Chríochnaigh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban an deireadh seachtaine seo caite tar éis seachtain mhór cheiliúrtha ar an nGàidhlig agus ar chultúr Gaelach na hAlban.
Cuireadh clabhsúr ar an bhféile, a bhí á reáchtáil san hEileanan Siar i mbliana, nuair a tháinig na céadta amhránaí le chéile os comhair Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh, áit a raibh formhór na gcomórtas ar siúl i gcaitheamh na seachtaine, chun an t-amhrán ‘Sine Bhàn’ a rá.
Baill de chóir éagsúla agus amhránaithe aonair a ghlac páirt sna comórtais a bhí sa slua a bhailigh os comhair na scoile le slán ceolmhar a fhágáil lenar tháinig chuig na hoileáin le ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht Ghaelach.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Sine Bhàn’ á chanadh ag na céadta amhránaí ag deireadh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban i Steòrnabhagh'