Níl cur síos ná inseacht scéil ar an líon ‘bealaí eile’ a chuireann daoine áirithe i gcathair na Gaillimhe chun cinn le leigheas a fháil ar an snaidhm tráchta ansin nuair a mholtar go ndéanfaí an Cuarbhóthar nua.
Tá sé ag teacht sa déanamh anois go bhféadfadh na daoine seo – a bhfuil comhthíos acu leis an gCuarbhóthar ar chúis amháin no ar chúis eile – údar eile a thabhairt le tuilleadh moilleadóireachta a dhéanamh. Ar chuala siad trácht fós ar an gcarr sa spéir?
Céard faoi charanna a d’éireodh don bhóthar agus a chaithfeadh léim soir nó anoir thar chathair na Gaillimhe, agus a thiocfadh ar ais arís ar an mbóthar taobh amuigh d’imeall an bhaile mhóir? Nó más i gConamara é, céard faoin gcarr seo a d’éireodh ar nós éan comhthíoch i gCeantar Caomhnaithe agus nach bhfágfadh lorg a chuid boinn ar cheannabháin bhána ná ar an aiteann glas?
Ar eagla na mí-thuisceana, ní seafóid í an chaint seo anois, sin nó tá dream i mbaile mór Woburn i Massachusetts thar a bheith seafóideach. Tá an dream seo sa gcomhlacht ar a dtugtar Terrafugia ag obair ar an gcineál seo caranna agus ag caitheamh na milliún leo. ‘The Transition Car’ an t-aimn a thugann siad ar an bhfeithicil seo ach an ‘Flying Car’ an leasainm atá air.
“Tug an ‘Flying Car’ ar más mian leat”, a deir Vanessa Blakely as an gcomhlacht agus í ag labhairt liom ón ionad oibre atá ag an gcomhlacht i Woburn. “Ní chuireann an teideal sin aon imní orainn; tugann sé léargas sách cruinn ar nádúr na feithicilí seo”.
Dúirt Vanessa Blakely go bhfuil siad ar a mbionda anois ag iarraidh deich gcinn de na caranna spéiriúla seo a dhéanamh le haghaidh an mhargaidh; tá an múnla acu cheana féin agus trialacha déanta acu ar charr na spéire.
Ach teastóidh níos mo ná deich gcinn acu. “Tá éarlais airgid curtha ar an mbord ag 100 duine atá ag iarraidh an carr seo a cheannacht”, a deir Vanessa Blakely.
“Tá go leor acu i Meiriceá ach tá roinnt san Eoraip freisin. Tá trí iarratas agus trí éarlas againn as an mBreatain ach sílim nach bhfuil aon ghlaoch ar an gcarr as Éirinn fós”.
Níor mhór go mbeadh an póca teann le gabháil sa scuaine seo.
$10,000 an t-éarlas atá le cur ar an mbord ach beidh €299,000 eile le cur leis sin le carr na spéire a cheannacht sa deireadh. An ísleoidh an praghas ar charr na spéire amach anseo? “D’fhéadfadh sé go n-ísleodh ach a dtiocfaidh an t-am go mbeifear ag déanamh feithicílí mar seo as éadan”, a deir bean labhartha Terrifugia.
Tá dhá chineál carr spéiriúil sa bplean ag Terrafugia. Is é an Transition an ceann is mo agus is cumhachtaí agus sé an TF-X an ceann beag. D’fhéadfá an TF-X a chur in do gharáiste. Tá an ceann beag seo freisin in ann éirí díreach don talamh gan rite reaite ar bith a thabhairt faoi.
Céard faoi phraiticiúlacht an chineáil seo feithicil? Mar shampla, an féidir í a thiomaint ar an mbóthar mór i Meiriceá gan bacadh le gabháil sa spéir? “Cinnte, is féidir” a deir Vanessa. An féidir éirí don bhóthar mór de léim agus a dhul sa spéir?
“Ní féidir – de réir na rialacha, chaithfeá éirí agus tuirlingt ag aerfort faoi láthair anseo i Massachussetts ach má tá áit phríobháideach agat, is féidir leat éirí agus luí ansin mar chuid den aistear”.
Chaithfeadh an té a mbeadh carr na spéire aige i Meiriceá an gnáthcheadúnas tiomána bóthair a bheith aige chomh maith le cáilíocht piolóite spóirt le haghaidh láimhsiú a dhéanamh ar an Transition. Is féidir an cháilíocht aeir a fháil ach dhá scór uair an chloig oiliúna a dhéanamh in ionad eitileoireachta. Níl an cháilíocht eitileoireachta chomh hard le haghaidh an TF-X.
Ach cé go bhfuil an-mhuinín ag comhlacht Terrafugia as na caranna spéiriúla seo, tá daoine ann a chreideann nach féidir tionscal rathúil a bhunú orthu amach anseo. Ar an taobh eile den scéal, is cosúil nach mbeadh dóthain spáis inniu sa ngnáthsheomra sa ngnáththeach le haghaidh an chéad ríomhaire a rinneadh. Tá córais ríomhaireachta istigh i dteileafóin bheaga póca anois, agus teileafóin phóca ag gasúir bheaga na tíre.
Cé a déarfadh nach gaire dúinn an carr sa spéir ná Cuarbhóthar na Gaillimhe?
Teaimín
Án áit a bheith ag iarraidh bóthar mór eile a thabhairt siar nárbh fhearr cuid den dream thiar, na Gaeil a dhíbir na Normannaigh agus na Sasanaigh thar Coirib siar, a thabhairt aniar aríst agus athphlandáil a dhéanamh ar Mhaigh Seola agus ar an Achréidh. D’fhágfadh sin níos mó rúmáil ag na Yeaincs le bheith ag cuartú a gcuid rútaí thiar agus níos lú tráchta ar bhóthar Chois Fharraige agus an Chlocháin. Bheadh na Gaeil níos gaire ansin do láthair na cumhachta .i. Gaillimh agus BÁC agus iad beag beann ar bhoicíní an Chlocháin agus Chonamara 4.