‘Tá muid ag fás, ach beidh muid chomh dílis dár bpobal is a bhí riamh’ – fáilte curtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh mhaoiniú €1 milliún

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur chéim mhór chun tosaigh a bhí sa bhfógra a bheadh ar leas na pleanála teanga agus na dteaghlach óg Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge

‘Tá muid ag fás, ach beidh muid chomh dílis dár bpobal is a bhí riamh’ – fáilte curtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh mhaoiniú €1 milliún

Tá deontas €1,027,613 as seo go ceann trí bliana ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Méadú mór é seo ar an maoiniú a fhaigheann an eagraíocht Ghaeltachta, a bhíodh i dtaobh le thart ar €40,000 in aghaidh na bliana roimhe seo, agus aitheantas é don obair atá déanta ag an ngrúpa i measc teaghlach Gaeltachta ó bunaíodh é ar bhonn deonach in 2011.

Agus an deontas á fhógairt aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcuirfeadh an maoiniú “ar chumas na heagraíochta leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a sholáthraíonn siad do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mian leo sin a dhéanamh, agus go háirithe chun freastal ar na riachtanais a thagann chun cinn i gceantair phleanála teanga Ghaeltachta”.

Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta gur “gluaiseacht phobail a d’fhás ón mbonn aníos” a bhí san eagraíocht agus gurb iad na teaghlaigh Ghaeltachta “bun agus barr na pleanála teanga”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh “an-ríméad” ar lucht na heagraíochta faoi fhógra an Aire Stáit.

“Beidh earnáil iomlán nua á cruthú sa nGaeltacht agus sa gcóras tacaíochta stáit a chuirtear ar fáil di mar gheall ar an maoiniú seo ach tá Tuismitheoirí na Gaeltachta sásta bualadh faoi leis an bhfuinneamh agus an misneach céanna atá léirithe againn ón tús.

“Tá súil againn leanacht leis na himeachtaí, na hócáidí agus na seirbhísí atá ar bun faoi láthair agus i measc an méid atá curtha romhainn againn, beidh forbairtí móra á ndéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teaghlaigh a bheidh faoinár gcúram feasta agus súil againn seirbhísí nua a chur ar fáil do lánúineacha a bheadh ag súil le breith.”

Dúirt an t-urlabhraí gur fréamhaithe sa phobal as ar fáisceadh é a bheadh Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcónaí.

“Tá muid ag fás, cosúil le chuile ghasúr beo, ach beidh muid chomh dílis dár bpobal is a bhí muid riamh. Tuismitheoirí na Gaeltachta – is muide an chéad ghlúin eile!”

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go gceadódh an maoiniú don eagraíocht Ghaeltachta sé phost a chruthú chun a gclár tacaíochta a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus an tseirbhís a chuireann siad ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thír Chonaill cheana féin “a fhorbairt tuilleadh agus freastal ar an éileamh i gceantair Ghaeltachta eile”.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go mbeadh  Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh Roinn na Gaeltachta, scéim a bunaíodh in 2012, á riar ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ó 2019.

Dúirt an tAire Stáit gur “chéim mhór chun tosaigh” a bhí sa bhfógra a bheadh ar leas “theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo sin a dhéanamh”.

Idir an dá linn, d’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton ag an deireadh seachtaine go raibh maoiniú agus acmhainní breise á chur ar fáil do scoileanna na n-oileán Gaeltachta.

€15,000 breise do gach scoil agus acmhainní teagaisc breise atá sa phacáiste, a d’fhógair an tAire. Mar chuid den phacáiste tacaíochta méadófar leithdháileadh na múinteoirí sna scoileanna ar na hoileáin Ghaeltachta ó 1 go dtí 1.5 ó Mheán Fómhair seo chugainn.

“Táim ríthuisceanach faoin dtimpeallacht dhúshlánach ina mbíonn iar-bhunscoileanna na n-oileán ag feidhmiú, agus seo í an chúis, mar chuid dár bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, go bhfuil acmhainní breise á soláthar againn do na scoileanna seo mar thaca chun freastal ar na cúinsí uathúla atá acu,” a dúirt an tAire Richard Bruton.

Fógraíodh chomh maith go mbeadh Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin ina scoil neamhpleách feasta. Roimhe seo bhí Coláiste Naomh Eoin ina Aonad Teanga faoi scáth Cholásite Cholmcille, Indreabhán.

Fág freagra ar '‘Tá muid ag fás, ach beidh muid chomh dílis dár bpobal is a bhí riamh’ – fáilte curtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh mhaoiniú €1 milliún'

  • Sorcha

    Seo dea-scéala cinnte. Néal áthais i spéir a bhíonn sách scamallach dubhach go minic. Go ngealadh sí tuilleadh dóibh agus daoibh.