Tá dhá imreoir déag ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar fhoireann na bliana i gCraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2018.
Is ó thrí chumann, An Spidéal, Micheál Breathnach agus Oileáin Árann, na himreoirí Gaeltachta ar an bhfoireann a roghnaigh painéal iriseoirí áitiúla CLG.
Ba iad An Spidéal a thug leo an chraobh ag deireadh na míosa seo caite agus tá seisear ón gcumann roghnaithe ar an bhfoireann – an cúl báire Maghnus Breathnach, an cosantóir Liam Ó Ceallaigh, beirt a d’imir i lár na páirce dóibh, Dara Mac an Rí agus Pádraig Eoin Ó Curraoin, agus na deartháireacha Antaine agus Cormac Ó Laoi, atá i measc na dtosaithe.
Tugadh aitheantas ar leith do Mhaghnus Breathnach agus d’Antaine Ó Laoi agus iad ainmnithe do ghradam ‘Imreoir na Bliana’ sa chraobh. Ba é Ó Laoi príomhscórálaí an Spidéil i gcaitheamh na bliana agus thug Breathnach taispeántas den scoth uaidh sa chluiche ceannais athimeartha, cluiche inar shábháil sé cic éirice agus inar scóráil sé cic saor cinniúnach.
Is é fathach láir páirce Mhicheál Breathnach, Tommy Ó Conghaile atá san iomaíocht le beirt an Spidéil don mhórghradam. Ba é an Conghaileach a d’aimsigh an scór cinniúnach sa gcéad chluiche ceannais a d’fhág go mbeadh athimirt ann agus thug sé taispeántais mhaithe uaidh le linn na craoibhe go léir.
Tá fear Chamais ainmnithe ar fhoireann na bliana in éineacht le ceathrar eile ó chumann Mhicheál Breathnach, Diarmuid Ó Maoileoin, Fiontán Ó Curraoin, Ruadhán Ó Curraoin agus Rónán Mac Donnacha.
Bhain Oileáin Árann an babhta leathcheannais amach i gcraobh na bliana seo agus tá imreoir amháin ón gcumann roghnaithe ar fhoireann na bliana, Colm Ó Braonáin.
Is iad Daniel Garvey agus Michael Day ó Áth Cinn agus Mark Ronaldson ó Órán Mór/Meáraí na himreoirí eile a bhfuil áit bainte amach acu ar fhoireann na bliana.
Beidh oíche bhronnta na ngradam ar siúl in Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe, a dhéanann urraíocht ar na gradaim, an mhí seo chugainn.
Foireann na Bliana – Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2018
1. Maghnus Breathnach (An Spidéal)
2. Diarmuid Ó Maoileoin (Micheál Breathnach)
3. Dara Mac an Rí (An Spidéal)
4. Liam Ó Ceallaigh (An Spidéal)
5. Daniel Garvey (Áth Cinn)
6. Colm Ó Braonáin (Oileáin Árann)
7. Pádraig Eoin Ó Curraoin (An Spidéal)
8. Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach)
9. Michael Day (Áth Cinn)
10. Tommy Ó Conghaile (Micheál Breathnach)
11. Antoine Ó Laoi (An Spidéal)
12. Ruadhán Ó Curraoin (Micheál Breathnach)
13. Rónán Mac Donnacha (Micheál Breathnach)
14. Cormac Ó Laoi (An Spidéal)
15. Mark Ronaldson (Órán Mór/Meáraí)
Fág freagra ar '12 ó chumainn Ghaeltachta ainmnithe ar fhoireann na bliana i nGaillimh'