15 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ‘dóchas’ ann go bhfuiltear ar an mbóthar ceart maidir le scaoileadh srianta

1,905 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,467 duine ó dheas den teorainn agus 438 ó thuaidh di

15 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ‘dóchas’ ann go bhfuiltear ar an mbóthar ceart maidir le scaoileadh srianta

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 15 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,905 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,467 duine ó dheas den teorainn agus 438 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

Seisear ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. Baineadh 55 cás deimhnithe de líon iomlán na gcásanna deimhnithe chomh maith.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna gurb é a bhí sé ag súil leis ná go mbeifí ag cur comhairle ar an rialtas go bhféadfaí tosú ar scaoileadh na srianta dianghlasála seachtain ón lá inniu mar atá beartaithe.

Dúirt sé chomh maith áfach gur údar imní é go léiríonn suirbhé nua go bhfuil 43% den phobal den tuairim go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn. Dá rachfaí amú anois d’fhéadfadh dúshlán chomh mór céanna a bheith romhainn arís is a bhí le dhá mhí anuas, a dúirt Holohan.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 137 cás nua den ghalar ann, rud a fhágann gur 27,284 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,135 cás ó dheas agus 4,149 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 920 den 1,467 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 798 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

Oibrithe sláinte atá i gceist le thart ar 30% de na cásanna den choróinvíreas.

71 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin an líon is lú daoine aon lá ó tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta.

Tá 19 othar le Covid-19 sna haonaid dianchúraim sa Tuaisceart, i gcomparáid le 27 duine inné. 33 leaba ICU atá folamh.

Dúirt an tAire Gnó Heather Humphreys tráthnóna gur léirigh na figiúirí maidir le scaipeadh an víris le seachtain anuas go raibh ag éirí leis an iarracht “an cuar a chothromú”.

Dúirt sí dá leanfadh an patrún mar atá go bhféadfaí gnóthaí a athoscailt “fiú níos sciobtha” ná mar atá beartaithe i bplean an Rialtais chun na srianta dianghlasála a scaoileadh de réir a chéile. Dúirt sí áfach dá rachadh rudaí in olcas arís go gcaithfí srianta a thabhairt isteach athuair.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 438.

516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine. 383 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 22,894 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,998 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 383 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,834 cás, nó 30%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,175 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,331 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,232 cás, nó 5%
  • 392 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 303 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 472 cás bhí i nDún na nGall (2.1%), 143 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 760 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 61% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 36% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%.

Fág freagra ar '15 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ‘dóchas’ ann go bhfuiltear ar an mbóthar ceart maidir le scaoileadh srianta'