Tábhacht neamhghnách le Tuaisceart Éireann agus vóta an Brexit ag teannadh linn

Tá na bráithre ag teacht thar sáile agus an chuma ar an scéal go mbeidh tábhacht mhór le vóta an Tuaiscirt i dtaobh an Brexit

Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Nach iontach an máistir é an riachtanas. Chaith Seansailéir an Státchiste, George Osborne, dhá lá abhus i mbun feachtais ag tathant ar dhaoine vótáil in aghaidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach sa reifreann ar an 23 Meitheamh. Thairis sin, déanfaidh maithe agus móruaisle na dTóraithe cosán dearg go dtí Tuaisceart Éireann sna seachtainí seo romhainn. Móruaisle ar aon nós, mar i bhfianaise a bhfuil le rá ag Tóraithe ó dhá thaobh an fheachtais faoina chéile is cosúil nach bhfuil maithe ar bith sa pháirtí.

Ó tháinig David Cameron i gcumhacht mar Phríomh-Aire sé bliana ó shin b’annamh a léirigh sé suim sa réigiún seo. Ba é a theachtaireacht do na cinnirí i Stormont a gcuid fadhbanna féin a réiteach nó labhairt leis an Státrúnaí Theresa Villiers. Tá cor nua sa scéal áfach.

Baineadh croitheadh as Cameron, Osborne agus a gcairde nuair a léirigh pobalbhreitheanna le laethanta beaga anuas go raibh lucht na Breatimeachta imithe chun tosaigh. Mar bharr ar an donas thit luach an sterling de bharr na bpobalbhreitheanna. Mhúscail na drochscéalta sin suim sa tuaisceart mar a bhfuil móramh, deirtear, i bhfabhar fanacht san AE. Go tobann, tá vótaí sna réigiúin dhíláraithe an-luachmhar don fheachtas ‘fan’. Scéal thairis é ach níl an Príomh-Aire ag moladh d’éinne éisteacht le Villiers ná labhairt léi ó tá sí ar dhuine den dream is glóraí ag moladh Brexit.

De réir pobalbhreithe a rinne YouGov an tseachtain seo caite bhí 45% i bhfabhar imeacht as an AE agus 41% ag iarraidh fanacht ann. I gcaitheamh míosa bhí méadú 5% ar lucht imeachta agus laghdú 1% orthu sin ar mhian leo fanacht. Rinne ICM suirbhé ag deireadh na seachtaine a thuairisc go raibh 48% ag tacú le Breatimeacht ( méadú ó 47% le seachtain) i gcomparáid le titim aon phointe go 43% maidir le líon na ndaoine atá ag iarraidh fanacht. Tá na torthaí sin ag teacht leis an bpatrún a léiríodh i sraith pobalbhreitheanna le cúpla seachtain anuas.

Is mór idir na torthaí sin agus an leagan amach i dTuaisceart Éireann agus in Albain. Sa tuaisceart tá 56% i bhfabhar fanacht san AE, 26% ar son na Breatimeachta agus 18% neamhchinnte. In Albain áirítear go bhfuil os cionn beirt as gach ceathrar tiomanta do bhallraíocht san AE. Sa Bhreatain Bheag tá móramh beag i bhfabhar fanacht san AE.

Ceapadh go dtí anois gurbh iad na vótóirí sna réigiúin sin a bheadh thíos le cinneadh an phobail i Sasana ach má tá an bhearna idir fanacht agus imeacht chomh cúng i Sasana agus a léiríodh sna pobalbhreitheanna seans go mbeidh tionchar suntasach ar an scéal ag vótaí abhus, sa Bhreatain Bheag agus in Albain. Gan dabht beidh aird as an gcoitiantacht ag lucht feachtais ón dá thaobh orainn go ceann tamaill.

Tá beocht sa bhfeachtas ar deireadh agus práinn leis. Údar mór imní d’fheirmeoirí, do dhaoine a thrasnaíonn an teorainn le haghaidh gnó agus don earnáil a bhain buntáiste as maoiniú síochána an AE is ea na foláirimh a thug an Seansailéir Osborne. Chinnteodh Breatimeacht daingniú na teorann, méadú ar dhífhostaíocht, titim ar thacaíocht airgid d’fheirmeoirí agus caillteanas £1.3 billiún faoi 2018, a dúirt sé. Scéal chailleach an uafáis arsa an taobh eile ach níor sholáthair siad fianaise chun é a bhréagnú.

Beidh na bráithre ag teacht thar sáile ag trasnaíl ar a chéile . Deirtear go mbeidh Cameron, John Major agus Tony Blair i measc na bhfeachtasóirí a mbeidh a dtriall anseo go luath, chomh maith le Boris Johnson, Kate Hoey agus, ar ndóigh, an Státrúnaí Villiers. Tá coicís acu le dhul i bhfeidhm ar dhaoine.