1,861 cás nua fógartha, 244 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

1,963 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,861 cás nua fógartha, 244 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 1,861 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Breis is 12,000 cás ar fad atá deimhnithe le seachtain anuas.

244 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 52 acusan in aonad dianchúraim.

Gheall an tAire Gnóthaí Eachtracha inniu go bhfoilseodh an Rialtas “plean soiléir” ag deireadh na míosa seo faoi mhaolú na srianta atá fós i bhfeidhm sa tír.

Bhí cruinniú ar líne ag ionadaithe ó earnáil na siamsaíochta agus na n-imeachtaí ceoil leis an Aire Catherine Martin inné ach “an-díomách” a fágadh iad toisc nár gealladh dáta cinnte dóibh faoina mbeadh cead imeachtaí a reáchtáil arís.

Scoileanna agus coláistí “a athoscailt go slán sábháilte” an gad is gaire do scornach an Rialtais, a deir an tAire Coveney agus dúirt sé go mbeadh cruinniú ag Coiste Covid-19 an Rialtais leis an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) chun an chéad chéim eile a phlé.

Tá urlabhraithe d’earnáil an fháilteachais iad féin ag éileamh go dtabharfaí dáta cinnte dóibh faoina mbeadh cead acu a ngnóthaí a rith ar an tseanslí. Teastaíonn ón earnáil an pas Covid a chaitheamh in aer freisin i dtithe bia agus dí mar go bhfuil iomarca oibrithe ag teastáil lena reáchtáil.

Tá fostóirí ag casaoid go bhfágann an dlí maidir le cosaint sonraí, nach féidir le fostóir eolas faoi vacsaíniú na foirne a fháil, dris chosáin eile rompu ina n-iarracht fostaithe a thabhairt ar ais chun a n-oifigí.

1,963 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,278 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

379 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 46 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,256,779 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,132,946 duine

Fág freagra ar '1,861 cás nua fógartha, 244 othar buailte ag an víreas sna hospidéil'

  • Antóin

    Ní hionann 1,861 chás agus 1,861 duine atá tinn. Bhí an tástáil PCR lochtach anuraidh agus tá sí fós lochtach.
    244 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 52 acusan in aonad dianchúraim a deirtear linn. Ach ní thugtar aon eolas dúinn faoi aois na ndaoine sin ná faoin bhfáth ar tógadh isteach san ospidéal iad.