5,279 cás nua den víreas fógartha, an cineál Omicron i gceist le péire as gach trí chás sa stát

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

5,279 cás nua den víreas fógartha, an cineál Omicron i gceist le péire as gach trí chás sa stát

5,279 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

443 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 23 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 102 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí inné.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gurb é an cineál Omicron den víreas a bhí i gceist anois le thart ar 66% de na cásanna a bhí deimhnithe sa stát.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,096 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

268 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

D’fhógair an Rialtas inniu tacaíochtaí breise don earnáil fáilteachais agus do na healaíona atá buailte go dona ag na srianta is déanaí.

Glacfar le hiaratasóirí nua ar an Scéim Fóirdheontais Fostaíochta Pá agus is laghdú 40% ar an láimhdeachas a bheidh i gceist feasta don Scéim Tacaíochta Srianta Covid.

Cuireadh síneadh ama freisin le híoc cánach i gcás comhlachtaí a bhfuil a n-ioncam scriosta ag srianta.

Dúirt an Tánaiste inniu go raibh na tacaíochtaí seo chomh maith nó níos fearr ná an tacaíocht a cuireadh ar fáil nuair a bhí dianghlasáíl leibhéal  5 i bhfeidhm sa tír.

Fág freagra ar '5,279 cás nua den víreas fógartha, an cineál Omicron i gceist le péire as gach trí chás sa stát'