11,255 cás nua den víreas fógartha, 63 duine básaithe sa stát le seachtain anuas

9,429 duine uile atá básaithe in Éirinn, thuaidh agus theas, de dheasca an víris ó thús na paindéime

11,255 cás nua den víreas fógartha, 63 duine básaithe sa stát le seachtain anuas

5,677 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,578 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 63 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas. 92 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin.

6,291 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime.

3,138 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,429 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo.

627 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 19 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 68 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,837 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

379 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 14 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '11,255 cás nua den víreas fógartha, 63 duine básaithe sa stát le seachtain anuas'