Faoi na soilse, tá tú níos sáite sa dráma atá ar an stáitse amach romhat

Fágann na soilse an té atá i láthair ag cluiche níos sáite agus níos lárnaí ina bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil

Faoi na soilse, tá tú níos sáite sa dráma atá ar an stáitse amach romhat

Tá sé ag breith isteach ar dhá scór bliain anois ó bhí mé ar mo bhealach amach as páirc sacair Groningen i dtuaisceart na hÍsiltíre agus é ag tarraingt ar a haon déag a chlog san oíche. Bhí an áit tréigthe nach mór, an cluiche idir foireann na cathrach sin agus Gaillimh Aontaithe i Sraith na hEorpa críochnaithe le tamall.

Cúpla seachtain dár gcionn d’imir siad a chéile ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua, ach sin scéal ann féin.

Amach romham bhí duine de pheileadóirí na Gaillimhe, Paul McGee, é féin ag déanamh ar an mbus.

Bhí tuilsoilse na páirce fós ar lasadh, ach ós rud é go raibh muide faoi scáth an tseastáin níor léir dúinn an lóchrann a bhí astu gur shroich muid an tollán a thugann bealach chun na páirce do na himreoirí.

Bhí deis éalaithe ansiúd ag a ngile.

Stop Magee ina staic agus thosaigh ag breathnú amach i dtreo na páirce. Nuair a tháinig mise chomh fada leis dhírigh sé a lámh amach agus dúirt, “Look at that. I am always transfixed by a floodlight pitch, even when its empty.”

Nuair a bhí a dhóthain den draíocht feicthe aige, chroch sé a mhála ar a dhroim arís agus rinne ar an mbus.

Ba mhinic ina dhiaidh a chuimhnigh mé ar a raibh ráite aige. Le bheith fírinneach chuir sé iontas orm go dtiocfadh rud chomh simplí leis an radharc a bhí amach roimhe an oíche sin chomh mór sin i gcionn ar pheileadóir chomh hinniúil leis.

Faoin tráth sin bhí cúil scóráilte d’Éirinn ag Paul McGee, imirt déanta aige i bpríomhranna Shasana, na hÍsiltíre agus a thíre dúchais, mar aon le Sraith na Seaimpíní, Sraith Europa agus Comórtas Bhuaiteoirí na gCorn.

Ina sheasamh dó i mbéal an tolláin an oíche údaí bhí a aghaidh chomh gealgháireach le gasúr a mba é Deaidí na Nollag a bhí amach os a chomhair.

Thóg sé blianta orm a thuiscint cén fáth a raibh McGee faoi gheasa an oíche údaí.

Tuigim anois go mba í an chúis a bhí leis sin gur bheag cluichí faoi thuilsoilse a bhí feicthe beo agam féin ag an am. Bhí neart díobh feicthe agam ar an teilifís agus riar cluichí sacair beo.

Ach thóg sé píosa sular léir dom an chaoi a bhfágann na soilse an té atá i láthair níos sáite agus níos lárnaí ina bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil.

Dá fheabhas é an teilifís, níl ann dáiríre ach mar a bheifeá ag níochán do chuid cosa agus do chuid stocaí fágtha ort agat. Níl mórán idir é agus a bheith ag breathnú isteach trí fhuinneog an tí mhóir. Níl tú i lár an aonaigh.

Faoi na soilse, ní hamhlaidh duit.

Ní bhíonn aon fheiceáil agat ar rudaí a chuirfeadh isteach ort le solas an lae. Más ar bhealach fánach féin é, tá tú níos sáite sa dráma atá ar an stáitse amach romhat. Ní tú an Prima Donna. Ach go cinnte tá tú sa gcór.

Le gairid a thosaigh na tuilsoilse ag dul chun sochair do Chumann Lúthchleas Gael. Le linn cluiche sa tSraithchomórtas Peile i bPáirc an Chrócaigh idir Áth Cliath agus Tír Eoghain i dtús na bliana 2007 a úsáideadh den chéad uair iad.

Ní raibh léiriú níos fearr ar a bhfiúntas ná an athimirt ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2013 idir an Clár agus Corcaigh.

Tá siad ag fairsingiú go tréan ó shin agus lasadh den chéad uair iad cúpla seachtain ó shin i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá na Gaillimhe. Tá cluiche peile agus cluiche iomána feicthe agam ansiúd ó shin – threisigh siad le gach a raibh le rá ag Paul McGee na blianta siar.

Imríodh cluichí sacair faoi shoilse i Sasana chomh fada siar leis an mbliain 1878. Ar Pháirc Bramall Lane i Sheffield a tharla sin, an ceann ba mhó i Sasana sular tógadh Wembley.

Go deimhin bliain sular baineadh triail as na soilse, d’imir foirne na hÉireann agus Shasana a chéile ann le solas an lae.

Ní hamháin nach raibh aon chóras ceart leictreachais sa mBreatain ag an am – bhí 50 bliain eile caite sular tháinig an greille náisiúnta ar an saol. Ba ag brath ar ghás a bhíothas ó thaobh an tsolais.

Cadhnraí agus dineamónna a úsáideadh i Bramall Lane agus dar ndóigh ní fada gur tuigeadh nár leor iad.

Cé go raibh tuilsoilse i bpáirceanna móra na Stát Aontaithe faoi na 1920idí, bhí deich mbliana fichead eile caite sular facthas iad ag clubanna móra sacair Shasana – ba iad Wolverhampton Wanderers ba thúisce a chuaigh ina dtuilleamaí i 1953. In imeacht dornán de bhlianta, bhí siad sna páirceanna ar fad sna ranna ab uachtaraí sraithe.

An gcreidfeá go raibh siad in Éirinn chomh luath agus a bhí siad is Sasana. Ar Pháirc na Tulchann an lá deiridh de Mhárta 1953, d’imir Droim Conrach agus St. Mirren na hAlban a chéile i gcluiche dúshláin san imirt ba thúisce a deineadh riamh sa tír seo faoi shoilse.

Níor theastaigh a leithéid nuair a chuaigh Paul McGee chun imeartha sa dara cluiche in aghaidh Groningen i Sraithchomórtas na hEorpa 1986, coicís tar éis dúinn a bheith san Ísiltír.

Rialaigh UEFA nach raibh an caighdeán a bhí leagtha síos ag baint le Páirc Thír Oileáin, áit a n-imríonn na Gaillimhigh, rud a d’fhág go raibh siad ar thóir áit éicint eile sa gcomharsanacht. Ag an am ní raibh ceadaithe sacar a imirt ar pháirceanna CLG, rud a d’fhág iad taobh le ceann nach raibh dílsithe dó siúd.

Ar an gCeathrú Rua a fuaireadar a leithéid, ócáid a mhairfeas tamall ina gcuimhne siúd a bhí ann.

Fág freagra ar 'Faoi na soilse, tá tú níos sáite sa dráma atá ar an stáitse amach romhat'