2,148 cás nua fógartha, 63 duine básaithe ó dheas le seachtain anuas

8,004 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,369 duine ó dheas den teorainn agus 2,635 duine ó thuaidh den teorainn

2,148 cás nua fógartha, 63 duine básaithe ó dheas le seachtain anuas

Tá 2,148 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh go bhfuil 63 duine básaithe sa stát le seachtain anuas de dheasca an Covid-19. 5,369 duine ar fad a bhásaigh ó dheas ó thús na paindéime agus os cionn 8,000 atá básaithe ar fud na hÉireann.

464 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, naonúr níos lú ná inné, agus bhí 86 acusan in aonad dianchúraim, dháréag níos mó ná inné. B’in an líon is mó othar Covid-19 a bhí in aonad dianchúraim ó mhí an Mhárta.

1,423 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,635 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

355 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, aon duine dhéag níos mó ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

8,004 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,369 duine ó dheas den teorainn agus 2,635 duine ó thuaidh den teorainn.

Fág freagra ar '2,148 cás nua fógartha, 63 duine básaithe ó dheas le seachtain anuas'

  • Antóin

    63 duine básaithe le seachtain anuas de dheasca an Covid 19 agus 126 leanbh curtha chun báis sa bhroinn sa tréimhse chéanna ach gan aon iomrá orthu!