1916-2016: Míorúilt na litearthachta agus na litríochta Gaeilge

Fíoradh ar fhís na réabhlóide cultúrtha a bheadh ann nach bhfágfaí an litríocht ar an bhfaraor géar agus go mbeadh brí leis an mbriathar chomh maith leis an mbeart

Fogra 1916 strapbook-933088_1920

Míorúilt a bhí sa litearthacht Ghaeilge i 1916 i bhfianaise bhearnú an traidisiúin ón 17ú haois, líon scáinteach na ndaoine a raibh inniúlacht acu ar léamh na Gaeilge agus laghad na dtéacsanna liteartha a chothódh pobal léitheoireachta. Míorúilt í fós i bhfianaise dhíothú na litríochta ar churaclam na meánscoileanna agus cliseadh na n-ollscoileanna aghaidh a thabhairt ar cheist chumas teanga a gcuid céimithe. Ní fadhbanna nua iad seo ach léiriú atá iontu ar dhul chun cinn agus cúlú in éineacht, céad bliain i ndiaidh 1916.

Coincheap leathan agus cúng atá sa litearthacht i dteanga ar bith, gan trácht ar theanga mhionlaithe. Acmhainn ar léamh agus scríobh is minic a thuigtear le litearthacht ach cuimsíonn tuiscintí reatha ar an litearthacht saothrú téacsúil, úsáid teanga agus réimsí feasachta ar leibhéil éagsúla. Bunchloch shiollabais a bhí sa litríocht riamh chomh fada agus a bhaineann sé le sealbhú teanga agus rinne eagarthóirí na n-irisí Gaeilge a gcion ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir ó thús na hathbheochana i leith. Aithnítear tábhacht na hiriseoireachta agus ról cinniúnach na dtréimhseachán mar fhoinse liteartha, áis foghlama agus arm intleachtúil san éirí amach cultúrtha.

Is minic a luaitear ceist úd Yeats i dtaobh threifideacht a chuid drámaíochta féin: ‘Did that play of mine send out certain men the English shot?’ Samhail choitianta í ar fud na hEorpa go dtagann an réabhlóid mhíleata ar shála na hathbheochana cultúrtha. Bhain teoiric an staraí Miroslav Hroch cáil ar leith amach, go mbíonn trí mhór-réim ghnímh le sonrú i gcásanna den chineál seo:

A – fiosrú, ransú agus scoláireacht ar cheisteanna cultúir agus teanga;

B – fairsingiú agus stocaireacht ar choincheap na heitniúlachta le rannpháirtíocht leathan pholaitiúil a mhealladh sa togra;

C – móramh an phobail páirteach i ngluaiseacht pholaitiúil agus shóisialta.

An amhlaidh gur chaith muid na claíocha sin go léir, gur glacadh le socruithe polaitiúla, sóisialta agus cultúrtha le bunú an tSaorstáit agus gur caitheadh ceist na teanga (agus na litríochta) sna fataí lofa?

Anailís éagórach í sin, b’fhéidir, ach is cinnte nach ndearnadh an dul chun cinn céanna i dtéarmaí sealbhaithe teanga agus a rinneadh in earnálacha intleachtúla eile. Bhíothas ag súil le míorúilt eile ón gcóras oideachais agus tá comharthaí beaga dóchais ann go bhfoilseofar polasaí fónta stáit a chuirfidh leis an oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i mbliana.

Mar sin féin, is fiú suntas a thabhairt don fheabhas atá ag teacht ar ghnóthachtáil acadúil sa nGaeilge de réir staidrimh bhliantúla Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Tá méadú 16% tagtha ar líon na n-iarrthóirí ardleibhéil san ardteistiméireacht idir 2013 (16665) agus 2015 (19460).

Cé nach bhfuil aon athrú suntasach tagtha ar dháileadh céatadánach na ngrádanna, d’éirigh le c.500 mac léinn breise grád A1 nó A2 sa bhliain 2015 le hais 2013. Toradh follasach é seo ar an meáchan leasaithe a cuireadh leis an scrúdú béil agus a moladh mar bheart treisithe don teanga labhartha.

Ach an malairt bhisigh atá sna torthaí seo i ndáiríre? Is fada ó d’aithin Walter Ong comharthaí sóirt an dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú ó chultúr béil go cultúr liteartha. Shaothraigh litríocht na Nua-Ghaeilge an deachma sin go daor. Próiseas chomh dúshlánach céanna é seo, creidim. An bhfuil glúin nua cainteoirí chugainn a bheidh taobh leis an teanga labhartha amháin mar mhodh féiniúlachta? An mbeidh deis ceilte orthu ar litríocht na Gaeilge ceal oiliúna foirmeálta? An mbeidh an litearthacht thraidisiúnta á seadú ag béalaireacht nua na ndúchasach digiteach?

Is carghas liom go mór géilleadh don fhaisean acadúil a bheith ag síorcheasacht ar chaighdeán ár gcuid mac léinn ach cheisteoinn cén toradh fadtréimhseach a bheidh ag an gcóras measúnaithe iar-bhunscoile ar chumas iomlán teanga agus acmhainn litearthachta na mac léinn céanna.

Tá sé sách ráite cheana féin go bhfuil an siollabas reatha litríochta Gaeilge san ardteistiméireacht mantach agus uireasach. Ar fhaitíos na míthuisceana, nílim ag áiteamh go bhfuil an tríú leibhéal saor. A mhalairt le bheith cóir. Bailítear staidrimh faoin dara leibhéal ar a laghad ar bith agus, dá achrannaí iad na hathruithe siollabais, tá fianaise áirithe ann ar mhianaidhm agus leasuithe córasúla.

