2,051 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,771 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

2,051 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 2,051 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

323 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 56 acusan in aonad dianchúraim. 5,092 duine atá básaithe de dheasca an víris sa stát ó thús na paindéime

1,771 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,328 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

388 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 43 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,272,071 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,150,123 duine.

Maítear i dtaighde nua go dtosaíonn an chosaint a thugann dhá shnáthaid de vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Oxford/AstraZeneca ag lagú laistigh de shé mhí.

Mí tar éis do dhuine an dara snáthaid de vacsaín Pfizer a fháil, bíonn cosaint 88% ag duine in aghaidh an Covid-19. Bíonn an chosaint sin laghdaithe go 74% idir 5 agus 6 mhí ina dhiaidh sin.

Cosaint 77% in aghaidh an ghalair a bhíonn ag duine mí tar éis an dara prioc de vacsaín AstraZeneca a fháil. Bíonn an chosaint sin laghdaithe go 67% ceathair nó cúig mhí ina dhiaidh sin.

Rinneadh anailís ar thorthaí bhreis is 1.2 milliún tástáil agus duine sa taighde seo sa Bhreatain ar a dtugtar Staidéar Zoe.

 

Fág freagra ar '2,051 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'