TUAIRISC Ó OILEÁN KOS: ‘Bhuaileas le hAnnie Moore a linne, cailín beag gleoite 5 bliana d’aois ón tSiria’

Sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, tá cinní móra le déanamh ag ceannairi na hEorpa faoi géarchéim na dteifeach atá ar an rabharta inimirce is mó ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda

Picture 3

Sa bhliain 1892 b’í Annie Moore, cailín cúig bliana déag d’aois de bhunadh na hÉireann, an chéad duine a cláraíodh in ionad inimirce nua Ellis Island. Tá dealbh di ann inniu agus í ina siombal don gcarthannacht a léiríodh dos na milliúin a tháinig go Meiriceá ar thóir na saoirse agus saol níos fearr. Ach is siombal í chomh maith don mhaitheas a dhein imircigh i bhforbairt agus i múnlú an náisiúin sin. Is fuirist Annie óg a shamhlú ag leagadh cos ar Ellis Island don  scrúdú próiseála, sceitimíní ina bolg, í ag titim idir sceimhle agus dóchas, aghaidh á thabhairt aici ar shaol nua i dtír na n-iontas, í ar teitheadh ón gcruatan, ón ainnise agus ón mbochtannas.

Bhuaileas le hAnnie Moore…ach bhí craiceann dorcha uirthi. Cailín beag gleoite 5 bliana d’aois í Yana. Ón tSiria ó dhúchas di. Bhí a cosa loiscthe go holc agus a súile ag líonadh le deora tinnis nuair a bhuaileas léi. Dhá lá roimis sin agus an turas farraige contúrthach á dhéanamh sa dorchadas aici, ón dTuirc go hOileán Kos sa Ghréig, do thóg cana peitril tine i mbád an smuglálaí. Tá a cosa deargscúite anois agus an braon á shileadh acu.

Tá dhá bhliain dá saol gearra caite ag Yana ar teitheadh. D’éirigh lei féin, a hathair agus a máthair éalú ón gcogadh sa tSiria agus an Tuirc a bhaint amach. Bheadh a deartháir ina dteannta leis ach séideadh san aer é siúd le linn ionsaí buamála in Alleppo sara bhfágadar. Ar deireadh, tá an ‘tír tarraingre’ bainte amach acu agus fuascailt i ndán dóibh san Aontas Eorpach.

Ach is cúis náire dúinne san Aontas céanna an easpa cúraim atá á dhéanamh againn do Yana agus na céadta míle teifeach eile atá gafa isteach thar lic an dorais ag lorg dídine. Tá cogadh, cruatan agus uafás curtha dhíobh acu agus níl le bronnadh ag na húdaráis orthu ach íde na muc agus na madraí. Ó thánadar go Kos, tá Yana agus a tuismitheoirí luite fé sheantáinín beag a dhein a hathair as cairtchlár agus braillín plaisteach.  Níl aon bhia curtha ar fáil dóibh, níl aon uisce tugtha le n-ól dóibh agus tá an glas curtha ag na húdaráis ar na leithris phoiblí. Cé go bhfuil fonn bóthair orthu, beidh orthu suas le coicíos a chaitheamh san ainnise seo ar thaobh na sráide ag fanacht le rian stampa ar phíosa páipéir.

Picture 4

Fé láthair, tá breis agus 4,500 teifeach ar oileán Kos – iad ag iarraidh tús a chur leis an gcéad chéim eile dá n-aistear. Níl Kos ach 8 gciliméadar ó chósta na Tuirce. I mí Eanáir, chuir 1,000 duine beatha i mbaol agus an bealach farraige dainséarach á thrasnú acu. Anois tá 7,000 duine in aghaidh na míosa ag teacht i dtír ar an oileán agus gan aon chuma air go dtiocfaidh sánas air sin.

Táid ag teacht ann ón tSiria, ón Iaráic agus ón Afganastáin den gcuid is mó. Tá fonn ar a bhformhór tabhairt fén nGearmáin, fén Sualainn nó fén Ostair, ach ní féidir an t-oileán seo a fhágaint go dtí go mbeidh próiseáil déanta ar a gcuid páipéirí. Gach aon lá, bailíonn 2,000 duine lasmuigh d’oifigh na bpóilíní i Kos, ach níl ach ceathrar riarthóirí ag plé leis an ualach páipéireachais. Tá na daoine seo traochta, ocrach agus, anois, bailithe de mhaorlathas bacach.

