18 post nua i Lucsamburg fógartha do Ghaeilgeoirí 

Ní gá d’iarrthóirí ach dhá theanga a bheith acu, an Ghaeilge agus an Béarla nó an Fhraincis chun cur isteach ar na postanna is déanaí do Ghaeilgeoirí san AE

18 post nua i Lucsamburg fógartha do Ghaeilgeoirí 

Tá comórtas oscailte seolta ag an AE do 18 post nua i Lucsamburg do Ghaeilgeoirí. 

Profléitheoirí a bhfuil Gaeilge acu atá á lorg do na postanna.

Tá an comórtas á eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) agus na daoine a n-éiríonn leo cuirfear iad ar phainéil as a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais, den chuid is mó, daoine a earcú mar “profléitheoirí/eagarthóirí teanga”.

Ní gá d’iarrthóirí ach dhá theanga a bheith acu, an Ghaeilge agus an Béarla nó an Fhraincis. Bíonn trí theanga ag teastáil chun post a fháil mar aistritheoir sa gCoimisiún Eorpach.

I gcás na bpost seo, ní mór ardchumas Gaeilge (leibhéal C2 i dtéarmaí na hEorpa) a bheith ag duine agus eolas sásúil (leibhéal B2) ar a laghad ar an teanga eile.

Ós rud é go mbaineann na poist le Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais, iarrtar gurb é an Béarla nó an Fhraincis an dara teanga a bheadh ag duine mar gurb iad na teangacha sin is mó a bhíonn in úsáid sna hinstitiúidí sin.

I measc na ndualgas atá luaite leis na poist tá téacsanna a phrofléamh; cáilíocht na hoibre a rinne conraitheoirí a sheiceáil; monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus athruithe teanga; agus doiciméid na hinstitiúide a ullmhú lena bhfoilsiú.

Tá na poist Ghaeilge i measc beagnach 100 post nua atá á bhfógairt agus tá profléitheoirí a bhfuil Gréigis, Spáinnis, Eastóinis, Iodáilis agus Portaingéilis acu á lorg chomh maith.

Iarrtar ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO faoin 23 Márta 2021 ar 11.00am (meán lae sa Bhruiséil).

Fág freagra ar '18 post nua i Lucsamburg fógartha do Ghaeilgeoirí '

  • Seán Mag Leannáin

    Is jóc ceart é seo – jóc Éireannach… Irish joke! Níos mó poist le Gaeilge riachtanach i státseirbhís an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg ná i státseirbhís na hÉireann. Féach an t-alt thíos a bhí i dTuairisc mí ó shin. Mar a deir lucht an ghrinn, ní fhéadfá é a chumadh!

    “Is iad na ranna nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”

    [Samhlaigh é: cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí – an Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – ach níl oiread agus post amháin sa roinn, a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh!]

    “Tá formhór mór na bpost ‘Gaeilge’ sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán. Tá 67 post a bhfuil riachtanas Gaeilge leo sa roinn sin agus tá 38 acu sin lonnaithe in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.

    Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post eile a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.”

    https://tuairisc.ie/seisear-airi-rialtais-ag-maiomh-nach-bhfuil-fiu-post-amhain-ina-ranna-ar-ga-gaeilge-a-bheith-ag-duine-lena-dheanamh/