Tá laethanta saoire faoin ngrian sórt cosúil le hológa agus húmas…

Tiocfaidh an lá go mbeidh orm a admháil gur mé an sórt duine a dtaitníonn tósta is marmaláid agus muigín tae liom, agus gur mé an sórt duine nach maith liom laethanta saoire faoin ngrian

Tá laethanta saoire faoin ngrian sórt cosúil le hológa agus húmas…

Tá barúil agam nach maith liom laethanta saoire faoin ngrian.

Ach is í an deacracht atá agam ná go gceapaim gur chóir go dtaitneoidís liom.

Is maith liom an ghrian ar m’éadan. Is maith liom an tsaoirse. Cén fáth nach maith liom é nuair a chuireann tú an dá rud le chéile?

Tá laethanta saoire faoin ngrian sórt cosúil le hológa agus humas. Ar chúis éicint, ceapaim gur chóir go dtaitneoidís liom. Chuile uair a mbainim triail astu, tá siad togha, ach… mhairfinn dá n-uireasa, is dócha.

Cloisim daoine ag caint ar ológa agus humas is chomh deas is atá siad agus go bhfuil siad go maith duit freisin agus deirim liom féin, ‘Wow, tá sé sin an-cool, gabhfaidh mé síos ar an margadh Dé Sathairn seo chugainn agus ceannóidh mé slám’.

D’íosfainn iad, ach ní insíonn sé sin tada duit mar go ndéanfainn iarracht ar an chuid is mó cineálacha bia dá leagfaí agam iad, seachas súile caorach (súile go ginearálta, is dócha) ná aon chuid den chosamar feola. Ó, ná ní cheapaim go mbeinn in ann ag feithidí. Ach taobh amuigh de sin, dhéanfainn iarracht.

Déanaim iarracht freisin ar laethanta saoire faoin ngrian. Ach… níl a fhios agam.

Bíonn an chéad lá go breá, tá an dara lá togha ach feictear dom faoin tríú lá go mbíonn tú ag imeacht as do chiall, preab i do shúil, tú ag gúgláil eitiltí abhaile agus tú plúchta ag an mboladh cnó cócó ar an aer.

‘Tá muid ag dul go dtí an Éigipt ar laethanta saoire,’ a dúirt fear liom roinnt blianta siar. ‘Nach aoibhinn Dia daoibh,’ a dúirt mé. ‘Ba bhreá liom dul anonn is na pirimidí a fheiceáil lá breá éicint.’

‘Ó, níl muid ag dul chuig na pirimidí,’ a dúirt sé.

Caithfidh mé a rá gur bhain sé sin siar asam. Nuair a bheadh tú imithe 2,675 míle as Éirinn go dtí an Éigipt ar laethanta saoire, nach mbeadh sé chomh maith agat imeacht cúpla míle eile agus na diabhal pirimidí is an sfioncs a fheiceáil le do dhá shúil féin?

Déarfá go raibh sé sin sách dona, ach is beag nár thit mé as mo sheasamh ar fad nuair a chuala mé an chéad rud eile a dúirt sé. “Ó is aoibhinn linn an Éigipt, seo’d í an tríú bliain anonn againn.”

‘Ó,’ a dúirt mé, ‘is dócha go bhfuil na pirimidí feicthe agaibh cheana féin mar sin.’

‘Ara níl,’ a dúirt sé, ‘ní bheadh mórán spéise agam sna pirimidí dháiríre.’

‘Fanann muid in ionad saoire is faigheann muid pacáiste agus gach rud san áireamh ann, bia, deoch, lóistín, chuile shórt is luíonn muid faoin ngrian ar feadh coicíse.’

Anois, níl aon locht agamsa ar an leisce. Ná fiú ar an deargleisce féin. Ach chaithfeá a rá go raibh an fear seo imithe ó smacht uilig. Dá mbeinn ag dul go dtí an Éigipt agus do mo shíneadh siar ó thóin go heireaball ar feadh coicíse, ceapaim go mbeadh sé de mhúineadh orm beagáinín náire a bheith orm faoi mo chuid pleananna.

Nó, ar laghad, ligfinn orm féin go raibh na pirimidí feicthe agam. ‘Ó is mór an áilleacht iad,’ a déarfainn le duine ar bith a chuirfeadh ceist orm agus mé ag súil nach raibh an loinnir ón dó gréine ar m’éadan á gcaochadh.

‘Tá siad dochreidte dháiríre! Cé a cheapfadh go mbeadh daoine in ann iad a thógáil na mílte bliain ó shin? Chaithfeadh gur dream an-stuama a bhí iontu,’ a déarfainn, nó rud éicint mar sin.

Tiocfaidh an lá, is dócha, go mbeidh orm glacadh leis nach maith liom ológa ná humas. Beidh orm a admháil gur mé an sórt duine a dtaitníonn tósta is marmaláid leo agus muigín tae agus bogadh ar aghaidh le mo shaol.

Is dócha, lá éicint, go mbeidh orm glacadh leis nach maith liom laethanta saoire faoin ngrian ach an oiread. Ach níor tháinig an lá sin fós.