Ní féidir an locht iomlán a chur ar údaráis na Gréige, áfach, tír atá briste basctha ag beartais déine. Níl sa Ghréig ach áth san abhainn dos na céadta míle teifeach atá ag iarraidh tearmainn i dtíortha eile san Aontas Eorpach. De réir figiuirí atá foilsithe ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), tháinig breis agus 240,000 teifeach agus inimirceach thar farraige isteach chun na Gréige idir mí Eanáir agus deireadh mhí Iúil. Tá Uachtarán Choimisiun na hEorpa, Jean-Claude Juncker, ag caint faoi scéim athlonnaithe do 160,000 teifeach. Meastar go bhfuil breis agus 340,000 inimirceach tagtha chun na hEorpa go dtí seo i mbliana. Tá fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil sa mhéid sin ach an chéad rabharta.

IMG_2808

 

Tá rialtas na tíre seo le moladh go pointe áirithe. I mí Bealtaine seo caite, seoladh an LÉ Eithne go dtí an Meánmhuir ag tacú leis an iarracht tárrthála ansin – tá suas le 6,400 duine tugtha slán ag Cabhlach na hEireann ó shin. Cé ná raibh aon dualgas ar Éirinn a leithéid a dhéanamh, bheartaigh an rialtas páirt a ghlacadh sa chéad scéim athlonnaithe teifeach a bhí molta ag Coimisiún na hEorpa i mí Iúil.

Anois, agus an ghéarchéim ag dul in olcas, tá sé fógartha ag an Aire Francis Fitzgerald go nglacfar le 4,000 teifeach fén gClár Cosanta Teifeach. Faoiseamh dóibh siúd a thiocfaidh é geallúint an rialtais ná beidh orthu seo gabháil trí chóras an tSoláthair Dhírigh (Direct Provision) – córas atá éagórach ar an lucht iarrtha tearaminn ata sáinithe ann fé láthair, breis agus ceithre bliana tugtha ag 50% des na hiarrathóirí ag fanacht le toradh ar a gcuid iarratas. É sin ar leataobh, tá fógra an lae inniu flaithiúil go maith i gcomhthéacs daonra na tíre seo.

Ní féidir an rud céanna a rá fénár gcomharsain sa Bhreatain, áfach, gan trácht ar leithéidí na hUngáire agus Poblacht na Seice. Bhí David Cameron ag cloí go docht leis an reitric réamhthoghcháin agus teachtaireachtaí frith-inimirceach á gcraobhscaoileadh aige. Ach ansan foilsíodh na híomhánna corraitheacha sin d’Aylan Kurdi caite isteach leis an dtaoide ar thráigh Bhodrum. Garsúinín beag  trí bliana d’aois, a phus saonta sáite sa ghainnimh agus a bheatha slogtha ag an bhfarraige.

In éadan alltacht an phobail, bhog seasamh na Breataine, beagáinín. Táid ag caint anois ar 20,000 teifeach a scaoileadh isteach thar thréimhse cúig bliana. Cur chuige ‘á la carte’ a bheidh ann, más ea. Ní ghlacfar ach le teifigh ón tSiria atá sna campaí teifeach san Iordáin, sa Liobáin agus sa Tuirc. Tá an Bhreatain fós ag diúltú glan páirt a ghlacadh sa scéim athlonnaithe atá molta ag Coimisiún na hEorpa.

Sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, tá cinní móra le déanamh ag ceannairi na hEorpa. Tá an ghéarchéim seo ar an rabharta inimirce is mó ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Cuirfidh sé claochló iomlán nua ar scéal agus ar chomhdhéanamh na hEorpa. Tá gá le polasaí nua inimirce anois. Polasaí atá ciallmhar, cothrom agus aontaithe le tacaíocht na mballstát ar fad. Ach roimis sin, d’fhéadfaí ábhairín beag daonnachta a léiriú agus córas agus seirbhísí próiseála sibhialta a chur ar fáil do theifigh agus d’inimircigh. Tá an méid sin tuillte acu.

Tá breis agus céad agus fiche bliain ann ach ní cuireadh aon iachall ar Annie Moore coícíos a chaitheamh ar thaobh na sráide, gan foithin gan fáilte, agus a cúram leithris a dhéanamh fé chrann ar bharra trá.

– Is iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ é Seán Mac an tSíthigh

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó OILEÁN KOS: ‘Bhuaileas le hAnnie Moore a linne, cailín beag gleoite 5 bliana d’aois ón tSiria’'