Tá 10 gcúis dúnmharaithe reamhbheartaithe curtha i leith an té a thiomáin an veain san ionsaí in Toronto inné inar maraíodh deichniúr agus inar gortaíodh 15 duine eile.
Cuireadh roinnt cúiseanna maidir le hiarracht ar dhúnmharuithe i leith Alek Minassian, 25, chomh maith.
Tiomáineadh an veain d’aon turas isteach i slua coisithe in Toronto inné.
Thuairiscigh Corparáid Craoltóireachta Cheanada nach raibh aon bhaint ag Minassian le haon ghrúpa coiriúlachta agus tuairiscítear leis nach raibh aon cheangal ag an eachtra le ceisteanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta.
Dúirt Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau gur “ionsaí tragóideach gan chéill a bhí ann”.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu go raibh tacaíocht na hÉireann ag muintir Cheanada agus chuir sé a chomhbhrón in iúl faoin “ionsaí léanmhar” seo.
Pól Ó Braoin
Go dtarrthaí Mac dílis Dé sinn… níl focla ann le rá faoin a leithéid. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh siúd atá fanta gan muintir, agus biseach luath dóibh siúd a gortaíodh san ionsaí coscrach céanna.