1,508 cás nua deimhnithe, 206 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil 

1,305 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis 

1,508 cás nua deimhnithe, 206 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil 

Tá 1,508 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

206 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 33 acusan in aonad dianchúraim.

1,305 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,230 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

311 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,240,811 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,094,987 duine.

Léirigh figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu go raibh an dá shnáthaid faighte ag duine as cúigear, nó idir 18 agus 21%, de na daoine a tholg an víreas le laethanta beaga anuas. Tá an sciar sin ag teacht le fianaise ó thíortha eile agus formhór na ndaoine sin, ní bhuaileann an Covid-19 go dona iad.

Bun Cranncha an áit is measa sa tír atá buailte ag an víreas ach tá an-lear cásanna deimhnithe freisin i gCaisleán an Bharraigh, Gaillimh, Corcaigh agus Trá Lí.

Fág freagra ar '1,508 cás nua deimhnithe, 206 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil '