144 bliain níos déanaí agus táthar ag teacht i gcónaí chun na scríne i gCnoc Mhuire

Nuair a dúirt beirt bhan go bhfaca siad an Mhaighdean Mhuire ar bhinn an tséipéil i gCnoc Mhuire, scaip an scéal de léim agus tharraing tuilleadh daoine ar bhinn an tséipéil

144 bliain níos déanaí agus táthar ag teacht i gcónaí chun na scríne i gCnoc Mhuire

Tá an nóibhéine mhór bhliantúil ar siúl i gCnoc Mhuire i gcontae Mhaigh Eo faoi láthair. Tá sé 144 bliain ó shin an mhí seo ó dúradh go raibh an Mhaighdean Mhuire le feiceáil ann.

Níl laghdú ar bith ar a bhfuil de dhaoine ag teacht ar oilithreacht chun na scríne ansin i gcónaí.

An-drochbhliain a bhí sa mbliain 1879. Bhí an dúchan tagtha ar na fataí aríst agus an dara gorta mór ag bagairt.

Beirt bhan a dúirt ar dtús go bhfaca siad an Mhaighdean Mhuire ar bhinn an tséipéil. Bhí duine acu ina bean tí ag sagart paróiste na háite, an t-ard-deagánach Caomhánach.

Dúirt siad go raibh Muire le feiceáil in éineacht le Naomh Seosamh agus le Naomh Eoin, an Soiscéalaí.

Scaip an scéal de léim agus tharraing tuilleadh daoine ar bhinn an tséipéil.

Mhionnaigh cúig dhuine dhéag a ceistíodh ina dhiaidh sin go bhfaca siadsan an mhíorúilt, más míorúilt a bhí inti.

Mí Dheireadh Fómhair dár gcionn chuir Ardeaspag Thuama Seán Mac Éil fiosrúchán ar bun. D’ainmnigh sé triúr sagart paróiste agus seisear séiplíneach ar an gcoiste a chuaigh i mbun oibre.

Ceistíodh go dlúth an dream a dúirt go bhfaca siad an t-iontas mór. Ba é an breithiúnas a thug an coiste orthu go raibh siad “iontaofa agus sásúil”.

Chaithfeadh sé gur i nGaeilge a tugadh cuid mhaith den fhianaise mar bhí an Ghaeilge go láidir i gCnoc Mhuire ag an am. Go deimhin ní raibh smid ar bith Béarla ag duine de na finnéithe.

Maidir le míniú nádúrtha a bheith ar an taispeánadh ní raibh glacadh ar bith ag an gcoiste leis sin. Dúirt siad freisin nach raibh aon chruthú ann gur dallamullóg a bhí duine, nó daoine, ag iarraidh a chur.

Mhínigh duine de na finnéithe gur aithin sí an Mhaighdean Mhuire ó dhealbh a bhí sa séipéal i Leic Ainimhe in aice le Cathair na Mart. Shíl sí i dtosach, a dúirt sí, gur dealbh a bhí ann a fuair an sagart paróiste as Baile Átha Cliath ach nár dhúirt sé rud ar bith faoi.

Chuaigh sí féin chuig an sagart paróiste gur inis sí dhó céard a bhí feicthe aici. Ba bheag aird a thug sé uirthi i dtosach.

Níorbh fhada gur thosaigh míorúiltí á ndéanamh i gCnoc Mhuire. Tháinig caint do bhalbhán gan mórán achair agus dúirt an sagart paróiste gur leigheasadh 637 duine taobh istigh de bhliain.

An dream nár chreid gur míorúilt a bhí sa taispeánadh ar chor ar bith dúirt siad gurbh aisteach an ní nár chorraigh agus nár labhair an Mhaighdean Mhuire.

Dúirt duine acu go raibh constábla ar dualgas i gCnoc Mhuire ag an am agus go raibh lóchrann draíochta aige. Eisean a chaith na scáilí ar bhinn an tséipéil de réir na teoirice seo.

Bíodh an scéal fíor nó bréagach is iontach an brabach atá muintir Chnoc Mhuire a dhéanamh air i gcónaí.

An gcreideann tú gur míorúilt a bhí ann, a d’fhiafraigh mé d’fhear as Cnoc Mhuire an lá faoi dheireadh.

Ní chreideann, a dúirt sé, ach tá stainnín ag mo mhuintir i gCnoc Mhuire agus iad ag díol paidríní, dealbha beannaithe agus mar sin de.

Fág freagra ar '144 bliain níos déanaí agus táthar ag teacht i gcónaí chun na scríne i gCnoc Mhuire'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Is é an chaoi is fearr gan a bheith ró-chinnte.’