12 saothar Gaeilge in iomaíocht do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2018 atá ag tosú inniu sa Bhreatain Bheag

Is ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach a thugann ardán agus aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna tíortha Ceilteacha

12 saothar Gaeilge in iomaíocht do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2018 atá ag tosú inniu sa Bhreatain Bheag

Tá 12 saothar Gaeilge a craoladh ar an teilifís, ar raidió nó ar líne le bliain anuas san iomaíocht do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2018, a chuirfear tús léi inniu i Llanelli na Breataine Bige.

Is ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach a thugann ardán agus aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna tíortha Ceilteacha; Éire, Albain, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin.

Tá scéalta Gaeltachta go mór sa treis i measc na gclár a fuair ainmniúchán ar ghearrliosta na bliana seo.

Is sa rannóg ‘scannán faisnéise staire’ atá ainmniúchán faighte ag an dráma faisnéise, Murdair Mhám Trasna.

Sa scannán seo, atá bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, insítear scéal Mhaolra Seoighe agus na ndúnmharuithe a tharla i Mám Trasna os cionn 130 bliain ó shin.

Is é an comhlacht léirithe ROSG, a léirigh an scannán seo a thuill ardmholadh nuair a taispeánadh den chéad uair é ag Oireachtas na Samhna 2017.

Rocky Ros Muc, a léirigh an comhlacht Feirsteach Below the Radar, atá ainmnithe don chlár faisnéise spóirt.

Scéal an dornálaí, Seán Ó Mainnín, atá faoi chaibidil i Rocky Ros Muc, agus é bunaithe ar a bheathaisnéis a scríobh Rónán Mac Con Iomaire. Bhuaigh an scannán seo gradaim cheana ag Féile na Scannán Éireannach i mBostún agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Song of Granite, fadscannán faoin amhránaí aitheanta ar an sean-nós as Carna, Conamara Joe Éinniú agus An Béal Bocht, scannán beochana atá bunaithe ar an leabhar cáiliúil le Myles na gCopaleen ainmnithe chomh maith sna rannóga ‘Na hEalaíona’ agus ‘Beochan’.

I measc na saothar Gaeilge eile a bhfuil ainmniúcháin faighte acu, tá Éire Fhiáin, sraith faoi fhiadhúlra na hÉireann, le Crossing the Line Films, a bhuaigh Gradam an Oireachtais don chlár Gaeilge is fearr agus Port, sraith ceoil le Red Shoe Productions, atá curtha i láthair ag na hamhránaithe Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh.

Tá an clár irise de chuid Raidió na Gaeltachta Barrscéalta, a chraoltar ó stiúideo na nDoirí Beaga i nDún na nGall agus Seo an Saol, clár cainte do dhaoine óga de chuid BBC Gaeilge, in iomaíocht lena chéile sa rannóg ‘Clár Irise’.

Ainmníodh Fear as Dobhar, clár raidió eile de chuid Raidió na Gaeltachta, don ghradam don chlár faisnéise raidió is fearr.

Dónall Mac Ruairí, a scríobh agus a léirigh an clár seo faoi shaol Phádraig Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa ceoil Clannad agus tá Raidió Fáilte, an stáisiún Gaeilge i mBéal Feirste, san iomaíocht don ghradam do Stáisiún Raidió na Bliana.

Random Acts as Gaeilge, sraith físeáin a craoladh ar shuíomh RTÉ le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana, ainmnithe do dhuais fiontraíochta Kieran Hegarty.

Fógrófar buaiteoirí sna rannóga ‘Cúrsaí Reatha’, ‘Cláir do pháistí’, ‘Clár faisnéise spóirt’, ‘Siamsaíocht’ agus ‘Beochan’ tráthnóna inniu tar éis oscailt oifigiúil na féile.

Beidh na buaiteoirí eile á bhfógairt amárach agus ar an Aoine.

Fág freagra ar '12 saothar Gaeilge in iomaíocht do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2018 atá ag tosú inniu sa Bhreatain Bheag'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Áth mór leis na Gaeil ag an bhFéile, tá na saothair luaite thuas ar fheabhas ar fad agus beidh seans maith ag cuid acu gradam nó dhó a thabhairt abhaile. Deis freisin cuir i gcuimhne dos na Ceilt uilig go dtionólfar an Comhdháil Cheilteach i mbliana i Quimper sa Bhriotáin idir 16ú agus 22ú Iúil, 2018. Sé téama na bliana seo ná “What does Social Media contribute to the
    revival and or survival of Celtic languages”? – Beidh seachtain iontach le ceol, craic agus caint lenár muintir Ceilteacha. Eolas ar an suíomh idirlinn nó uaimse.