Ó thaobh na litríochta féin, céard is féidir a rá? Cuireadh bonn láidir daingean faoi thraidisiún nua-aoiseach cumadóireachta. Forbraíodh líon mór scríbhneoirí nua agus pobal oilte léitheoireachta. Rinne glac beag foilsitheoirí éacht agus gaisce i dtéarmaí eagarthóireachta, táirgíochta agus aeistéitice. Ní call ach breathnú ar dhá fhoilseachán shamplacha ó lár an chéid seo caite le léargas a fháil ar an tábhacht a samhlaíodh leis an nualitríocht don náisiún agus don phobal teanga. Foilsíodh leabhar a raibh nuafhilíocht agus gearrscéalta nua ann le Dónall Mac Amhlaigh, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Leocháin, Micheál Ó hOdhráin agus Seán Ó Ríordáin. An tOllamh Breandán S. Mac Aodha, nach maireann, a chuir in eagar agus tugadh Cnuasach 1966 air. Buaic an nua-aoiseachais déarfá leat féin.

Sáirséal agus Dill a chuir amach Nuascéalaíocht i 1952, bailiúchán gearrscéalta le mórúdair fearacht Liam Uí Fhlaitheartaigh, Frank O’Connor, Máirtín Ó Cadhain agus Máire Mhac an tSaoi. Teist ar bhisiúlacht na linne go raibh scéalta ann le scríbhneoirí eile, leithéidí Chriostóir Mhic Aonghusa, Tomás Ó Floinn, Séamus Ó Néill, Micheál Ó Sé, Seosamh Ó Duibhginn, Annraoi Ó Liatháin, Séamas Ó Mainnín, Tarlach Ó hUid, Donchadh Ó Céileachair, Pádraig Ó Conchubhair, Colmán Ó hUallacháin agus Síle Ní Chéileachair.  Is cuma mura bhfuil trácht chomh minic sin ar chuid de na scríbhneoirí ar an aimsir seo: léargas é ar chultúr folláin liteartha, go raibh sárscríbhneoireacht ar bun idir 1940-1950 agus pobal léitheoirí ann faoina comhair.

Ní raibh easpa dúshláin ann le céad bliain anuas ach oiread: caint na ndaoine, scéimeanna aistriúcháin, ceist an chló, ceal foclóirí, éagsúlacht chanúnach agus ceist an chaighdeáin. Sa réamhrá le Nuascéalaíocht, aithníonn an tOllamh Tomás de Bhaldraithe, nach maireann, cás na scríbhneoirí seo go mba ‘gobán plúchta ina mbéal ceangal seo na canúna’ a bunaíodh ar ‘theagasc liteartha’ Risteaird de Hindeberg agus an tAthair Peadar Ó Laoire faoi chaint na ndaoine.

Ó chuir an Piarsach sean-Mhaitias ina shuí le hais an dorais, tig linn a mhaíomh inniu ar chuma ar bith go bpléann an chuid is fearr den scríbhneoireacht chomhaimseartha le ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus teanga ar shlí chruthaitheach, shofaisticiúil, ealaíonta.

Ní hionann cúlra, cur chuige ná stíl na scríbhneoirí a bhfuil ábhar foilsithe leo le deich mbliana anuas nó mar sin. Tá filíocht agus prós den scoth á scríobh ag Pádraig Ó Siadhail, Orna Ní Choileáin, Tomás Mac Síomóin, Anna Heussaff, Liam Mac Cóil, Aifric Mac Aodha, Alex Hijmans agus Éilís Ní Dhuibhne gan ach roinnt bheag scríbhneoirí a lua. Ní fiú is go bhfuil cónaí ar chuid acu in Éirinn ach má chloítear le ceantar Gaeltachta amháin – Conamara, mar shampla – feictear cén borradh atá faoin gcumadóireacht chomhaimseartha ar an bhfód dúchais le bliain nó dhó freisin.

Cuireadh saothair amach san achar sin le Máire Uí Ráinne, Jackie Mac Donncha, Darach Ó Scolaí, Mícheál Ó Conghaile, Rónán Mac Con Iomaire, Joe Steve Ó Neachtain, Labhrás Ó Finneadha, Beairtle Ó Conaire agus Pádraic Breathnach.

Litríocht do dhaoine fásta, san uile chiall den téarma sin, na saothair seo ach tá Futa Fata, Móinín agus foilsitheoirí eile tar éis litríocht ar ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí chomh maith céanna. Is furasta tarraingt ar théad an duaircis ach is léir nach ann don tost fós.

Cailleadh Benedict Anderson i mí na Nollag 2015, ba smaointeoir agus scoláire ar cheisteanna féiniúlachta é. Is é a chum téarma an tsamhailphobail mar léiriú praiticiúil ar choincheap an náisiúin a sháraíonn constaicí limistéaracha agus teorainneacha achrannacha.

Áiteamh tarraingteach é i bhfianaise chomhdhéanamh agus scaipeadh phobal na Gaeilge go háirithe. Tráchtann Anderson freisin ar chaipitleachas an chló agus an ról atá ag an bhfoilsitheoireacht i bhforbairt na féiniúlachta náisiúnaí. Sílim go bhfuil stór saibhris cruthaithe againn agus go bhfuil sé in am cistíocht a dhéanamh ar acmhainn luachmhar na litearthachta. Fíoradh ar fhís na réabhlóide cultúrtha a bheadh ann nach bhfágfaí an litríocht ar an bhfaraor géar agus go mbeadh brí leis an mbriathar chomh maith leis an mbeart. Céad bliain i ndiaidh 1916, bogaimis amach ón réim mhíorúilteach.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar '1916-2016: Míorúilt na litearthachta agus na litríochta Gaeilge'