TUAIRISC SPEISIALTA: Cén fáth nár éirigh leis an Ravelóid, féile cheoil na nGael?

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill go mbeadh an fhéile cheoil slán dá gceannófaí 600 ticéad eile roimh an lá inné, ach cén fáth nár éirigh leis an Ravelóid? Tuairisc le Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí

guitar-player-1115188_1920

I mí an Mhárta fuair lucht eagraithe Ravelóid amach go mbeadh an príomhchostas a bhainfeadh le heagrú na féile timpeall a dhá oiread níos mó ná mar a shíl siad ar dtús.

Bhí lucht eagraithe Ravelóid ag obair i dtús ar an tuiscint go gcosnódh an chuid is mó d’obair eagrúcháin na féile ceoil timpeall €250,000 ach cuireadh meastachán faoina mbráid i mí an Mhárta a thug le fios gur timpeall a dhá oiread sin a bheadh i gceist.

Bhí an bhearna mhór seo idir na meastacháin a fuair lucht eagraithe Ravelóid ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis na deacrachtaí airgid a thug orthu an fhéile a chur ar ceal.

Bhain an t-ardú mór seo le meastachán nua ón gcomhlacht bainistíochta imeachtaí a raibh lucht Ravelóid ag plé leo.

I measc na gcúiseanna a luaigh an comhlacht bainistíochta imeachtaí leis an ardú mór sin, bhí athrú shuíomh na féile – ó Theach an Droichid Nua go dtí Caisleán Ard Giolláin.

D’fhág an scéala seo faoin ardú costais, a tháinig aniar aduaidh ar lucht Ravelóid, gur cuireadh siar an mórfheachtas bolscaireachta a bhí beartaithe acu, buille eile d’fhorás na féile.

Nuair nár éirigh le lucht Ravelóid agus an comhlacht bainistíochta imeachtaí teacht ar chomhréiteach, d’fhostaigh bord stiúrtha na féile comhlacht eile.

€400,000 a bhí le gearradh ag an gcomhlacht eile seo ar Ravelóid as an gcuid is mó d’obair eagrúcháin na féile ceoil féin a dhéanamh.

De réir an tsocraithe idir Ravelóid agus an comhlacht seo, bhí 25% den bhille iomlán, nó €100,000, le híoc inné.

1,600 ticéad a bhí díolta don fhéile inné agus 4,000 ticéad a dhíol an sprioc a bhí ann le go nglanfaí na costais ar fad.

5,000 ticéad ar fad a bhí ar fáil agus fiú dá ndíolfaí 3,000 ticéad bheadh caillteanas €100,000 i gceist.

In áit dul sa seans agus i bhfiacha chun an éarlais €100,000 a íoc inné, dhein an lucht eagraithe cinneadh gan a mbris a chur níos faide agus d’fhógraíodar nach mbeadh an fhéile ag dul ar aghaidh an mhí seo chugainn.

Thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill le fios do Tuairisc.ie aréir go mbeadh an fhéile slán dá gceannófaí 600 ticéad eile roimh an lá inné.

Dá mbeadh an méid sin ticéad díolta bheadh an lucht eagraithe sásta dul sa seans go ndíolfaí idir 1,000 agus 1,500 eile as seo go ceann míosa, a dúirt Uachtarán an Chonartha.

Bunaíodh comhlacht teoranta, Ravelóid, chun an fhéile a chur ar bun agus ní ar mhaithe le brabús a dhéanamh a bhí sé á rith. De réir struchtúr an chomhlachta chuirfí aon bhrabús a dhéanfaí isteach sa chomhlacht arís agus ní bheadh stiúrthóirí an chomhlachta thíos le haon chaillteanas a dhéanfaí. Duine amháin a bhí fostaithe ag lucht na féile – Bainisteoir Margaíochta agus Díolacháin.

Dúirt duine a raibh baint aige le heagrú na féile gur fhág an cinneadh faoi Ravelóid fiacha idir €15,000 agus €20,000 ar na heagraíochtaí a bhí á eagrú.

Tuigtear gur ar Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael a thitfidh na fiacha sin.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie inné go raibh €35,000 á chur ar fáil acu don fhéile mar chuid de Chlár Comórtha 2016. Tugadh le fios chomh maith go raibh baint ag an Roinn leis na hiarrachtaí tarrthála a bhí ar bun ag lucht na féile le tamall anuas, mar bhí ag Comhairle Chontae Fhine Gall a rinne a ndícheall ar son na féile.

“Chas an Roinn le Conradh na Gaeilge le cúpla seachtain anuas chun plé a dhéanamh ar dheontas breise don tionscadal,” a dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh an plé faoin maoiniú breise fós ag dul ar aghaidh nuair a tháinig an scéala nach mbeadh an fhéile ar siúl. Bheadh an Roinn i dteagmháil le Conradh na Gaeilge faoin scéal, a dúirt sí.

Chlúdódh an €400,000 a d’íocfaí leis an gcomhlacht bainistíochta imeachtaí beagnach gach gné d’eagrú na féile, ach d’fhéadfadh go mbeadh costas iomlán de nach mór €600,000 i gceist faoin am go mbeadh íocaíochtaí na gceoltóirí agus costais eile glanta.

Chlis ar na hiarrachtaí a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine dóthain ticéad breise a dhíol a thabharfadh slán an fhéile ón tsáinn airgid ina raibh sí agus d’fhógair lucht eagraithe Ravelóid inné go raibh an fhéile á cur ar “athlá” acu.

Níl aon dáta ná suíomh socraithe d’aon fhéile eile dá leithéid fós agus déanfar aisíoc leis na daoine a raibh ticéid ceannaithe acu don fhéile a bhí le bheith ar siúl ag Caisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín i gContae Átha Cliath ar an 10-11 Meitheamh.

Chuir lucht eagraithe Ravelóid ráiteas amach tráthnóna inné inar dúradh gur “le croí trom atá Bord Stiúrtha Ravelóid tar éis cinneadh a ghlacadh Ravelóid a chur ar athlá don bhliain seo”.

Dúradh go raibh “dea-thoil shuntasach léirithe do Ravelóid i measc an phobail, in Éirinn agus thar lear, rud a  chruthaíonn go bhfuil éileamh mór le haghaidh féile chomhaimseartha cheoil”.

Tá súil anois ag bord stiúrtha Ravelóid féile cheoil a eagrú an bhliain seo chugainn nó le linn na bliana 2018.

Bhíothas in amhras faoina raibh i ndán don fhéile nua Ghaeilge ó tháinig an scéala chun solais go raibh lucht a heagraithe faoi bhrú mór airgid agus go gcaithfí go leor ticéad eile a dhíol ar bhonn práinne le go mbeifí in ann an ócáid a chur ar bun.

Bhí an fhéile le bheith ina dlúthchuid de chlár Gaeilge Chomóradh 2016 an Stáit agus í á heagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós agus Oireachtas na Gaeilge.

Labhair Tuairisc.ie inné le daoine a raibh baint acu le heagrú na féile agus bhí tuairimí éagsúla acu faoi na cúiseanna ar theip ar an iarracht.

“Níor chabhraigh an t-ardú a tháinig ar na costais ach níor díoladh dóthain ticéad agus b’in bun agus barr an scéil,” a dúirt duine amháin.

Mheas daoine eile nach ndearnadh dóthain margaíochta ar an bhféile agus bhí daoine eile den tuairim go raibh cur chuige na féile “ró-uaillmhianach”.

Chuir daoine a raibh sé i gceist acu freastal ar an bhféile a ndíomá in iúl ar na meáin agus ar na meáin shóisialta inné. Ba chúis iontais do dhaoine áirithe an dáta a roghnaíodh don fhéile agus nach raibh ticéid lae curtha ar fáil. Costas na dticéad don deireadh seachtaine – €129 – a bhí ag dó na geirbe ag daoine eile.  Bhí formhór daoine an-thógtha le coincheap na féile, ach faraor ní raibh dóthain acu chomh tógtha sin leis gur cheannaigh siad ticéad in am chun an fhéile a thabhairt slán.

Chuir roinnt daoine an locht ar phobal na Gaeilge toisc nár léiríodh dóthain tacaíochta don fhéile, ach dúirt daoine eile nach raibh dóthain bannaí ar an gclár a mheallfadh amach iad.

Deir lucht Ravelóid féin go bhfuil mórán ceachtanna foghlamtha acu agus nach bhfuil port na féile seinnte. Cuirfear Ravelóid eile ar bun lá níos faide anonn, a deir siad.