Teailithe faoin tuath agus na ‘stupid aul’ pencils’ – buntáiste don phobal nó don pholaiteoir?

Ceithre vóta? Comhaireann chuile vóta ach tá comhaireamh beag ar an méid sin

Pictiúr: RollingNews.ie

‘Tuige a mbeadh imní orainn nuair nach bhfuil againn ann ach ceithre vóta?’ Ceist a chuir duine de lucht tacaíochta Fhine Gael – bhí idir mhagadh agus dháiríre ag baint leis an gcaint.  Ar eagla na míthuisceana, níl an duine seo ina hionadaí poiblí ná ar choiste ar bith de chuid an pháirtí. Na vótaí a caitheadh le gairid ar Oileán Inis Bó Finne amach ó chósta thiar Chonamara a bhí i gceist aici.  Ceithre vóta a tugadh d’iarrthóirí Fhine Gael as 90 vóta ar fad.

Faightear an t-eolas sin de bharr na dteailithe.  Tá muid fós ag plé leis an rud ar thug Bertie Ahern “stupid aul’ pencils” air agus é ag moladh go n-athródh muid go dtí an vótáil ar an ríomhaire. B’in cúig bliana déag ó shin.  Ach choinnigh muid leis na “stupid aul’ pencils”.   Bhí go leor againn ar a shon sin – na pinn luaidhe, na páipéir vótála agus na teailithe ag an am.  Ach an raibh dul amú orainn?

Sampla é Inis Bó Finne de cheisteanna a dúisíodh 15 bliain ó shin faoi rúndacht bhosca na ballóide i gceantair tuaithe.  Chuile sheans go bhfuil barúil mhaith ag cuid mhaith daoine cé a chuir an ‘aul’ pencil’ ag obair ar mhaithe le Fine Gael in Inis Bó Finne; ar an taobh eile den scéal, tá barúil an-mhaith cé hiad na daoine nár chuir an peann luaidhe ag obair d’Fhine Gael!

Faightear an t-eolas seo ar an vótáil mar go n-osclaítear na boscaí, ceann i ndiaidh an chinn eile, san Ionad Comhairimh; déantar seiceáil ar na vótaí agus tá na fir agus mná teailí ag comhaireamh as éadan agus a bpinn luaidhe féin acusan.  Ní bhíonn siad mórán as marc.  Tá cuntas ar an gcaoi ar caitheadh na vótaí ar Inis Bó Finne agus sna boscaí i dtoghcheantair ar fud na tíre acu.

Níl san oileán ach sampla amháin.  Tá cuimse boscaí beaga ar fud na tuaithe.  Fiú murar féidir do lámh a leagan ar Fhine Gaelach nó ar Fhianna Fáileach a chuir lámh sa bpeann luaidhe – i d’fhabhar nó i d’aghaidh – is féidir an patrún vótála sa gceantar sin a aithint.  Cén dochar, a deir tú?

Is deacair an cheist sin a fhreagairt ar bhealach a mbeadh ceartaiseacht pholaitiúil ag baint leis.  Ach inseoidh mé scéilín eile.

Sa mbliain 1990 a thosaigh muid ag foilsiú an leabhair bhliantúil Iorras Aithneach i bpobal Chill Chiaráin agus Charna i gConamara.  Ba é Proinsias Mac Aonghusa, atá anois ar shlí na firinne, a bhí ag seoladh an leabhair.  Bhí cuntas inti ar an gcaoi ar caitheadh vótaí i dtoghcháin éagsúla – bunaithe ar na teailithe– i mbothanna i gCill Chiaráin, i gCarna, i Ros Muc agus ar an gCaiseal le riar blianta roimhe sin.  Thug muid an dréacht do Phroinsias.  Ar fheiceáil na bhfigiúirí toghcháin dó, lig sé scairt gháirí as féin:  “Ó a dhiabhail …níl a fhios agam ar cheart an stuif seo a fhoilsiú!”  Bhí idir dhiabhlaíocht agus dháiríreacht ina chuid cainte – ach an oiread leis an mbean a thug caidéis do vótaí Inis Bó Finne le gairid.

Mar iriseoir ba bhreá le Proinsias an t-eolas vótála a fheiceáil agus níor chuir sé aon pharúl orainn.  Ceist áitiúil a bhí ina intinn;  ní raibh aon aird againne ar an gceist sin.  Ina dhiaidh sin féin, agus ceathrú céid imithe tharainn anois, is mó aird a thabharfadh cuid againn inniu ar an gceist a bhí fite, fuaite sa racht gháirí a rinne Proinsias. An cheist: an maith an rud é go mbeadh an patrún vótála ar eolas i mboscaí beaga tuaithe?

Ar an gcéad iarraidh, ní thugann teailí ar an gcéad rogha – sin uimhir a 1 – léargas iomlán ar an vótáil;  tá uimhreacha a 2 agus 3 srl nach bhfuil comhairthe.  Ina dhiaidh sin féin, tugann an chéad rogha barúil réasúnta maith duit faoin ‘dath’ polaitiúil atá ar an mbosca.

Tá tuairim ann go ndúisíonn an cuntas ar an mbosca na polaiteoirí; iad siúd nach bhfuil ag fáil tacaíochta, oibreoidh siad níos déine sa gceantar an chéad uair eile, a deirtear  D’fhéadfadh lorg na fírinne a bheith air sin.  Ach má leanann an claonadh céanna ar aghaidh sa mbosca vótála ar feadh roinnt toghchán, cé a thógfadh ar pholaiteoir an misneach a chailleadh sa gceantar sin – sin nó gan mórán airde a thabhairt ar an áit.

Ar ndóigh, déarfadh muid gurb é an dualgas atá ar pholaiteoir ná leas na tíre agus leas an toghcheantair uilig a chur chun cinn beag beann ar thacaíocht.  Ach, má abraíonn muid é sin tá muid ag tabhairt cúl le nádúr an chine dhaonna, agus níos tábhachtaí sa scéal seo, le nádúr na polaitíochta.  Mar d’uireasa dóthain vótaí ar lá na cinniúna, ní bheidh polaiteoir anseo ná ansiúd.  Tá an t-eolas as na teailithe fíor-thábhachtach do pholaiteoirí – níos tábhachtaí, silim, ná atá siad don phobal.  Go cinnte, baineann muid uilig sult agus solamar as na cuntais áitiúla vótála seo.  Ach cén buntáiste praiticiúil atá ansin don phobal?

B’fhéidir gurbh fhearr dá nglacfadh muid comhairle Bhertie Ahern, cé nár cheap muid é sin san am.  Dá mhéid eolais atá ag polaiteoirí faoin gclaonadh vótála atá i gceantair tuaithe – nó in áit ar bith eile – is amhlaidh is fearr leo é.  Má tá an vóta láidir agus seasmhach,  cén brú atá ar pholaiteoir? Mura bhfuil polaiteoir ag fáil slám vótaí fiú agus a chion déanta aige, an ndéanfaidh sé lagan ar a chuid iarrachtaí sa gceantar sin?

Do na polaiteoirí agus ní don phobal a thugann na ‘aul’ pencils’ agus córas na dteailithe an t-armlón.