Os cionn 180 beart atá sa Phlean nua cúig bliana don Ghaeilge a réitigh Roinn na Gaeltachta agus atá á sheoladh inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta in Amharclann Ghaoth Dobhair.
Tá 60 dream luaite le gealltanais an Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar ghlac an Rialtas leis an tseachtain seo.
Deirtear sa phlean féin go mbeidh sé “lárnach agus ríthábhachtach, ní hamháin ó thaobh cuspóirí sonracha na Straitéise a bhaint amach, ach ó thaobh inmharthanacht na Gaeilge féin”.
Beidh, a deirtear, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta “le hathbheocht agus dúthracht as an nua”.
Tugtar léargas sa phlean ar a bhfuil déanta agus á dhéanamh cheana féin faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus leagtar amach na bearta a thabharfar tús áite dóibh as seo go ceann cúig bliana.
I measc na mbeart nua sa phlean gealltar go ndéanfar taighde an bhliain seo chugainn ar conas a d’fhéadfaí an páirt-tumadh a thabhairt isteach i scoileanna na tíre, is é sin go mbeadh deis ag daltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge.
Gealltar go gcuirfear tús ar bhonn píolótach idir 2019-2021 i roinnt scoileanna leis an gClár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha.
Mar a tuairiscíodh anseo cheana, tá gealltanas tugtha sa phlean nua chomh maith go dtabharfar isteach plean cuimsitheach náisiúnta don luathoideachas Gaeilge.
Chuige sin, cruthófar dhá phost Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) chun forbairt a dhéanamh ar an soláthar luathoideachais i nGaeilge ar fud an stáit. Beidh duine amháin den bheirt a fhostófar sa Roinn Leanaí freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorbairt an luathoideachais trí mheán na Gaeilge i naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus beidh an duine eile ag cur comhairle ar naíonraí sin maidir leis an tSeirbhís Forbartha agus Tacaíochta Caighdeáin, Tús Níos Fearr.
Gealltar go gcuirfear tacaíocht agus acmhainní nua ar fáil do naíonraí chun seirbhís luathoideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Féachfar chomh maith ar chúrsaí oiliúna cúram leanaí i nGaeilge a fhorbairt ó leibhéal 5 go dtí leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) agus ar “mhodúil i sealbhú agus saibhriú teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn sna seirbhísí luathoideachais”.
Gealltar chomh maith go mbunófar ciste nua an bhliain seo chugainn chun “spreagadh agus tacaíocht” a thabhairt do theaghlaigh ina bhfuil páistí sa chóras gaeloideachais an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile.
Fógraíodh cheana féin go mbeifí ag cur maoiniú breise ar fáil faoin bplean nua do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus do Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
I réimse na reachtaíochta teanga gealltar go ndéanfar taighde a choimisiúnú ar mhaithe le plean a ullmhú d’earcú cainteoirí Gaeilge sa státseirbhís agus do sholáthar seirbhísí as Gaeilge. Bainfear úsáid as torthaí an taighde seo, a deirtear, chun Córas na gCaighdeán Teanga a chur i bhfeidhm, an córas nua atá á thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teangas.
Tá roinnt gealltanas tugtha sa phlean ag Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i dtaobh seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Déanfar iarracht, a deirtear, chun daoine le Gaeilge líofa a mhealladh i dtreo gairmeacha sláinte as seo go ceann cúig bliana. Chuige sin tacóidh an HSE le Scéim Scoláireachtaí Leighis, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta agus rachfar i gcomhar le hinstitiúidí oideachais tríú leibhéal chun oiliúint a chur ar dhaoine maidir le cúram a dhéanamh d’othair as Gaeilge i réimse an leighis, na fisiteiripe agus na teiripe urlabhra agus teanga.
Bunófar Coiste Stiúrtha chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022.
Fág freagra ar '180 beart i bplean gníomhaíochta nua an Rialtais don Ghaeilge'