253 cás nua den Covid-19 fógartha agus ardú mór i gcontaetha Gaeltachta

Bhain 116 den 253 cás nua inniu le Baile Átha Cliath agus bhí roinnt mhaith cásanna i gcontaetha Gaeltachta chomh maith

253 cás nua den Covid-19 fógartha agus ardú mór i gcontaetha Gaeltachta

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu tar éis bháis de dheasca an ghalair agus go bhfuil 253 cás eile deimhnithe.

Bhain 116 den 253 cás nua inniu le Baile Átha Cliath, nó 46%.

Cuirfear srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath ó mheán oíche anocht.

Fógraíodh cásanna nua i bhformhór na gcontaetha Gaeltachta inniu chomh maith.

Bhain 14 den 253 cás nua le Corcaigh, 14 cás eile a bhí i nGaillimh, 13 cás a bhí i nDún na nGall, naoi gcás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí ar a laghad cás amháin i gcontae na Mí.

Bhain 22 de chásanna an lae inniu le Cill Dara, deich gcinn a bhí i Luimneach, deich gcinn a bhí i gcontae Lú agus seacht gcinn a bhí i gCill Mhantáin.

Tá sé deimhnithe gur bhain 45% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 61 cás.

Bhí 71% de na daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.

163 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh Roinn Sláinte anTuaiscirt inniu agus beirt eile a raibh an galar orthu básaithe.

Tá 575 duine anois básaithe de bharr an ghalair, de réir figiúirí na Roinne Sláinte ó thuaidh, ach deir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) go bhfuil líon na mbásanna i bhfad níos airde ná sin.

De réir an eolais is déanaí ó NISRA, bhí 887 duine básaithe de bharr an Covid faoi Dé hAoine seo caite, an 11 Meán Fómhair, breis agus 300 bás níos mó ná mar a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

40,803 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 32,023 cás ó dheas den teorainn agus 8,943 cás ó thuaidh di.

2,364 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,789 duine ó dheas agus 575 ó thuaidh.

Ghlac an Rialtas tráthnóna le moladh na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí Leibhéal 3 den phlean Covid-19 a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.

Sa bhreis air sin beidh cosc ar ithe taobh istigh i mbialann. Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm ag meán oíche agus mairfidh siad go ceann trí seachtaine.

Fágann an cinneadh go mbeidh srianta breise i mBaile Átha Cliath ar chúrsaí taistil, ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia, ar bhainiseacha agus ar shochraidí as seo go ceann trí seachtaine.

Is de bharr an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna sa bpríomhchathair le cúpla seachtain a cuireadh na srianta breise seo i bhfeidhm.

Deimhníodh os cionn 1,500 cás nua den choróinvíreas i mBaile Átha Cliath le coicís, sin beagnach 55% de na cásanna ar fad sa tír sa dá sheachtain sin.

Fanfaidh an chuid eile den tír ag Leibhéal 2 ach mhol NPHET gur srianta Leibhéal 3 a bheadh i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath agus go gcuirfí roinnt srianta breise i bhfeidhm ansin chomh maith.

Ó mheán oíche anocht ní bheidh cead oscailte ag bialanna agus tithe ósta a chuireann béilí ar fáil mura mbeidh ar a gcumas an bia a chur ar fáil amuigh faoi aer nó le tabhairt leo ag custaiméirí.

Ní bheidh cead ag tithe óil nach gcuireann bia ar fáil oscailt in aon chor, cé go mbeidh an cead sin ag tithe óil dá leithéid sa gcuid eile den tír ón Luan beag seo, an 21 Meán Fómhair.

Ní bheidh cead taisteal go Baile Átha Cliath ach ar mhaithe le hobair nó oideachas agus tá iarrtha ar dhaoine oibriú ón mbaile más féidir leo in aon chor nó mura bhfuil sé fíor-riachtanach dul chuig an ionad oibre.

Fanfaidh na scoileanna agus na hionaid cúram leanaí ar oscailt ach iarrtar ar choláistí tríú leibhéal an teagasc a dhéanamh ar líne más féidir in aon chor é. Ní bheidh cead ag na coláistí aon imeachtaí a eagrú ar an gcampas seachas cúrsaí a chaithfidh a bheith ansin.

Ní bheidh cead ag daoine dul ar cuairt ar dhaoine i dtithe altranais ach i gcásanna fíorspeisialta.

Tá cosc ar ócáidí sóisialta is teaghlaigh agus ní cheadaítear ach daoine ó theaghlach amháin eile a thabhairt chun an tí.

