20 comhartha go raibh tú óg nuair a tháinig Teilifís na Gaeilge ar an saol

TG4@20: Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine go raibh tú i mbláth d’óige nuair a tháinig Teilifís na Gaeilge ar an saol Oíche Shamhna 1996

TG4 at 20

1. Is cuimhin leat na focail ar fad d’amhrán aitheantais Bouli (Fear sneachta bán/hata ar a cheann/ Sin é Bouli…). Tuigeann tú leis nach Cigire na nGiuirléidí nó a leithéid an t-aistriúchán ceart ar Inspector Gadget, ach Gearóid Gaisce.

 


Babes TG4

2. Ag brath ar d’aois, do chlaonadh gnéis agus canúna, ba é an chéad Ghael a chuir tú dúil iontu ná Gráinne Seoige/Aoife Ní Thuairisg/Síle Ní Bhraonáin/Ailbhe Ó Monacháin/Dáithí Ó Sé/Dara Devaney.


Cleamhnas- Páidí Ó Lionáird

3. Bhí tú mar aoi ar chlár geandála de chuid TG4 – leithéid CleamhnasPaisean Faisean. Bhí ort ligean ort féin nach raibh aithne agat ar na haíonna eile cé go raibh beirt acu ar aon rang leat ar scoil.


Cuburn

4. Tá CU Burn feicthe os cionn 200 uair agat.


TV_static

5. Is cuimhin leat greimlíní Theilifís na Gaeilge a bhaineadh an stáisiún ar fad den aer gan choinne i dtús aimsire…


 

Cool man

6. Deireann tú ‘Cúlabúla’ fós ó am go chéile agus ní cuimhin leat an uair nach raibh an Ghaeilge ‘cúlabúla’ ar chor ar bith.


Láithreoirí aimsire 2016- Caitlín Nic Aoidh, Irial Ó Ceallaigh & Fiona Ní Fhlaithearta

7. Ní ar Pheig Sayers ar aimsir sa Daingean is túisce a chuimhníonn tú nuair a chuimhníonn tú ar ‘chailín aimsire’…


HectorHollywood

8. Nuair a bhí Hector i mbarr a réime, déarfá le teann magaidh ‘Meas mór ag dul amach duit!’, ach tuigeann tú anois nárbh aon chúis mhagaidh é.


real-madrid-1996-1997-21

9. A bhuíochas le Olé Olé, dá dtiocfadh sé chuige d’fhéadfá foireann Real Madrid a bhuaigh La Liga i 1996/97 a ainmniú. Seo leat! Illgner, Seedorf, Hierro, Redondo…


10 mbliana

10. Bhí gach duine muinteartha leat agus gach duine de do chairde ar an teilifís ar a laghad uair amháin. Go deimhin, bhí clár ag cuid mhaith acu, cláir nár mhaith le roinnt acu go ndéanfaí trácht ar bith orthu.


Old TV

11. Ní cuimhin leat an uair nach raibh de spóirt as Gaeilge ar an teilifís ach cluichí ceannais na mionúr.


landscape_superstars-1

12. B’arraing trí do chroí é nuair a fuair tú amach gur as an Danmhairg do Hiúdaí agus gur Hugo an t-ainm ceart a bhí air. Lig tú osna anuraidh nuair a chonaic tú ‘Hiúdaí’ ag díol cluiche ríomhaire i dteannta Cristiano Ronaldo.


smithwicks

13. Tugadh íde na muc agus na madraí do do dheartháir nuair a tháinig sé abhaile ón gclár siamsaíochta Síbín agus é ar deargmheisce. Bhí gaoth an fhocail faighte aige féin agus a chairde faoin Smithwicks saor in aisce don lucht féachana.


in-the-house_03

14. Is cuimhin leat nuair a deireadh do mham leat ‘Cuir air TnaG go bhfeicfimid céard atá acu’ agus an náire a bhíodh ort nuair ba bheirt ag bualadh craicinn ‘go healaíonta’ ar Le Film a bhíodh romhaibh.


Ros na Rún 2001.- Tadhg (MacDara Ó Fátharta, Vanessa (Sorcha Fox) & Seamús (Diarmuid Mac an Adhastair)

15. Ba iad Diarmuid Mac an Adhastair agus Macdara Ó Fátharta a mhúin duit conas eascaine Ghaelach a chur díot. Agus ní raibh locht ar bith ar Dheirdre Learmont mar mhúinteoir ach an oiread. For fliúc’s sake!


Cúla 4 - Aifric

16. Bhí tú mar extra ar Ros na RúnAifric ach faraor nach raibh aon Smithwicks ann. Bhí ‘scene’ agat le Tadhg/Aifric féin, áfach.


9790280_1

17. Bhí clár taistil agat tráth den saol, nó ar a laghad bhí smaoineamh agat le haghaidh clár taistil. (Ní foláir gur drochsmaoineamh ceart a bhí ann murar coimisiúnaíodh é.).


paparazzi_larger

18. Chráigh iriseoir ó Nuacht TG4 go poiblí thú ar a laghad 20 babhta éagsúil faoi vox pop a dhéanamh.


30RICHARDS1-master1050

19. Nuair a fheiceann tú an aois atá tagtha ar chuid de ‘réalta óga’ TG4, braitheann tú sean tú féin. Croitheann tú do cheann agus mearbhall ort nuair a fheiceann tú duine acu uait ag an Oireachtas. ‘Jesus, tá aois tagtha ar mo dhuine’. Tá agus orainn ar fad.


 

7BBC7F5C-75B2-4FDE-AD49-A47808ED56CB

20. Mura raibh tú ró-óg ar fad, is cuimhin leat an taom mórtais a bhuail Gaeil Oíche Shamhna 1996. Arbh in deoir i súil Dhaid?

Fág freagra ar '20 comhartha go raibh tú óg nuair a tháinig Teilifís na Gaeilge ar an saol'