeadh cead oscailte ag tithe tábhairne agus bialanna go dtí an dara céim den phlean díchuibhrithe.

Dúirt sé, áfach, go raibh ciall leis an bplean na srianta a mhaolú céim ar chéim agus nach mbeadh sé sábháilte iad go léir a scaoileadh ag an am céanna an tseachtain seo chugainn.

Daoine a bheith ag cruinniú go d’ócáidí sóisialta ba mhó is cúis le scaipeadh an ghalair, a dúirt an Tánaiste. “I dtreo an deiridh” a scaoilfí na srianta sin dá bharr, ar sé.

Dúirt Varadkar go rabhthas chun na srianta a mhaolú aimsir na Nollag chun deis a thabhairt do dhaoine gnáthlá Nollag a bheith acu “oiread agus ab fhéidir”.

“Tá a fhios againn go bhfuil sé i gceist ag daoine é a dhéanamh ar aon nós, agus b’fhearr mar sin go dtabharfaí deis dóibh é a dhéanamh ar bhealach sábháilte,” arsa Varadkar.

Dúirt sé nach bhféadfaí tréimhse dianghlasála eile sa bhliain nua a chur as an áireamh, ach dá dtarlódh a leithéid go ndéanfadh an Rialtas gach iarracht tréimhse dianghlasála fhada náisiúnta a sheachaint.

“Chonaiceamar sa Ghearmáin agus san Iodáil, tíortha a raibh ráta i bhfad níos ísle acu ná mar a bhí againne, go raibh brúisc mhór go tobann acu taobh istigh de sheachtain nó dhó. Mar sin ní féidir tréimhse eile Leibhéal 5 uair éigin an bhliain seo chugainn a chur as an áireamh,” a dúirt an Tánaiste Leo Varadkar.

“Má tharlaíonn sé bheadh sé i gceist againn gur tréimhse i bhfad níos giorra a bheadh ann, abair coicís nó trí seachtaine seachas sé seachtaine mar a bhí againn cheana.”

Fág freagra ar '269 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí'