Rinne mo mháthair chuile shórt chuile lá, ach dar leis an Stát níor oibrigh sí lá ina saol

Níl aon fhadhb agam lena a bhfuil ráite sa Bhunreacht faoin Teaghlach, ach amháin, nach bhfuil sé fíor

Rinne mo mháthair chuile shórt chuile lá, ach dar leis an Stát níor oibrigh sí lá ina saol

Tuairiscíodh le seachtainí beaga anuas go dteipfeadh ar reifreann chun deireadh a chur hAirteagal 41.2 den bhunreacht. De réir pobalbhreith a rinne an Sunday Times, dúirt 41% de na daoine a ceistíodh go mbeidís ar son deireadh a chur leis an airteagal agus dúirt 39% go mbeidís ina choinne.

Ar bhealach, ní chuireann an toradh iontas orm. Ar an gcéad léamh, cheapfá go ndéanfadh sé leas do mhná.  

An Teaghlach, Airteagal 41.2 & 2.1

Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais. Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.

Níl aon fhadhb agam lena a bhfuil san airteagal sin, ach amháin nach bhfuil sé fíor.

Ní thugann an Stát aitheantas dá laghad don obair atá déanta go traidisiúnta ag mná sa teaghlach (bíodh clann acu nó ná bíodh).

Is í an uair a bhfaigheann go leor mná amach faoi seo ná nuair a théann siad ag cur isteach ar an bpinsean agus deirtear leo nach bhfuil siad i dteideal an phinsin mar nach bhfuil a ndóthain, nó go minic aon íocaíochtaí ÁSPC déanta dóibh.

‘Tá mo shaol caite agam ag obair. Ba mhaith liom cur isteach ar an bpinsean más é do thoil é.’

‘Ach cá bhfuil do chuid íocaíochtaí ÁSPC?’

‘Bhuel, trí mo shaol sa teaghlach, bhí mé ag tabhairt cúnaimh don Stát nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.’

‘Tá sé sin go breá, ach an raibh aon obair cheart ar bun agat?’

‘Ach nach bhfuil sé ráite sa mbunreacht go bhfuil seirbhís déanta agam don stát?’

‘Ara tá is níl. Show me da money!’

Cé nach iad mná amháin atá i mbun obair theaghlaigh, is mó mná ná fir atá i mbun na hoibre seo agus dá réir, is mó mná ná fir atá thíos leis nuair nach bhfuil aon sochar ÁSPC tugtha ar an obair a dhéantar.  

Tá fíorbheagán bealaí ann chun na sochair ÁSPC a íoc go deonach taobh amuigh den ghnáthstruchtúr íoc mar a thuillir. Tá an Scéim um Chúramaí Baile ann, ach caithfidh tú filleadh ar an obair taobh amuigh den teach ag pointe éicint chun leas a bhaint as.

Má bhí tú ag obair mar oibrí ÍMAT tráth tá cead méid áirithe íocaíochtaí deonacha a íoc i gcásanna teoranta, sílim, nuair atá an ghealach lán, Satarn ag éirí agus gur Gemini atá ionat. Má tá do chéile féinfhostaithe agus go bhfuil tusa ag obair dó, níl tú i dteideal íocaíochtaí ÁSPC a dhéanamh beag ná mór, agus éirigh as do chuid seafóide!

Chuaigh mná a bhí pósta le feirmeoirí ag máirseáil roinnt blianta siar nuair a fuair siad amach nach raibh aon phinsean ag dul dóibh as a stuaim féin.

An toradh a bhí air sin ná go bhfuil siad anois i dteideal pinsin as a stuaim féin ach a chruthú gur páirtnéirí iad sa bhfeirm. Próiseas an-simplí atá ann, de réir mar a thuigim é, níl uait ach litir ón bpápa, súil an tsalamandair agus cleite an iolair.

Fiú dá ndéanfaí leasú ar Airteagal 41.2 is go mbainfí amach an focal ‘bean’ nó ‘máthair’ agus go gcuirfí ‘duine’ nó ‘fear nó bean’ ina n-áit, ní thabharfadh sé aghaidh ar an mbunfhadhb. Is é sin ná nach dtugtar aon mheas ar obair theaghlaigh ná ar obair fheighlithe sa teach.

‘Níl ansin ach obair na mban,’ amhail is nach fiú tada í.

Bhain mo mhuintir le glúin ina ndearna na mná mórán chuile shórt a bhain leis an teach agus leis na gasúir. Is í mo mháthair a réitigh gach béile, is í a choinnigh an teach glan. Is í a d’éireodh linn san oíche dá mbeadh muid tinn, is í a choinnigh ‘an seó ar an mbóthar’.

B’in obair na mban.

D’oibrigh sí sa siopa le m’athair agus rinne sí obair ar an bhfeirm. Ach fad is a bhaineann sé leis an Stát níor oibrigh sí lá ina saol, ná na mílte mná eile mar í ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Rinne mo mháthair chuile shórt chuile lá, ach dar leis an Stát níor oibrigh sí lá ina saol'

  • Duine a thugann

    Ag labhairt dom i mo cháil mar dhuine a thugann don Stát cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, is mian liom a lua nach dtugann an Stát an cúnamh céanna sin domsa, ach go gcuireann sé bac ar mo ghnóthaí, de bharr neamhinniúlachta, sa chaoi is go mbíonn orm seacht litir a scríobh (trí cinn i nGaeilge agus ceithre cinn i mBéarla) chun an rud atá ag gabháil dom a fháil, fiú mura bhfuil sa rud sin ach deimhniú is gá dom a fháil ó ghníomhaireacht Rialtais amháin le tabhairt do ghníomhaireacht Rialtais eile chun tic a chur i mbosca a bheadh míshocair murach an tic céanna sin. Mo leithscéal, tá mé tosaithe ag tabhairt amach faoi rud eile seachas ceist an phinsin. Is deacair scaití a bheith spriocdhíríthe maidir leis an tabhairt amach.