15 duine eile le Covid-19 básaithe, ach an líon is lú cásanna le dhá mhí fógartha

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil os cionn 2,000 duine básaithe in Éirinn ó thús ráig an Covid-19, 1,533 duine ó dheas den teorainn agus 473 ó thuaidh di

15 duine eile le Covid-19 básaithe, ach an líon is lú cásanna le dhá mhí fógartha

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil os cionn 2,000 duine básaithe in Éirinn ó thús ráig an Covid-19.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 15 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus deimhníodh 92 cás nua den ghalar, an líon is lú cásanna nua a fógraíodh aon lá ó lár mhí an Mhárta.

2,006 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,533 duine ó dheas den teorainn agus 473 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh ceathrar duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

92 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 28,405 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,048 cás ó dheas den teorainn agus 4,357 cás ó thuaidh di.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur deimhniú a bhí i  líon íseal na gcásanna a fógraíodh inniu go raibh na nósannna nua maidir leis an sláinteachas agus an scoitheadh sóisialta foghlamtha go maith againn.

Sheasfadh an méid sin linn agus tús á chur le scaoileadh na srianta dianghlasála, ar sé.

De réir na bhfigiúirí is déanaí Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra), is mó go mór líon na marbh 473 duine.

599 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 8 Bealtaine. Básanna san ospidéal den chuid is mó a chuireann an Roinn Sláinte ó thuaidh san áireamh ina gcuid figiúirí.

56 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas ar maidin, an líon is lú daoine in ICU aon lá ó tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta. Bhí 17 eile in ICU a mheastar Covid-19 a bheith orthu. 160 duine a bhí sna haonaid dianchúraim an lá ba mhó a bhí brú ar an gcóras de bharr na paindéime.

Tháinig laghdú 8.5% ar líon na ndaoine a cuireadh san ospidéal idir Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo agus 1,137 leaba a bhí folamh. 155 leaba ICU folamh a bhí ann.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) go mbeadh idir 5-7 lá ar a laghad ann sula bhfeicfí cén lorg a d’fhágfadh an cinneadh tús a chur le scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna nua.

D’fhógair an Taoiseach inné gur féidir tús a chur Dé Luain le scaoileadh na srianta dianghlasála, mar atá beartaithe i bplean díchuibhrithe an Rialtais.

Dúirt an Taoiseach inné go raibh dul chun cinn déanta maidir leis an víreas a choimeád faoi chois ach gur “cúis dóchais” seachas “cúis cheiliúrtha” a bhí sa bhfógra go bhfuil sé sábháilte tús a chur le scaoileadh na srianta tar éis 50 lá den dianghlasáil.

Chaithfí a bheith “an-chúramach go deo” go fóill, ar sé, agus bhí an baol ann i gcónaí gur ar gcúl a rachaimid.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine fanacht sa bhaile agus tá an cosc ar thaisteal níos mó ná 5km ón teach fós i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine cloí le cúig riail.

Caithfidh daoine fanacht sa mbaile ach amháin sna cúig chás seo, a dúirt sé:

  1. Dul chun na hoibre mura bhfuil tú in ann oibriú ón mbaile agus má tá an t-ionad oibre ar oscailt. 2. Siopadóireacht d’earraí atá riachtanach. 3. Aclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km ón mbaile. 4. Freastal ar riachtanais sláinte nó cúram a dhéanamh de dhuine eile. 5. Bualadh le cairde nó baill teaghlaigh lasmuigh i ngrúpaí nach mbeidh níos mó ná ceathrar iontu.

Fág freagra ar '15 duine eile le Covid-19 básaithe, ach an líon is lú cásanna le dhá mhí fógartha'