19,290 cás nua den víreas fógartha, athruithe maidir le féinleithlisiú le plé ag an Rialtas

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

19,290 cás nua den víreas fógartha, athruithe maidir le féinleithlisiú le plé ag an Rialtas

19,290 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

1,062 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, duine amháin níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 92 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 3,420 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

440 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá an Rialtas chun na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i láthair na huaire a phlé amárach. Meastar go bhfuil moladh déanta ag Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, nach mbeidh ar ghartheagmhálaithe a bhfuil an teanndáileog faighte acu agus nach bhfuil aon siomptóm orthu féinleithlisiú a dhéanamh níos mó.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly ar Newstalk tráthnóna go mbeadh ar dhaoine tástálacha antaigine a dhéanamh go fóill.

Faoi láthair bíonn ar dhaoine a bhfuil an teanndáileog faighte acu ach atá ina ngartheagmhálaithe féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh cúig lá agus tástálacha antaigine a dhéanamh.

Ghearrfaí an tréimhse féinleithlisithe sin ó 10 lá go dtí seacht lá do dhaoine nach bhfuil an teanndáileog faighte acu.

Dúirt an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go bhféadfadh tíortha an tréimhse aonraithe a laghdú do dhaoine nach bhfuil aon chomharthaí sóirt den ghalar orthu agus a bhfuil toradh diúltach ar thástáil víris acu tar éis dóibh a bheith i dteagmháil le duine a raibh an víreas tolgtha aige. Dúirt siad áfach nach bhfuil an chomhairle sin bunaithe ar aon fhianaise.

Sa treoir is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ceadaíodh tréimhse aonraithe níos giorra d’oibrithe sa gcás go mbíonn an-bhrú ar chórais sláinte agus ar an tsochaí.

I gcás na fíorphráinne, moladh amháin a rinneadh go bhféadfadh oibrithe a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu masc ardéifeachtach a chaitheamh agus tástáil antaigine nó tástáil PCR a dhéanamh ar an gcúigiú lá ó bhíodar i dteagmháil leis an duine a raibh an víreas tolgtha aige.

Sa gcás go mbeadh an-bhrú go deo ar an gcóras sláinte, d’fhéadfadh oibrí ar gartheagmhálaí é tástáil a dhéanamh agus coraintín a dhéanamh go dtí go bhfaigheadh sé toradh diúltach ar thástáil antaigine nó PCR.

Agus é ag caint ar Newstalk inniu, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur mhaith leis féin na rialacha do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu a mhaolú agus dúirt go bpléifí an cás amárach.

“Caithfidh aon bheart sláinte phoiblí a chuirtear i bhfeidhm níos mó maitheasa ná aimhleasa a dhéanamh,” a dúirt sé “ach faoi láthair tá gnóthaí ag dúnadh cheal oibrithe atá sa mbaile ag aonrú gan aon chomharthaí sóirt toisc gur ghartheagmhálaithe iad.”

“Bheadh sé ciallmhar, dar liomsa, daoine a bhfuil teanndáileog faighte acu agus a bhfuil toradh diúltach antaigine acu a ligean ar ais ag obair,” a dúirt sé.

Dúirt an Tánaiste nach bhféadfaí na maidí a ligean le sruth ag an tráth seo cé go raibh an chuma ar Omicron nach raibh sé chomh dona leis na cinn eile.

Dúirt an Tánaiste go scaoilfí na srianta de réir a chéile nuair a bheadh an mhaidhm seo curtha dínn againn faoin gcéad mhí eile. “Níor mhaith liom go mbeadh an tríú samhradh againn in Éirinn agus na srianta is déine fós againn. Bhí sin cuí nuair nach raibh vacsaíní faighte ag daoine ach ní fhéadfaí glacadh leis an samhradh seo, dar liomsa.”

Dúirt an Tánaiste freisin go raibh an Rialtas ag obair ar mholadh go mbeidh saoire bhainc dhúbailte againn Lá Fhéile Pádraig agus saoire bhainc nua d’Fhéile Bríde ar an gcéad lá Feabhra 2023. Dúirt sé go raibh sé róluath cinneadh a dhéanamh go fóill ach gur lá a bheadh i Lá Fhéile Bríde le cuimhneamh orthu siúd a chuir an coróinvíreas den saol agus aitheantas a thabhairt do na hoibrithe ar an líne thosaigh.

Naoi lá saoire bhainc sa mbliain atá againn in Éirinn faoi láthair.

Dúirt Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ISSU) inniu nach bhféadfaí na scrúduithe stáit a reáchtáil ar an seanbhealach de bharr ar an gcur isteach mór atá déanta ag an Covid-19 ar an scolaíocht.

‘Neamhaird iomlán ar leas na ndaltaí’ atá sa gcinneadh leanúint ar aghaidh leis na scrúduithe traidisiúnta a dúirt an tAontas.

Faoi láthair tá socruithe déanta go mbeidh rogha níos fearr agus athruithe beaga eile ar na páipéir scrúduithe stáit i mbliana (2022) mar chúiteamh ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an gcóras oideachais le dhá bhliain.

Dúirt Emer Neville, uachtarán Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann:

“Níl aon bhealach gur féidir linne glacadh le measúnú traidisiúnta na hArdteistiméireachta ar dhaltaí i mbliana. Táimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais dearcadh na ndaltaí a chur san áireamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo faoi scrúduithe stáit 2022.”

Beidh dhá bhabhta scrúduithe Ardteiste ann an samhradh seo le freastal ar dhaltaí a bheadh ag leithlisiú nó a mbeidh an Covid orthu féin.

Fág freagra ar '19,290 cás nua den víreas fógartha, athruithe maidir le féinleithlisiú le plé ag an Rialtas'