Scéalta ón gcibearspás…

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine


 

Ainm?

@ONeillLane (T. O’Neill Lane)

Cé hé féin?

Ba as Luimneach é Timothy O’Neill Lane. D’fhoilsigh sé dhá eagrán dá fhoclóir Béarla Gaeilge sna blianta 1904 agus 1915. Foilsíodh A Larger English Irish Dictionary sa bhliain 1916. Scaiptear ábhar ón bhfoclóir sin ar an gcuntas seo.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Tá an cuntas seo cosúil le @AnDuinnineach a chuireann ábhar ar líne ó fhoclóir an Duinnínigh. Níl sé ar an bhfód chomh fada céanna leis agus tá an modh oibre beagáinín éagsúil. Cuireann sé an bunfhocal sa ngiolc féin agus bíonn pictiúr de leathanach an fhoclóra ceangailte de na giolcacha. Fágann sé sin go bhfeiceann a leantóirí na focail mar a scríobhadh iad ag tús an chéid.

Fearacht an Duinnínigh, is minic a bhaineann a chuid giolcacha agus focail le hábhar. Féach an ceann seo ó Lá an Reifrinn

Cén fáth a leanfainn é?

Tá an foclóir as cló ó bhí 1922 ann! Tá cóip dhigiteach de ar fáil ar líne cinnte ach is furasta i bhfad an t-eolas gearr a aimsiú ar an leathanach Twitter. Tá an cuntas seo an-mhaith ó thaobh cumarsáide leis an bpobal de; freagraíonn sé ceisteanna agus cuardaíonn sé focail ar iarraidh na leantóirí. Anuas air sin, bíonn míniú Béarla ar an bhfocal Béarla ann roimh an bhfocal Gaeilge agus is mór an cúnamh é sin. Gura fada buan na giolcacha uaidh.

Giolc Pictiúr na Seachtaine


Mar is eol daoibh bhí Prionsa na Breataine Bige Charles agus a bhean Camilla ar chuairt stáit in Éirinn an mhí seo caite. Chaith siad ceithre lá sa tír agus is iomaí pictiúr a tógadh den lánúin. Sheas rud éigin amach ón bpictiúr seo do ‘Mo Dhuine’ a roinneadh ar an ngrúpa Facebook Gaeilge Amháin an tseachtain seo. Fágfaidh muid faoi léitheoirí Scéalta ón gCibearspás féin aon teachtaireachtaí rúnda a fheictear sa phictiúr a phlé eadraibh féin…

Prionsa  

Ragham amú tamall eile….

Ó tharla gurb í seo aimsir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste, tá go leor cainte ar na meáin nua agus na meáin thraidisiúnta faoi na cineálacha ceisteanna a chuirfear ar óige na tíre as seo go deireadh na míosa.
Thaitnigh an scrúdú gonta a bhí ag an suíomh lovindublin.com go mór leScéalta ón gCibearspás. Mo léan, nach mbeidh Páipéar 1 chomh héasca seo Dé Luain! D’éirigh linn céim “Bhláthnaid Ní Chofaigh” a bhaint amach – céard fúibhse?
An Chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Tá na meáin sóisialta beo le #leavingcert agus #juniorcert na laethana seo. Inné bhí daltaí na tríú bliana ag tabhairt faoi pháipéar a haon den scrúdú Gaeilge.   Cé go raibh roinnt daoine sásta leis an ullmhúchán a bhí déanta acu…

 


ní mó ná sásta a bhí gach duine faoina n-iarrachtaí féin.

Bhí daltaí eile ann nach raibh chomh buartha sin faoina laghad staidéar a rinne siad ach a bhí ag brath ar a gcuid líofachta féin don scrúdú! Tá súil againn go bhfuil a cuid Gaeilge chomh ‘saibhir’ céanna lena cuid Béarla!

Ach ainneoin an fhaitís a bhí ar chuid, tá muid cinnte go ndearna sibh go maith agus guímid gach rath oraibh sna scrúduithe eile :)