Turas rothaíochta leis An Bear ar TG4 agus turas teilifíse le Harry McGee ar RTÉ

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhain ár léirmheastóir taitneamh as trí cinn de chláracha faisnéise an tseachtain seo

Turas rothaíochta leis An Bear ar TG4 agus turas teilifíse le Harry McGee ar RTÉ

Tá meon ar leith ag teastáil le bheith id lúthchleasaí ardghníomhaíochta agus léiríodh an meon sin go paiteanta sa chlár faisnéise An Bear (TG4, Dé Máirt). Is as Leitir Calaidh i gConamara do Sheán Ó hIarnáin agus tá dúil mhíchuíosach aige sa spórt ar a dtugtar ultracycling (sin ceann eile do mheithleacha díograiseacha na bhfoclóirí).

Faoi mar a deir Páidí Ó Lionáird fágann an cheird seo leithéidí Tour de France in áit na leathphingine. Níor mhór duit fuinneamh agus teacht aniar dochreidte a bheith ionat le tabhairt faoi. Bí cinnte de go mbeadh an rothar caite thar claí agam féin tar éis cúpla míle.

Tá a dhúthracht caite ag Seán leis an spórt seo le cúpla bliain agus tá sé tar éis guailleáil isteach sa chéad deichniúr san ord tosaíochta domhanda, gaisce nach beag, gaisce atá imithe i ngan fhios, gaisce a dtugann an táirge seo an t-aitheantas cuí dó.

Sa chlár seo leanamar Seán is é ag iarraidh a bheith ina churadh domhanda. D’ardaigh sé a sheolta go Meiriceá mar a raibh sé ag iarraidh an turas 900 míle ó Chalifornia go Colorado, trí fhásaigh agus cnoic na Rockies, a dhéanamh laistigh de 48 uair an chloig. Is ar éigean go ndéanfá sa mhótar é!

An aimsir, ardán is ísleáin, crampaí, tuirse fhisiciúil, crá intinne, teocht is fuacht,  easpa codlata, speabhraídí agus caitheamh amach. Thug an clár seo éachtaint ionraic ar an spórt, idir chraiceann agus chnámha. Más caitheamh aimsire é seo b’fhearr liom a bheith ag baint fheamainne.

Cuirtear abhaile orainn arís agus arís eile gur lúthchleasaí den scoth é Seán atá tiomanta go hiomlán don spórt aduain seo. Is duine caithiseach, deisbhéalach, ionraic é chomh maith agus chinntigh na tréithe sin go bhfuaireamar léargas cruinn taitneamhach.

Tá an réchúis fite fuaite leis an ndíograis, áfach. I radharc amháin dúirt sé linn gur fhág sé a phost mar dhlíodóir, gur lig sé a árasán amach ar cíos agus go raibh a chip is a mheanaithe sa mhótar aige. Ba chuma leis, bhí sé ag fíorú brionglóide agus ba dheas bheith fairis más ar an gcúits féin é.

‘Never before was there in the hands of man an instrument so powerful to influence the thoughts and actions of the multitude.’ B’in cuid de na focail shollúnta a bhí le rá ag an Uachtarán Éamon de Valera faoi chumhacht na teilifíse nuair a seoladh RTÉ in 1961. ‘Sure, isn’t it like magic,’ a deir Michael Healy-Rae caoga a cúig bliain ina dhiaidh sin. Is é a chuireann an tsraith cheithre chlár  Polaitíocht (RTÉ1, Dé Luain) roimhe ná cíoradh a dhéanamh ar thionchar na teilifíse ar pholaiteoirí, ar an bpolaitíocht agus ar chúrsaí reatha go ginearálta. Le Harry McGee uileláithreach ár dtionlacan go stuama, déantar meitheal bhreá chloigne cainte agus ábhar cartlainne a mheascadh lena chuid tráchtaireachta féin. É sin ar fad agus Harry le feiceáil ag slógadh Trump agus preasrúnaí Obama á chur fé agallamh os comhair an Tí Bháin.

Cé go raibh tuairim is leath acu ag labhairt i mBéarla (tá an sainmhíniú atá ag RTÉ ar cad is clár Gaeilge ann ag fáil níos scaoilte le fada), bhíos an-tógtha leis an raidhse rannpháirtithe cé nach raibh aon rud róchonspóideach nó róshuntasach le rá acu.

Sa chéad ghála bhí polaiteoirí (Gerry Adams, Noel Dempsey agus Des O’Malley) agus lucht na meán (Eoghan Harris, Pearse Doherty, John Bowman, Áine Ní Chiaráin agus Máirín Ní Ghadhra) againn mar aon le beirt iarStiúrthóirí ar RTÉ agus preasrúnaithe as Éirinn agus Meiriceá.

Deirimse meascán mearaí leat.

Go deimhin mheabhraigh cuid den chlár leabhar stairiúil John Bowman dom, Window and Mirror, go mór mór leis an mbéim ar an bhfothragadh a bhí idir polaiteoirí agus an meán úr sna blianta tosaigh.

Ní nach ionadh tugadh siar go feachtas toghchánaíochta 1960 sinn, cloch mhíle teilifíse óir go raibh craoladh beo á dhéanamh ar an díospóireacht idir JFK agus Nixon. Blianta beaga ina dhiaidh sin ba é an Cinnéideach ba chúis le cloch mhíle eile nuair a ceadaíodh ceamaraí sa Dáil den chéad uair le linn a aithisc. Deineadh trácht ar theannas na mblianta tosaigh agus an éachtaint a tugadh ar chearta sibhialta agus an foréigean ó thuaidh. Deineadh cíoradh maith ar chinsireacht Alt 31 agus bheadh dearmad déanta ag go leor go mbíodh an sár-aisteoir Stephen Rae ag guthú cuid d’agallaimh Gerry Adams.  Clár taitneamhach a bhfuil faisnéis agus beagán maoithneachais ag baint leis.

Taibhsítear dom go mbíonn cur i láthair méaldrámata ag Paul Williams ina chuid oibre teilifíse; ní nach ionadh is dócha óir go bhfuair sé a dhintiúirí in iomaire an tablóideachais mar a bhfuil an gháifeacht ar an gcloch is mó ar an bpaidrín. Ar an mbonn sin bhí saghas eagla orm go ndéanfadh sé cluas mhuice den tsraith dhá chlár Paul Williams: State of Fear (TV3 Dé Luain agus Dé Máirt). Déanann an saothar seo eachtraí coiriúlachta 1996 (feallmharú Veronica Guerin ach go háirithe) a thabhairt chun cuimhne agus a fhiafraí an bhfuil aon dul chun cinn déanta againn ó shin. Níor tháinig tuar faoi mo dhrochthairngreacht mar, tríd is tríd, d’éirigh leis guaim a choimeád ar an ngáifeacht agus táirge a bhí machnamhach, agus mothúchánach ar uairibh, a sholáthar. Ar an drochuair, ní maith iad na macallaí agus tugtar éachtaint arís ar thiarnúlacht, brúidiúlacht agus cumhacht na mbuíonta coiriúla. An t-aon ardú croí a bhí le fáil as an gclár ná an phreab a baineadh as John Gilligan nuair a chuathas a fhad leis ina thigh taobh le hionad eachaíochta ‘Jessbrook’. Chaitheas gáire nuair a chonac an púdarlach ag teitheadh lena anam agus deimheas á bheartú aige.