Sparánacht ‘Líofa’ curtha ar fáil arís ag Givan ach ‘an dochar déanta’

Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa an ‘Dream Dearg’ go bhfuil siad fíorbhuíoch de gach duine a chabhraigh leis an bhfeachtas in aghaidh chinneadh Givan ach gur dírithe ar Acht Gaeilge a bhí an Dream Dearg ón tús

Sparánacht ‘Líofa’ curtha ar fáil arís ag Givan ach ‘an dochar déanta’

D’fhógair an tAire Pobal Paul Givan ar maidin go bhfuil an €50,000 a bhain sé den scéim ‘Líofa’ “aimsithe” aige agus go bhfuil an deontas á chur ar fáil arís aige. Bhain conspóid mhór le cinneadh Givan deireadh a chur leis an deontas a thugann deis do dhaoine faoi mhíbhuntáiste freastal ar ranganna Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill. Mhaígh Givan inniu nár “chinneadh polaitiúil é” deireadh a chur leis an deontas.

Rinneadh cáineadh láidir ar chinneadh an Aire deireadh a chur leis an scéim sparánachta dhá lá roimh an Nollaig. Cuireadh frithGhaelachas i leith an Aire agus maíodh gur “ionsaí soiniciúil” ar an nGaeilge a bhí sa chinneadh agus gur “leithcheal soiléir” a bhí i gceist leis. Dúirt ceannaire Shinn Féin Gerry Adams “gur chinneadh aineolach ag duine aineolach a bhí ann” ach go maithfí do Givan é nuair a chuirfeadh sé an deontas ar bun arís.

Luaigh Martin McGuinness dearcadh diúltach an DUP i leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire.

Dúirt Givan ar Twitter ar maidin, áfach, nár chinneadh polaitiúil a bhí ann deireadh a chur leis an deontas agus go bhfuil an maoiniú curtha ar ais aige.

Dúirt urlabhraí ón ‘Dream Dearg’ le Tuairisc.ie go bhfuil an grúpa “ar bís” go bhfuil an deontas á chur ar fáil an athuair ag an Aire Givan ach thug an t-urlabhraí le fios go bhfuil “mórsprioc” an ghrúpa, Acht Gaeilge, fós le baint amach. Bhí agóid beartaithe ag an mbrúghrúpa lasmuigh den Roinn Pobal i mBéal Feirste tráthnóna agus leanfar leis an agóid in ainneoin an chinnidh.

“Tá an agóid go fóill ag dul ar aghaidh. Bunaíodh An Dream Dearg cúpla bliain ó shin, agus ní mar gheall ar sparánachtaí Líofa. Thug scéal Líofa an spreagadh dúinn anois, ach tá an mhórsprioc fós le baint amach – an tAcht Gaeilge ó thuaidh.

“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach páirtí agus le gach duine agus eagraíocht a thug tacaíocht don fheachtas go dtí seo. Tá muid ag súil go mbeidh na daoine, na páirtithe agus na heagraíochtaí céanna ag seasamh linn agus an feachtas ar son Acht Gaeilge ar siúl,” a dúirt an t-urlabhraí.

Chuir ceannairí polaitíochta agus polaiteoirí ó thuaidh fáilte ar maidin roimh an gcinneadh an t-airgead a chur ar fáil arís, ach tá go leor ann den tuairim nach leor an beart le toghchán a sheachaint.

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL nár leor cinneadh Givan. “Is bua é seo do na páistí agus do na daoine fásta atá ag iarraidh dul chun na Gaeltachta, ach ní leor é seo. Caithfear stop a chur le hionsaithe ar an Ghaeilge. Le blianta fada, is  an eochaircheist í an reachtaíocht leis an teanga a chosaint is a chothú. Cúis díomá don phobal nár comhlíonadh gealltanas Chill Rímhinn le 10 mbliana anuas. Níor chóir do na páirtithe pilleadh go rialtas gan Acht na Gaeilge a aontú roimh ré,” a dúirt Janet Muller.

  

Bhí idir pholaiteoirí, phearsana spóirt agus daoine mór le rá eile ina measc siúd a thug tacaíocht don fheachtas ar son na scéime Líofa. D’athraigh na dornálaithe Mick Conlan agus Paddy Barnes, a bhfuil boinn Oilimpeacha buaite acu ar son na hÉireann, a bpictiúir phróifíle go dtí íomhá de chiorcal bán ar chúlra dearg, íomhá atá á scaipeadh go fairsing ar na meáin shóisialta i measc lucht labhartha na Gaeilge agus daoine eile atá báúil don teanga.

Is as na hagóidí ‘Dearg le Fearg’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Conamara ag tús na bliana 2014 a ainmníodh ‘An Dream Dearg’. Tá an grúpa dírithe ar fheachtais a bhaineann le stádas na Gaeilge ó thuaidh, go háirithe sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Pobal.