Uair na cinniúna d’fhoireann O’Neill agus feabhas mór ag teastáil

Mura dtagann feabhas mór ar fhoireann na hÉireann agus iad in aghaidh na Seirbia anocht, beidh deacrachtaí móra acu cáiliú do Chorn an Domhain

Uair na cinniúna d’fhoireann O’Neill agus feabhas mór ag teastáil

Martin O'Neill ©INPHO/Ryan Byrne

I ndiaidh chluiche an tSathairn in aghaidh na hÉireann, dúirt captaen na Seoirsia Guram Kashia gur mhaith leis go gcáileodh foireann Martin O’Neill ó Ghrúpa D.

Is cosúil go dtaitníonn Conor McGregor go mór le Kashia agus go mbíonn sé ag déanamh aithrise ar chuid de na dreasa traenála ag an trodaí UFC.

Ní dócha go mbeidh Kashia ag déanamh mórán aithrise ar imreoirí sacair na hÉireann i ndiaidh cluiche ina raibh a ceithre oiread pasanna ag a fhoireann féin thar mar a bhí ag a gcéilí comhraic.

Ghéill Martin O’Neill go raibh taispeántas an tSathairn ar an gceann ba mheasa óna fhoireann ó chuaigh sé i bhfeighil orthu. Bhí foireann na hÉireann go hainnis ar fad agus fágann an comhscór in Tbilisi go mbeadh sé chomh maith acu dearmad a dhéanamh ar chríochnú sa chéad áit sa ghrúpa má chailleann siad anocht in aghaidh na Seirbia, foireann atá dhá phointe chun tosaigh orthu.

Mar bharr ar an donas, tá an Bhreatain Bheag, a bhuíochas dá mbua ar an Ostair, anois sna sála ar fhoireann O’Neill. Dhá phointe taobh thiar d’Éirinn atá na Breatnaigh agus cluiche bog rompu anocht i gcoinne na Moldóive.

Mar sin, d’fhéadfadh nach mbeadh mórán maitheasa le comhscór i mBaile Átha Cliath más faoi na hÉireannaigh greim a choinneáil ar an dara háit.

Tá foireann bhreá ag an tSeirbia agus iad ag tarraingt le chéile faoi láthair ar bhealach nach mbíodh i gcónaí.

Beidh aithne mhaith ag lucht leanta Phríomhroinn Shasana ar leithéidí Aleksandar Kolarov, Nemanja Matic, Aleksandar Mitrovic agus Branislav Ivanovic agus fágann cumas Sheirbia ar an ionsaí nach bhfuil aon chluiche caillte go fóill acu sa ghrúpa seo agus go bhfuil, ar an meán, dhá chúl in aghaidh an chluiche aimsithe acu.

Tabharfaidh Mitrovic, Dusan Tadic, and Filip Kostic a ndóthain le déanamh do chosantóirí na hÉireann, ach is é an t-údar dóchais is mó a bheidh ag an bhfoireann baile ná nach bhfuil foireann Slavoljub Muslin chomh maith céanna i mbun na cosanta is atá siad ar an ionsaí.

Ó mhíreanna seasta a tháinig an dá chúl a fuair Éire anuraidh sa chluiche comhscóir i mBéalgrád agus d’fhéadfadh gurbh é sin an deis is mó ar chúl a bheidh arís anocht acu.

Ba chuma, áfach, faoi pé laigí atá ag an tSeirbia ó thaobh na cosanta má theipeann ar Éirinn arís seilbh na liathróide a choinneáil ar feadh níos mó ná cúpla pas.

Chabhródh leithéid Wes Hoolahan leo an méid sin a dhéanamh ach seans gurb é an cur chuige céanna a bheidh ag O’Neill arís anocht agus é ag brath ar mhíreanna seasta agus go dtabharfaidh na fir lár páirce, a ndearna an tSeoirsia filí caocha díobh Dé Sathairn, taispeántas níos fearr uathu.

Dúirt Jon Walters na hÉireann inné gurb í ‘an fhírinne lom’ ná go mbeidh an fhoireann ar bharr an ghrúpa má bhíonn an bua anocht acu.

Mura dtagann feabhas mór anocht orthu, áfach, beidh aghaidh á tabhairt acu ar fhírinne lom de chineál eile ar fad ach a séidfear an fheadóg dheiridh i Staid an Aviva.

 

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna d’fhoireann O’Neill agus feabhas mór ag teastáil'