Teipthe ar athchomharc mná as Indreabhán a sháigh fear lasmuigh dá hárasán sa Ghaillimh

D’admhaigh Maura Thornton, atá 33 bliain d’aois, gur sháigh sí Kevin Joyce, Meiriceánach, ceithre bliana ó shin ach shéan sí gur dúnmharú a bhí i gceist

00071c65-642
Maura Thornton. Pictiúr: RTÉ.ie

Theip sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu ar achomharc a rinne bean as Indreabhán i gConamara i gcoinne an téarma príosúin a gearradh uirthi as dúnorgain fir lasmuigh dá hárasán sa Ghaillimh ceithre bliana ó shin.

D’admhaigh Maura Thornton, atá 33 bliain d’aois, gur sháigh sí Kevin Joyce, Meirceánach, 59 bliain d’aois, i mBóthar na Trá, Gaillimh ar an 31 Iúil 2011.

Sheán sí, áfach, gur dúnmharú a bhí i gceist.

Ar an 13 Márta 2013, fuarthas neamhchiontach í as Joyce a dhúnmharú agus ach fuair an giúiré ciontach d’aonghuth í as dúnorgain.

Ghearr an Breitheamh Barry White téarma príosúin deich mbliana uirthi agus chuir sé na trí bliana deireanacha den phianbhreith ar fionraí.

Ag labhairt dó thar ceann na Cúirte Achomhairc inniu, rinne an Breitheamh Garrett Sheehan cur síos ar an gcaidreamh idir Thornton agus Joyce.

Thug sé le fios go raibh spéis acu beirt sa léann Ceilteach agus gur casadh ar a chéile iad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2011, áit ar bunaíodh cairdeas agus caidreamh eatarthu.

Ba ghnách go mbídís beirt ag ól an iomarca agus chinn Thornton ar tharraingt siar ón gcaidreamh dá bharr, a dúirt an Breitheam Sheehan inniu.

Chrom Thornton ar chlár athshlánúcháin a dhéanamh agus d’éirigh léi staonadh den ól ar feadh sé seachataine, a dúirt sé.

Cé go raibh deireadh curtha aici leis an gcaidreamh, rinne Joyce iarrachtaí go leor teagmháil a dhéanamh léi. Ba é deireadh na mbeart gur thosaigh sí ag ól arís agus go raibh an iomarca ólta aici ar an oíche a maraíodh Joyce, a dúirt an Breitheamh Sheehan.

Ar an oíche sin, dhreap Joyce aníos staighre éigeandála chun dul isteach go dtí léibheann dín a harasáin. Bhí Thornton ann lena máthair agus páirtí a máthar ag an am agus lean briatharchath idir iad agus Joyce agus gan éinne acu sásta géilleadh.

Dúirt an Breitheamh Sheehan gur fógraíodh ar Joyce bailiú leis as an áit. Nuair nach n-imeodh sé, thug Thornton a dhúshlán dó agus sháigh é 18 uair. Ghlaoigh sí ansin ar an nGarda Síochána le rá leo go raibh duine sáite aici, ach nuair a tháinig na gardaí chomh fada léi, níorbh fhéidir leo í a chur faoi agallamh toisc a oiread ólacháin a bhí déanta aici.

D’áitigh abhcóide Thornton, Blaise O’Carroll, go raibh an phianbhreith a gearradh uirthi iomarcach agus nár chuir an breitheamh san áireamh na cúinsí maolaitheacha a bhain leis an scéal. Dúirt O’Carroll leis nár tugadh dóthain airde ar an aiféala mór a bhí uirthi agus ar an tairiscint a rinne sí pléadáil ciontach as dúnorgain.

Dúirt O’Carroll gurb é t-alcólachas bun agus barr a caidrimh le Joyce agus nár cuireadh san áireamh a cúinsí pearsanta agus an phianbhreith á gearradh uirthi.

Dúirt an Breitheamh Sheehan gur chuir an breitheamh a ghearr an phianbhreith uirthi san áireamh na cúinsí maolaitheacha a bhain leis an gcás, ina measc na fadhbanna a bhí ag Thornton le fada le halcól agus le ceisteanna eile meabhairsláinte, fadhbanna a d’fhág gurbh éigean í a chur san ospideál ó am go chéile.

Údar suntais ab ea é, a dúirt sé, gur thug an breitheamh dhá lá i mbun machnaimh ar an bpianbhreith tar éis dó fianaise ó mháthair Joyce a chloisteáil agus tar éis dó tuairisc chuimsitheach shíciatrach a léamh.

Dúirt an Breitheamh Sheehan gur chaith an breitheamh a ghearr pianbhreith ar Thornton dua lena chinneadh téarma príosúin deich mbliana a thabhairt di agus ansin an téarma sin a mhaolú agus na trí bliana deireanacha de a chur ar fionraí. Gearradh an phianbhreith ar Thornton ar shlí a thabharfadh spreagadh di aghaidh a thabhairt ar a hathshlánú.