Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn

Ar deireadh thiar is tábhachtaí agus is dlisteanaí toil mhuintir na Catalóine ná aon dlí a bhrúitear orthu ón taobh amuigh. Cuimhnímis gur fhógair na Sasanaigh go raibh an chéad Dáil ‘mídhleathach’

Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn

Tá rialtas réigiúnach na Catalóine ar tí neamhspleáchas na tíre sin ón Spáinn a fhógairt i ndiaidh reifreann inar thug 92% díobh siúd a vótáil tacaíocht don fhógairt.

Deir an rialtas s’againne, ámh, nach dtabharfaidh siad aitheantas don bhfógra toisc go raibh an reifreann ‘mídhleathach’ faoi dhlí is bunreacht na Spáinne.

B’fhéidir gurbh fhiú don rialtas seo, a thogh an 32ú Dáil, cuimhneamh gur fhógair na Sasanaigh go raibh an chéad Dáil i 1919 ‘mídhleathach’ freisin.

Ar deireadh thiar is tábhachtaí agus is dlisteanaí toil an phobail ná aon dlí a bhrúitear orthu ón taobh amuigh.  Bhí sé sin fíor i gcás na hÉireann agus tá sé fíor freisin i gcás na Catalóine.

Mar, tá prionsabal amháin ann maidir leis na cúrsaí seo: is é sin, ceart féinchinntiúcháin náisiúnta gach aon náisiún.

I gcás na Catalóine, tá teanga dá gcuid féin acu, tá stair liteartha is pholaitiúil a théann siar na céadta bliain is tá eacnamaíocht choiteann ag a muintir.

Cinnte, tá an ceart céanna ag daoine vótáil ar son a bheith aontaithe leis an Spáinn más mian leo, ach níl aon cheart morálta ná eile ag an Spáinn an lámh láidir a úsáid ar mhaithe le stop a chur le muintir na Catalóine a gceart  bféinchinntiúcháin náisiúnta a léiriú i reifreann.

Tá dreamanna anseo in Éirinn atá ag iarraidh ceart na Catalóine a laghdú bunaithe ar an argóint gur tír shaibhir í agus gur saint atá taobh thiar d’éileamh an neamhspleáchais.  Ach is cuma faoin argóint sin ná na fáthanna, tá an ceart féinchinntiúcháin i gcónaí ag pobal na tíre.

Tá dreamanna eile ag rá gur fhan na daoine a bhí i gcoinne an neamhspleáchais sa mbaile agus nár léiríodh mar sin tacaíocht an phobail don éileamh. Ach bhí an ceart ag gach saoránach vótáil go dtí gur chuir fórsaí foréigneacha na Spáinne isteach ar an reifreann.

In ainneoin na láimhe láidir d’éirigh le 43% de na vótóirí vóta a chaitheamh, agus bhí 92% díobh siúd ar son an neamhspleáchais.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh de thoradh chomh soiléir sin.  Agus tá sé ait nach bhfuil Éire, tír ar fáisceadh í as an neamhdhlisteanacht (dar leis na Sasanaigh), ag tacú go poiblí leis an gCatalóin.

Is fiú cuimhneamh freisin nach raibh aon deacracht ag Éirinn, ná ag Aontas na hEorpa, aitheantas a thabhairt do scaradh na Slóivéine, na Cróite agus na Boisnia ón Iúgslaiv, cé gur scar siad in aghaidh an dlí agus an bhunreachta a bhí bhfeidhm ag an am san Iúgslaiv.

Mar an gcéanna freisin, d’imigh an Liotuáin, an Laitvia agus an Eastóin ón Aontas Sóivéadach ar bhealaí a bhí mídhleathach agus míbhunreachtúil san Aontas Sóivéadach mar a bhí.

Cén fáth go bhfuil dlí na Spáinne – nach gceadaíonn scaradh na Catalóine ón stát – níos tábhachtaí ná dlí na hIúgslaive nó an Aontais Shóivéadaigh?

Níl sa gcaint sin faoi dlí ach cur i gcéill ag daoine nach bhfuil sásta a admháil go bhfuil an ceart ag pobal scaradh ó stát más sin toil an phobail.

An bhféadfadh Corcaigh mar sin neamhspleáchas a lorg ón gcuid eile den tír seo?  Sin é an cineál seafóide a mbaintear úsáid as le labhairt i gcoinne na Catalóine.

Ar ndóigh ní náisiún astu féin iad muintir Chorcaí maidir le teanga, stair, cultúr ná eacnamaíocht.

Tá cás níos láidre ann sa tuaisceart, ach amháin gur ar bhonn creidimh a iarrtar stádas faoi leith. Tuigeann muid gurb é an chaoi is fearr le stát aontaithe a chruthú in Éirinn ná trí thacaíocht d’athaontú na hÉireann a fháil ón bpobal Protastúnach ó thuaidh.

Ní thugann sin, ámh, aon cheart do na póilíní ó thuaidh an lámh láidir ná  an bhrúidiúlacht a úsáid i gcoinne an mhionlaigh ó thuaidh, mar a mhínigh Póilín Ní Chiaráin ar Tuairisc.ie le deireanas.  Agus níl aon cheart ag póilíní na Spáinne an rud ceannann céanna a dhéanamh sa gCatalóin.

Is í firinne an scéil, measaim, go bhfuil náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn.  Tá siad chomh buíoch sin den Aontas Eorpach as muid a rialú go gcaithfidh muid fanacht ar cibé cinneadh a dhéanfaidh an Ghearmáin agus an Fhrainc i dtaobh na Spáinne is na Catalóine.

Ní chreidim gur n-éireoidh le muintir na Catalóine a bheith i gceannas ar a dtír féin fad is a fhanfaidh siad san Aontas Eorpach, ach is iadsan, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh an cinneadh sin.

Ba cheart go seasfadh rialtas na tíre seo leo go hoscailte.