Tá stíl scríbhneoireachta ar nós salainn: bíonn blas ar an mbeagán

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá stíl ar cheann de dhornán gnéithe de chuid na ceirde gur féidir le scríbhneoir feabhas a chur uirthi as a stuaim féin

Tá stíl scríbhneoireachta ar nós salainn: bíonn blas ar an mbeagán

Tá albam nua amuigh ag an amhránaí as Meiriceá, Aimee Mann, agus is leithscéal iontach é sin chun breathnú ar an ngné bhunúsach sin den scríbhneoireacht chruthaitheach ar a dtugtar stíl. Is é an chaoi go bhfuil stíl chomh so-aitheanta sin ag Mann go bhféadfadh duine amhrán dá cuid a aithint gan oiread agus nóta ceoil a chloisteáil; ba leor sracfhéachaint ar na liricí.

We’re babies passing for adults

Who’ve loaded up their catapults

And can’t believe the end results

…a chasann sí ar Simple Fix, an traic is deise liom ar an albam nua. In amhráin eile ar an albam, déanann sí rím idir ‘smoke machine’ agus ‘dopamine’, idir ‘hocus-pocus’ agus ‘pulling focus’, agus an ceann is fearr liom féin, ‘myself’ agus ‘continental shelf’.

Is ea, is beag an smacht a bhíonn ag Mann uirthi féin nuair a bhíonn rím i gceist. Bíonn cuma saghas ciotach ar a cuid meafar ach bíonn siad éifeachtúil (na leanaí agus a gcuid crann tabhaill thuas, mar shampla), bíonn rithim an válsa le mórán chuile amhrán, agus is mór an dúil a bhíonn aici sa cliché.

Ní hionann sin is a rá áfach go bhfuil cliché déanta ag Mann di féin nó dá cuid oibre. Níl ann ach gur aimsigh sí múnla a d’oibrigh go maith i bhfad siar (tá sí ag cumadh amhrán le dhá scór bliain anuas) agus gur chloígh sí leis. 

Is éard a thugtar ar chur chuige den chineál sin – cur chuige arb ionann é dáiríre agus meascán d’fhoirmlí teicniúla agus roghanna pearsanta friotail – ná stíl. 

Tarlaíonn go bhfuil cúrsaí stíle ar cheann den dornán gnéithe de chuid na ceirde seo gur féidir le scríbhneoir feabhas a chur uirthi as a stuaim féin. Ach chuige sin, caithfidh duine a stíl féin a aithint ar dtús, agus níl sé sin furasta.

Is beag scríbhneoir a mbíonn stíl chomh so-aitheanta aige agus atá ag Aimee Mann, agus ar an drochuair, bíonn sé i bhfad níos deacra ar dhuine saintréithe a chuid scríbhneoireachta féin a aithint ná saintréithe scríbhneoireacht duine eile.

Ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Síor-athléamh agus síoranailís ar do shaothar féin an tslí is fearr chun do stíl féin a aithint. I mo chás féin, gan ach sampla amháin a lua, thug mé faoi deara in imeacht na mblianta go mbím tugtha don uaim (‘aidiachtaí aisteacha, áiféiseacha ar mhaithe leis an litir A’, mar shampla, nó go deimhin an abairt thuas, ‘síor-athléamh agus síor-anailís ar do shaothar féin an tslí is fearr chun do stíl féin a aithint’).

Rud beag róthugtha, b’fhéidir.

Ó thug mé an claonadh sin faoi deara, coinním smacht orm féin ar eagla go mbeadh cáil na huama orm feasta, mar a bhíonn cáil na ríme ar Aimee Mann. 

Tá stíl ar nós salainn: bíonn blas ar an mbeagán.