Údar díomá ag an Rinn agus na scéalta eile ó chluichí craoibhe na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Bhris Paul Whyte croí na Rinne nuair a scóráil sé cúilín in am breise chun iad a dhíbirt as Craobh Shinsir Phort Láirge agus bhí cluichí craoibhe ag foirne Gaeltachta i gCiarraí agus i nDún na nGall chomh maith

Údar díomá ag an Rinn agus na scéalta eile ó chluichí craoibhe na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

INPHO/Andrew Paton

Cliseadh iomlán ag cur as don Rinn i gcraobh Phort Láirge

Briseadh croí a bhí i ndán don Rinn ag an deireadh seachtaine nuair a rinne Cill Rosanta teacht aniar iontach chun fir na Gaeltachta a shárú sa bhabhta ceathrú ceannais do Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge.

D’aimsigh Cill Rosanta 1-4 as a chéile sa deich nóiméad deireanach chun bua aon phointe amháin, 2-10 in aghaidh 2-9, a fháil i bPáirc Uí Fhearchair. Bhí ceithre nóiméad d’am gortuithe imeartha nuair a sheol Paul Whyte iarracht thar an trasnán chun Cill Rosanta a chur chun cinn agus ba é an t-imreoir contae seo a chráigh an Rinn ó thús deireadh.

Ní raibh ach ceithre nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh Whyte cúl, an chéad scór sa chluiche ach níor lig An Rinn na maidí le sruth. Fuair siad ceithre phointe as a chéile agus bhí na foirne cothrom ag leath ama, 1-2 in aghaidh 0-5.

Buaileadh drochbhuille ar fhir na Gaeltachta sa chéad leath nuair ab éigean do Liam Ó Lionáin an pháirc a fhágáil de bharr gortaithe, ach ní raibh an chuma ar an scéal gur chuir an méid sin as rómhór dóibh i ndiaidh an bhrisfidh. D’aimsigh siad dhá chúl ag tús an dara leath, ceann ó Fhearghal Ó Ceallaigh agus ceann ó Fhearghal Ó Cúirrín.

Bhí an Rinn sé phointe chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha ach is ansin a tháinig athrú cinniúnach ar chúrsaí. D’aimsigh Cill Rosanta scór i ndiaidh scóir chun an bhearna a laghdú agus ní raibh an Rinn in ann tada a dhéanamh chun iad a stopadh. D’aimsigh Whyte cic éirice agus 60 nóiméad imeartha chun farasbarr cúilín amháin a chur idir na foirne agus ba é an fear céanna a bhris croíthe na Rinne cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

An Ghaeltacht agus an Daingean chun aghaidh a thabhairt ar a chéile arís

Is iad boic mhóra Chorca Dhuibhne a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gCraobh Shinsir Chiarraí Thiar an Domhnach seo chugainn agus buanna ag an nGaeltacht agus an Daingean ar an Domhnach.

Dhá chluiche thar a bheith difriúil a bhí sa dá chluiche leathcheannais. Bhí cluiche na Gaeltachta in aghaidh Lios Póil idir dhá cheann na meá go dtí an cúpla nóiméad deireanach ach thug an Daingean greadadh do Chaisleán Ghriaire agus farasbarr 19 pointe acu ag an deireadh.

Cúig phointe a bhí mar bhearna ag an Ghaeltacht ag deireadh na himeartha in aghaidh Lios Póil ach d’fhéadfadh bua níos éasca a bheith acu murach sárthaispeántas ó chúl báire an fhreasúra, Connor Hannifin. Rinne sé trí shábháil sa chéad leath chun Lios Póil a choinneáil sa chluiche agus ní raibh an Ghaeltacht ach pointe chun cinn ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-5.

Chuir an Ghaeltacht tús maith leis an dara leath, áfach, agus bhí dhá chúl aimsithe acu taobh istigh de chéad ceathrú huaire den dara leath sin. Ba é Pádraig Ógie Ó Sé a d’aimsigh an chéad cúl agus 38 nóiméad imeartha agus d’aimsigh Marc Ó Sé ceann eile cúig nóiméad ina dhiaidh sin.

Chun a gceart a thabhairt do Lios Póil, rinne siad a ndícheall chun teacht ar ais agus agus scóráil Brian Ó Raoil cúl agus níos lú ná deich nóiméad fágtha. Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag an tráth sin ach ba iad an Ghaeltacht ba láidre a chríochnaigh agus d’aimsigh siad trí phointe as a chéile sa chúpla nóiméad deireanach.

Is i gcoinne an Daingin a bheidh siad sa chluiche ceannais tar éis do Paul Geaney agus a chomhghleacaithe scrios a dhéanamh ar Chaisleán Ghriaire. 1-7 a d’aimsigh an t-imreoir contae, ach rinne leithéidí Conor Geaney agus Cathal Ó Bambaire a gcion os comhair an chúil chomh maith.

Ba iad Caisleán Ghriaire is fearr a thosaigh agus bhí siad 2-2 in aghaidh 0-5 chun cinn agus ceathrú huaire imeartha, a bhuíochas de chúil ó Thadhg Ó Muircheartaigh agus Jordan Quirke. Rinne an Daingean biasite scórála ansin sular scóráil Geaney cúl chun iad a fhágáil chun cinn ag leath ama, 1-11 in aghaidh 2-3.

Scóráil Alan Fitzgerald cúl go luath sa dara leath do Chaisleán Ghriaire ach bhí an choimhlint thart faoin am sin. 1-15 a scóráil an Daingean sa dara leath agus ba é Tomás Sheehy a d’aimsigh an dara cúl dóibh agus deich nóiméad fágtha.

Imreofar cluiche ceannais na craoibhe idir an Daingean agus an Ghaeltacht an Domhnach seo chugainn i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean.

Gleann Fhinne dícháilithe ó Chraobh Shinsir Dhún na nGall

Imreoir na Cealla Beaga, Christopher Murrin i 2013. INPHO/Kieran Murray
Imreoir na Cealla Beaga, Christopher Murrin i 2013. INPHO/Kieran Murray

Tar éis dóibh deis iontach a chur amú an cluiche seo a bhuachan seachtain ó shin, ní dhearna na Cealla Beaga aon bhotún an deireadh seachtaine seo agus bhí bua slachtmhar acu ar Ghleann Fhinne, 2-13 in aghaidh 1-6, i gcluiche dícháilithe Chraobh Shinsir Dhún na nGall.

Scóráil Gleann Fhinne trí phointe as a chéile ag deireadh an chluiche seachtain ó shin chun go mbeadh athimirt ann, ach bhí siad buailte i bhfad roimhe sin sa choimhlint seo. Bhí deich bpointe idir na foirne ag leath ama,1-8 in aghaidh 0-1, agus a ndóthain déanta ag na Cealla Beaga ag an bpointe sin.

Ba é Evan Broderick a d’aimsigh an cúl sin do na Cealla Beaga sa chéad leath agus idir é féin agus Hugh McFadden, a scóráil 1-4, bhí na naoscairí acu chun Gleann Fhinne a choinneáil faoi chois.

Bhí cúig phointe dhéag idir na foirne nuair a d’aimsigh McFadden a chúl agus 47 nóiméad imeartha agus cé gur laghdaigh Gleann Fhinne an bhearna as sin go deireadh bhí a bport seinnte.

Fág freagra ar 'Údar díomá ag an Rinn agus na scéalta eile ó chluichí craoibhe na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo'