‘Cinneadh i bprionsabal’ déanta ag an rialtas leanacht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE – Ó Laighin

Déanfar cinneadh faoi dheireadh na bliana seo, a deir Roinn na Gaeltachta. Seasamh ‘rúnda dúnta’ ag an Rialtas, a deir Ó Laighin

28/2/2012 European Union Flags

Tá cinneadh i bprionsabal déanta ag an rialtas leanacht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, dar leis an saineolaí ar chearta Gaeilge san Aontas Eorpach, an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin.

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil ar chearta teanga a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu, thug Ó Laighin le fios go raibh sé faighte amach aige nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a éileamh go gcuirfí deireadh leis an maolú.

“Is eol dom go bhfuil cinneadh i bprionsabal déanta ag an Rialtas gan deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge. Cuirfear deireadh leis an maolú an 31 Nollaig 2016 agus déanfar an maolú a athnuachan 1 Eanáir 2017,” a dúirt an Dr Ó Laighin.

Tá “seasamh dúnta rúnda” ag an Rialtas maidir le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach, a dúirt an Laighneach.

Dúirt sé go raibh cruinniú á lorg aige leis an Taoiseach le bliain anuas ach nár éirigh leis bualadh le Enda Kenny chun an scéal a phlé leis. Bhuail sé leis an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite, ach ní bhfuair sé aon fhreagra ar a cheisteanna, a dúirt sé.

Faoin maolú seo, ní gá na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse reatha an mhaolaithe, atá i bhfeidhm ó 2006, ar an lá deireanach den bhliain seo chugainn.

Thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Nuacht TG4 tráthnóna go ndéanfar cinneadh faoi mhaolú na Gaeilge roimh dheireadh na bliana seo. Dúradh go bhfuil an cheist á plé ag an Roinn agus Roinn an Taoisigh leis na ‘páirtithe leasmhara’.

Tugadh an maolú isteach nach mór deich mbliana ó shin mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge. Dúradh chomh maith nach raibh an téarmaíocht chuí ar fáil i nGaeilge chun na seirbhísí a sholáthar.

Tá an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin ag éileamh le fáda go gcuirfí deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge.

Dar leis go bhfuil leordhóthain daoine cáilithe anois mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe, agus cúntóirí chun go bhféadfaí deireadh a chur leis an maolú.

De réir taighde atá déanta aige, cáilíodh 349 duine sna blianta 2010 – 13, agus tá breis is 165 dhuine á n-oiliúint i mbliana, ar chúrsaí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Maidir le cúrsaí téarmaíochta, deir Ó Laighin go bhfuil an Ghaeilge anois chun tosaigh i measc na dtrí theanga dhéag a ainmníodh mar theangacha oifigiúla ó 2004 go dtí 2013.

 

Fág freagra ar '‘Cinneadh i bprionsabal’ déanta ag an rialtas leanacht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE – Ó Laighin'

  • Darren Mac an Phríora

    :roll:

  • Darren Mac an Phríora

    Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil mo shean-pictiúr proiflíl ag teacht suas i dtráchtanna ar an shuíómh seo. Scrios ná dhá teachtaireachtaí uaim le do thoil.

  • Eoghan ONeill

    Dearfainn gurab é an rud is mó a thabharfadh cosaint do ilghnéitheacht teangacha san Eoraip ná glacadh le hEsperanto mar cheann des na teangacha oifigiúla. Chuirfeadh sin comhstádas agus cothramaíocht i réim i gcursaí idir-chulturtha in áit an dóigh a bhfuil sé faoi láthair ina bhfuil Uebersprache amháin ag scuabadh na gcinn eile amach as an bhealach.

    • Seán Ó Riain

      Aontaím go hiomlán le hEoghan faoin Esperanto. Tá cuid againn ar lorg aitheantais éigin don Esperanto le fada, agus uaireanta géilltear beagán dúinn. Mar shample, mhaoinigh an Coimisiún an suíomh gréasáin lingvo.info, ina bhfuil cur síos in 21 theanga ar 28 dteanga – Esperanto ina measc. Scríobhas féin cuid na Gaeilge, agus chuireas Gaeilge ar an suíomh ar fad. Ach tá go leor ainbhiosán in iomaid chumhachtacha atá in ann cosc a chur ar aon phlé oscailte faoi Esperanto – is léir go dtuigeann siad ná fuil cás ar bith acu, agus go bhféadfadh aon phlé eolach faoi Esperanto cur as go mór do cheannas an Bhéarla. Ar ndóigh cloistear “plé” faoi Esperanto uaireanta nuair a chinntítear roimhré ná fuil aon duine den lucht plé eolach faoi Esperanto, agus gur féidir bheith cinnte go mbeidh na gnáth-fhreagraí diúltacha aineolachaa uathu.

  • Fearn

    Leadhb fada bréagach ag an rialtas agus cleas an mhéir fhada.

  • Breathnóir

    Nárbh fhéidir le Conradh na Gaeilge nó dream éigin mar sin feachtas a eagrú le brú a chur ar an Rialtas deireadh a chur leis an maolú seo. Tháinig na mílte amach ar son na Gaeilge ar shráideanna BÁC agus Bhéal Feirste anuraidh do ‘Dearg le Fearg’. Nárbh fhéidir na daoine sin a earcú le tacú lena leithéid d’fheachtas an iarraidh seo?

  • Éamonn Ó Gribín

    Bheidh Esperanto níos fearr ná an stádás reatha…Béarla ina phríomhtheanga ‘de facto’.