TOGHCHÁN 2016: ‘Ní bhacfaidh mé leis an dara léacht inniu, ní thuigfeadh sibh é ar aon nós’

Tá an feachtas toghcháin faoi lán seoil agus scamhadh chun oibre ar na meithleacha nuachta i TG4 agus RTÉ. Ach an mbéarfaidh éinne acu ar an Taoiseach?

15/4/2011 National Youth Entrepreneurship Strategy Forum. An Taoiseach Enda Kenny T.D. speaking at the National Youth Entrepreneurship Strategy Forum today (15/4/2011) at Dublin Castle. The objective of the forum is to convene stakeholders and generate debate on delivering a National Strategy for Youth Entrepreneurship in Ireland. The focus will be on developing an entrepreneurial mindset at Primary and Second level education and on harnessing opportunities for creating entrepreneurial thinking and activities at community level. Photo. Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Galamaisíocht chainte, buaileam sciath, sleaiseáil, carraigeacha eacnamaíochta agus purties go leor; tá feachtas olltoghcháin 2016 faoi lán seoil, gan aon agó. Cé go raibh uisce ar na maidí ag polaiteoirí agus na meáin ón bhfómhar seo caite thosaigh an rith le brothall inné nuair a d’fhógair an Taoiseach gurb é 26 Feabhra lá na cinniúna.

Beagán sa bhreis ar thrí seachtaine mar sin, ceann de na tréimhsí ama is giorra riamh idir fógra agus vóta. Ní chiallaíonn sin nach bhfuil neamh-mheabhair ar iriseoirí cheana féin. Ba léir go raibh na meithleacha nuachta i TG4 agus RTÉ (Six One News, RTÉ1, aréir agus Nuacht TG4, aréir), á bprapáil féin le fada agus a gcláracha lán go gad le míreanna agus agallaimh faoin toghchán. Ní scamhadh chun oibre go dtí é.

Nuair a d’fhógair an Taoiseach dáta an olltoghcháin theith sé lena anam ar eagla na díospóireachta, ceann de thréithe a thréimhse mar Thaoiseach. Léiríonn sé chomh maith go bhfuil sé i gceist ag na giollaí é a chosaint ó chomhrac agus ceistiúchán. Thuigfeá dóibh mar dhein sé cac sleaidí do cheann den fhíorbheagán ceisteanna a ceadaíodh. Nuair a bhí ‘fiscal space’ á phlé dúirt an Taoiseach nár theastaigh uaidh dul in abar i gcoincheapa eacnamaíocha nach dtuigfeadh an pobal.

Níor chuir sé faic i gcuimhne dom ach an sagart a bhí ag deifriú tríd an aifreann lá agus a dúirt, ‘ní bhacfaidh mé leis an dara léacht inniu, ní thuigfeadh sibh é ar aon nós.’

Tá an chuma ar an scéal nach dteastaíonn ó Enda dul in abar aon díospóireacht mar cé go raibh Gerry Adams, Micheál Martin agus Joan Burton ar an Six One, ba é Leo Varadkar a dhein ionadaíocht ar phríomhpháirtí an chomhrialtais.

Do Vóta 2016 deineadh an Nuacht agus 7Lá a chónascadh, rud a dhéanfar gach Máirt as seo go lá an toghcháin. Bhí míreanna snasta curtha le chéile ag na hiriseoirí agus bhaineas sásamh as an gcomhrá idir Eoin Ó Murchú, Márín Ní Ghadhra agus An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh. Cainteoirí/aíonna iontacha iad Ó Tuathaigh agus Ní Ghadhra i gcónaí, cainteoirí eolasacha gur fuirist éisteacht leo.

Dar leis an Ollamh beidh ‘cothroime’ agus ‘seasmhacht’ mar gheisfhocail ag an bhfreasúra agus an comhrialtas faoi seach.

Go deimhin beimid inár mbaileabhair ag an mbladar faoin ‘bhfiscal space’ roimh dheireadh na míosa.

Bhí alt ag muintir an tí seo inné faoin gcadráil agus cnáimhseáil i bpasáistí Bhaile na hAbhann faoi acmhainní mheitheal na nuachta don toghchán.

Thugadar le fios don tigh seo inné cad go díreach atá beartaithe acu.

Beidh sé chlár Vóta 2016 i rith an fheachtais, agus beidh trí cinn díobh ag teacht as na contaetha Gaeltachta; Dún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Beidh pobalbhreitheanna, a coimisiúnaíodh go speisialta do na cláir seo, á bhfoilsiú na hoícheanta sin. Fáiltím féin roimh seo mar bainim súp i gcónaí, agus measaim go mbíonn an stáisiún os cionn a bhuille, nuair a bhíonn ‘súil eile’ á sholáthar dáiríre acu.

Tá ‘díospóireacht na gceannairí’ á beartú ag TG4 chomh maith le hEimear Ní Chonaola ina bun.

Tar éis lá na vótála, maítear go mbeidh gar do 20 uair a chloig de chlúdach beo ar an gcomhaireamh ar Dé Sathairn agus Dé Domhnnaigh, an 27 agus an 28 Feabhra. Tá leithéidí Éamonn Gilmore, Alan Dukes agus Mary Coughlan earcaithe chun anailíse. Tugadh le fios chomh maith go bhfuil sé beartaithe go mbeadh míreanna beo as na 40 toghcheantar.

Ar ábhar eile tugadh le fios gur cinneadh na hacmhainní a cuireadh ar fáil roimhe seo do thuairiscí speisialta ar Lá Fhéile Pádraig a chur i dtreo imeachtaí eile, toghchán uachtaránachta Mheiriceá san áireamh.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2016: ‘Ní bhacfaidh mé leis an dara léacht inniu, ní thuigfeadh sibh é ar aon nós’'