11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 87% d’othair tagtha chucu féin

2,065 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,571 duine ó dheas den teorainn agus 494 ó thuaidh di

11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 87% d’othair tagtha chucu féin

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 64 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,065  duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,571 duine ó dheas den teorainn agus 494 ó thuaidh di.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go raibh 87.1% de na daoine a tholg Covid-19 tagtha chucu féin.

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite, bhí 21,060 den 24,176 duine a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin.

Tháinig 79.5% duine chucu féin ag baile agus 7.6% a tháinig chucu féin san ospideál.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh 18 cás nua den ghalar deimhnithe.

28,754 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,315 cás ó dheas den teorainn agus 4,439 cás ó thuaidh.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

De réir na bhfigiúirí is déanaí 669 othar a bhfuil Covid-19 orthu nó a mheastar Covid-19 a bheith orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, níos mó ná mar atá sna hospidéil ó dheas, mar a bhfuil 649 duine a bhfuil an galar orthu nó a shíltear an galar a bheith orthu.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 958 den 1,571 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 62%. Bhain 851 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais. 463 braisle cásanna atá deimhnithe in ionaid chúraim.

70 ráig den ghalar a deimhníodh in ionaid chúraim an Tuaiscirt agus meastar go raibh ráig i 34 ionad eile. De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) bhain nach mór leath de na básanna de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim.

Fág freagra ar '11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 87% d’othair tagtha chucu féin'