Tá foiche i bhfolach sa charr agus tá sí ag iarraidh mé a mharú!

Níl a fhios agam an bhfuil doirne ag foichí, nó an é go bhfuil mearbhall orm, ach bhí mé ionann is cinnte go bhfaca mé í ag bagairt doirn orm

Tá foiche i bhfolach sa charr agus tá sí ag iarraidh mé a mharú!

Ceapaim go bhfuil foiche i bhfolach in áit éicint i mo charr agus tá mé a cheapadh go bhfuil sí ag iarraidh mé a mharú. Thosaigh sé Dé Máirt is tá rudaí ag imeacht in olcas ó shin.

Níl a fhios agam cá mbíonn na foichí an chuid eile den samhradh ach tá a fhios agam go dtagann siad amach an choicís áirithe seo agus iad meáite ar scrios. Shamhlóinn go mbíonn siad ag rá leo féin, ‘má tá ormsa an saol seo a fhágáil, togha, ach m’anam go dtarraingeoidh mé ruainnín gleo sula n-imeoidh mé’.

Chonaic mé ar dtús í nuair a tháinig mé amach ag an gcarr an tráthnóna cinniúnach sin agus mé ar mo bhealach abhaile. Bhí sí taobh istigh ag déanamh a bealaigh suas ar an bhfuinneog ar thaobh an tiománaí. M’fhuinneogsa!

Bhí na fuinneoga fágtha ar oscailt ar éigean agam ar feadh an tráthnóna chun aer a scaoileadh isteach. Nach orm a bhí an tseafóid. Nárbh fhearr i bhfad a bheith sórt leathphlúchta sa gcarr ar do bhealach abhaile ná sáite i mbattle royale le foiche gan trócaire?

Siúd léi go mall díoscánach agus an chuma uirthi go raibh braon maith sa gcuircín aici agus fonn troda uirthi chomh maith.

Stop mé den siúl. An raibh mo dhóthain ama agam?

Tharraing mé chugam mo mhisneach. Réitigh mé an eochair i mo lámh agus isteach liom sa bhearna bhaoil.

Sheas mé chomh fada is a d’fhéadfainn ón doras ach mé fós in ann mo lámh a shíneadh chomh fada leis an nglas. Chuir mé an eochair isteach agus croitheadh i mo láimh, súil amháin agam ar an namhad, an tsúil eile ar na flaithis.

D’oscail mé an doras agus chuaigh an fhoiche in aer. Léim mé isteach agus thosaigh ar an bhfuinneog a rollú suas mar a bheadh Dia á rá liom.

Bzzzzz, bzzz, bzz!

Bhí sise ag eitilt i dtreo na hoscailte. Bhí mise ag rollú, rollú, rollú is mo chroí ag preabadh. A lámha dílse ná tréigigí mé in am an ghátair.

Shuigh mé ansin nó gur tháinig m’anáil ar ais chugam. Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog. Bhí an fhoiche fós ann is í ag faoileáil thart, ag stánadh isteach orm. Go bagrach.

Níl a fhios agam an bhfuil doirne ag foichí, nó an é go bhfuil mearbhall orm, ach bhí mé ionann is cinnte go bhfaca mé í ag bagairt doirn orm.

‘Tuilleadh diabhail agat anois!,’ a dúirt mé, is thosaigh mé an carr. Vrúm, vrúm, vrúm, níor mhór dhuit a bheith sciobtha chun breith ormsa, a dheirfiúirín!

Is dócha go raibh an iomarca gaisce agam dháiríre. Leath bealaigh siar ar Bhóthar Loch an Iolair a bhí mé lá arna mhárach nuair a chuala mé bzzzz i ngar do mo chluais. Phréach mé leis an bhfaitíos.

Dá mba chuileog nó míoltóg a bheadh ann, seans go dtabharfainn iarraidh uirthi. Ach foiche? Is é chaoi a mbeinn á saighdeadh tuilleadh. Tá a fhios ag chuile dhuine gan olc a chuir ar fhoiche, nó tá tú réidh.

Tharraing mé isteach an carr agus, deas réidh, sheas mé amach aisti. D’fhág mé an doras ar oscailt i mo dhiaidh ar nós cuma liom agus shiúil mé cúpla coisméig ón gcarr ag breathnú amach uaim ar an radharc álainn de na Beanna Beola agus an criathrach faoi bhláth ag an aiteann agus an fraoch. Nár dheas an áit é seo d’fhoiche lena cuid laethanta deireanacha a chaitheamh?

Níor bhreathnaigh mé siar ar an gcarr, ar fhaitíos go gcuirfinn tuilleadh oilc uirthi.

Théis cúig nóiméad nó mar sin tháinig mé ar ais is ní raibh mé in ann í a fheiceáil níos mó. Shuigh mé isteach sa gcarr agus d’imigh mé abhaile.

Ach níl a fhios agam cá ndeachaigh sí. Is tá mé beagnach cinnte go gcloisim bzzz bzz bzz in áit éicint.