10 gcomhartha go bhfuil tú ag déanamh Gaeilge don Ardteist…

Léigh anois go cúramach ár liosta de na comharthaí go bhfuil cúrsa Gaeilge na hArdteiste á dhéanamh agat

10 gcomhartha go bhfuil tú ag déanamh Gaeilge don Ardteist…

1. Ní milis leat aon phíosa cáca níos mó…

Is maith is eol duit go bhfuil Brendan Gleeson ar cheann de na haisteoirí is fearr dá bhfuil ann. Nach raibh tú faoi dhraíocht aige sna scannáin Harry Potter nuair a bhí tú óg? Tá sé sin ar fad millte ort anois agus ní féidir leat fiú féachaint air gan smaoineamh ar Cáca Bloody Milis. Go deimhin ní féidir leat fiú féachaint ar phíosa de cháca milis gan smaoineamh ar Cáca Bloody Milis

2. Brionglóidí dubh agus bán …

Tá deireadh déanta agat leis an tSraith Pictiúr agus na nótaí féin dóite cheana agat. Ach níl aon stad leis na brionglóidí dubh agus bán. Dúisíonn tú i lár na hoíche agus tú cráite ag ceisteanna móra an tsaoil. An raibh toghchán scoláire na bliana rigeáilte? Cén uair a thosaigh siad ag díol ticéad traenach ar an ardán? Cén fáth gurbh iad an triúr gamal sin a bhuaigh an turas go Wimbledon? An raibh díomá ar Nadal nár iarr ach duine amháin a shíniú? Cén saghas amadáin a bheannaíonn dá chairde le linn scrúdú tiomána? Ar rith sé riamh le mo bheirt go raibh locht nó dhó ar a bplean freastal ar an gceolchoirm san AVIVA? An bhfuair an fhoireann díospóireachta sin aon phingin den €2,000 nó ar fágadh i dtaobh le burgar an duine iad? An bhfuil aiféala anois ag an dream a bhuaigh an lotto nár chuir siad oiread is cent rua sa bhosca Trócaire? Cén fáth nár thóg siad an aintín bhocht amach i gcomhair béile?

3. ‘Léigh anois go cúramach…’

Tá téip á seinm i do cheann gan stad…’Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar…’ ‘Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar…’ ‘Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar…’ ‘Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar…’

4. An scrúdpháipéar

Bíonn tú ag déanamh iontais an ndúirt aon duine eile seachas an fear sin an focal ‘scrúdpháipéar’ riamh? An amhlaidh go gceapann siad go mbeadh an ginideach – páipéar scrúdaithe – róchasta duit?

 

Three Men and a Currach, Under the Blasket Island – Michael Flaherty

5. Céard is brí le ‘támh-radharc síothach’ ar aon nós?

Tagann smaointe gránna chugat nuair is déine an brú ort. Má bhí an t-earrach thiar chomh hálainn sin, cén fáth nár fhan sé ann? Agus céard is brí le ‘támh-radharc síothach’ ar aon nós? An leor úlla, nó fiú caora fíniúna, mar chúiteamh ar a bheith ag cur suas le leibide a bhfuil a shúile róchóngarach dá chéile?

 

6. Tá tú i ngéibheann…

Is go rómhaith a thuigeann tú cás an ainmhí a bhfuil aithne aige ar dhaoine a dhéanfadh rud ar bith dó ach é a ligean amach.

7. Tá an scrúdú cainte thart!

Tá an scrúdú cainte thart agus tá dearmad déanta cheana féin agat ar an gcaitheamh aimsire is fearr leat agus ar na pleananna atá agat don bhliain seo chugainn. Ní gá duit ligean ort féin níos mó nach bhfuil agat ach deartháir amháin agus deirfiúr amháin toisc go bhfuil sé níos éasca é sin a rá.

 

8. Go tobann bhí gach duine ar mhuin na muice…

Ná bac rás na bpointí, is measa duit rás na nathanna cainte. Is cuma cén scéal a chumfar tarlóidh sé ar lá a bhfuil an ghrian ag scoilteadh na gcloch, déanfar rud éigin ar nós na gaoithe agus GO TOBANN agus is cinnte go mbeidh gach aon duine ar mhuin na muice ar deireadh thiar thall. 

9. Bí ag cóipeáil agus ag pasteáil leat…

Is saineolaí thú ar ghearradh agus greamú. An dtuigeann siad fiú céard is léamhthuiscint ann?

10. Ná caill í!

In ainneoin na n-ainneoin, tá smeadar éigin de theanga ársa na nGael agat, agus níos mó ná sin má d’éirigh leat an liosta seo a léamh. Ná caill í!

Fág freagra ar '10 gcomhartha go bhfuil tú ag déanamh Gaeilge don Ardteist…'

  • Braoin Ó Braoin

    …agus ní bheidh ar an gcuid is mó de na créatúir chéanna focal Gaeilge a labhairt a léamh ná a chloisteáil go deo arís…
    Píosa den scoth sin… grmma…