Cé nach gceadaítear formhór na gcluichí spóirt i réigiún Leibhéal 3, tá eisceacht déanta den scothspórt, agus beidh Corn na gCuradh á imirt idir Cúige Laighean agus Saracens i Staid Aviva amárach. Beidh cead imeartha chomh maith ag foirne CLG an chontae i gcomórtas na gclubanna.

Ní bheidh cead ag níos mó ná 15 duine freastal ar aon imeacht ealaíne nó oiliúna lasmuigh agus ní bheidh imeachtaí laistigh, amhail comhdhálacha, cúrsaí traenála nó imeachtaí amharclainne, ceadaithe in aon chor.

Tá cead ag ionaid aclaíochta fanacht oscailte ach ní bheidh cead a dhéanamh iontu ach traenáil aonair.

Ní bheidh aon seirbhísí eaglasta pobail ceadaithe seachas ar líne ach beidh na séipéil oscailte don té ar mian leis cuairt phearsanta a thabhairt orthu.

Beidh póstaí agus sochraidí ceadaithe ach ní bheidh cead ach 25 aoi a bheith ag pósadh ón Luan seo chugainn, in áit an 50 a bhíodh ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag 25 duine freastal ar shochraid ach an oiread.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inné agus ina dhiaidh mholadar don Rialtas na srianta breise seo a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.

Bhí cruinniú ag coiste nua Covid-19 an Rialtais, faoi chathaoirleacht an státseirbhísigh shinsearaigh Martin Fraser, chun na moltaí sin a phlé. Bhí ceann na Roinne Sláinte agus na Roinne Dlí agus Cirt i láthair ag an gcruinniú sin chomh maith leis an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Ronan Glynn agus Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid.

Cé go dtuairiscítear gur léirigh NPHET imní faoin méadú atá ar an líon cásanna den Covid-19 ar fud na tíre, is é patrún scaipthe an víris i mBaile Átha Cliath a spreag iad chun na srianta nua seo a mholadh do Bhaile Átha Cliath.

114 cás as gach 100,000 duine i 14 lá atá deimhnithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus is 59 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá sa tír iomlán.

Agus lucht na mbialann míshásta leis na srianta diana atá á gcur i bhfeidhm ar an earnáil sin, chuir an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach ghrúpa comhairleach um shamhaltú eipidéimeolaíochta NPHET, tvuíteanna amach inniu inar mhínigh sé an t-údar a bhí lena gcuid moltaí.

Mhínigh Nolan gur míléamh ar an staidreamh a rá nach i dtithe ósta ná bia a bhí na ráigeanna á n-aimsiú.

“Má chuaigh mise amach cúig lá ó shin agus má tholg mé an víreas i mbialann, beidh sé ag borradh leis go ciúin i mo chorp ar feadh trí lá agus ansin mé á scaipeadh agus b’fhéidir á thabhairt do mo mhuintir ar feadh dhá lá eile sula mbeidh aon chomharthaí sóirt le haithint ormsa. Is ag an tráth sin amháin a fhanfaidh mé amach ó dhaoine eile agus a lorgóidh mé tástáil.

“Sonraí na ndaoine a raibh mé i dteagmháil leo sa dá lá sula raibh aon chomharthaí sóirt den ghalar orm a lorgóidh lucht sláinte phoiblí. Má bhíonn an galar tolgtha ag mo mhuintir nó mo chairde, is ráig sa teach nó ráig sa phobal a bheidh inti cé gur i mbialann a tholg mé ar dtús é agus gur thug mé liom abhaile é.”

Dúirt sé go raibh neart fianaise idirnáisiúnta ann go gcothaíonn ócáidí sóisialta, tithe tábhairne agus bialanna san áireamh, scaipeadh an ghalair seo i measc an phobail.

“I mBaile Átha Cliath is scaipeadh sa bpobal is siocair le cás amháin as gach trí chás. Cá bhfuil an scaipeadh sin ag tarlú? I ngach aon áit a mbíonn muid bailithe le chéile go sóisialta – ár dtithe, ionaid aclaíochta, tithe tábhairne, bialanna. Faraor tá a fhios againn go ngabhfaidh an galar seo ó smacht mura stopfaidh muid ag cruinniú le chéile sna háiteanna sin.”

Fág freagra ar '253 cás nua den Covid-19 fógartha agus ardú mór i gcontaetha Gaeltachta'