Ré nua polaitíochta, ach ní bheidh na roghanna aon phioc níos éasca

Deirtear go mbeidh plé na cáinaisnéise níos oscailte agus níos tomhaiste sa Dáil nua. Dáiríre?

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Is léir ar chaon taobh i dTeach Laighean nach féidir buiséid a phleanáil ná a phlé a thuilleadh de réir na gcleachtas traidisiúnta.

Dá gcuirfeadh rialtas Enda Kenny buiséad faoi bhráid na Dála mar is gnáth, bheadh sé ionann agus cinnte go ndiúltófaí gan mhoill do bheartais éagsúla a d’fhógródh Michael Noonan agus Paschal Donohoe.

Ní faoi rún ach os comhair an tsaoil a phléifear sonraí an bhuiséid feasta. Ba chóir mar sin gur chun tairbhe dúinn uilig a rachaidh an cur chuige nua atá geallta. Ní sa rialtas amháin a phléifear na roghanna atá le déanamh, ach ag cruinnithe den choiste nua (féach thíos) ina mbeidh cúrsaí cáinaisnéise á bplé.

Dúradh sa Dáil i rith na seachtaine go dtabharfadh an próiseas nua deis don Dáil a chinntiú:

  1.  Go mbeadh fóirithint chuí ar na réigiúin sa bhuiséad (Dara Calleary, Fianna Fáil).
  2. Go mbeadh an buiséad cothrom (Pearse Doherty, Sinn Féin).
  3. Go ndeimhneofaí cothromaíocht inscne sa bhuiséad (Joan Burton, Lucht Oibre).
  4. Go mbeadh beartais théagartha frithbhochtaineachta ann (Richard Boyd Barrett, AAA/PbP).
  5. Nach ndéanfaí dearmad ar aschur carbóin (Éamon Ryan, an Comhaontas Glas).

Níl locht ar bith ar na haidhmeanna breátha seo. Ach is ar roghanna crua a bhunaítear gach buiséad. Ní bheidh na roghanna níos éasca sa ré nua pholaitiúil.

Meastar go mbeidh thart ar 1 billiún sa bhreis le caitheamh ag an rialtas in 2017.

Ach níl an oiread roghanna ar fáil agus a shílfeá ar an gcéad amharc ar an bhfigiúr breá mór sin.

Cuir san áireamh an caiteachas breise ar an tseirbhís sláinte (ina bhfuil earcaíocht bhreise srianta mar gheall ar easpa airgid i mbliana) a bheidh riachtanach an bhliain seo chugainn. Ní bheidh fágtha dá bharr ach thart ar 500 milliún.

Ach tá i bhfad níos mó ná 500 milliún iarrtha san iomlán ag ranna éagsúla rialtais i gcomhair 2017.  Agus fiú dá gcaithfí an fuílleach iomlán ar thithíocht, chuirfí i leith an rialtais nach leor é.

Is furasta a bheith amhrasach agus a thuar go roinnfear an t-airgead ar mhórán rann, ar dhóigh nach leigheasfaidh fadhb ar bith agus ar dhóigh a shásóidh Neamhspleáigh anseo is ansiúd.

Chuirfeadh an léargas amhras ar naomh. Ach ná bímis ró-amhrasach, go bhfeicfear céad thoradh na ré nua.

SCABS sa Dáil?

Neosfaidh an aimsir an athrú chun feabhais nó chun donais a thiocfaidh as dréachtú an Bhuiséid sa Dáil nua. Toisc nach bhfuil móramh ag an rialtas nua, beidh tionchar nach beag ar an mBuiséad ag Fianna Fáil go háirithe agus ag páirtithe/grúpaí eile.

Beidh John Paul Phelan ó Fhine Gael ina chathaoirleach ar an réamhchoiste a bunaíodh go foirmiúil le vóta Dála Dé Céadaoin chun leagan amach na socruithe nua cáinaisnéise a phlé. Cibé toradh a bheas ar chruinnithe an choiste, tá botún amháin déanta fiú agus gan na comhaltaí i mbun oibre fós.

Is cosúil nár chuimhnigh duine ar bith in am ar an acrainm (nó acronym) a bhaistfear ar an gcoiste nua, ainneoin é a bheith soiléir ó na ceannlitreacha Béarla: ‘Select Committee on Arrangements for Budgetary Scrutiny’.

An t-acrainm a chumfar mar ainm gairid ar an gcoiste? SCABS, gan dabht, cé nach mbeidh aon chomparáid idir baill an choiste nua agus sáraitheoirí stailce.

 Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille