Raic idir Conradh na Gaeilge agus an DUP agus na ‘daill agus na bacaigh’ tarraingthe isteach sa scéal

Ráiteas a rinne Edwin Poots gurbh iad siúd atá dall agus bacach a bheadh thíos leis dá dtabharfaí Acht Gaeilge isteach a chuir tús leis an aighneas ar Twitter

Raic idir Conradh na Gaeilge agus an DUP agus na ‘daill agus na bacaigh’ tarraingthe isteach sa scéal

Tá sé ina raic idir Conradh na Gaeilge agus an DUP faoi mhaíomh an iar-aire sláinte Edwin Poots gurbh iad ‘na daill agus na bacaigh’ a bheadh thíos leis dá dtabharfaí  Acht Gaeilge isteach ó thuaidh.

Thug Conradh na Gaeilge le fios le déanaí go ndúirt Edwin Poots leo go raibh an costas atá luaite ag an eagraíocht teanga le hAcht Gaeilge “réasúnta”.

Tugadh le fios i mí an Mheithimh go ndúirt Edwin Poots an méid sin ag an gcruinniú a bhí ag an gConradh le ceannaire an DUP, Arlene Foster, ag deireadh mhí Aibreáin.

Níor bhréagnaigh an DUP ráiteas an Chonartha ag an am, ach dúirt Poots féin inniu ar Twitter go ndearnadh mí-aithris ar an méid a dúirt sé faoi chostas an Achta ag cruinniú an earraigh.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go raibh sé féin ‘sa seomra’ nuair a dúirt Poots go raibh costas “réasúnta” á lua leis an Acht.

Ráiteas a rinne Poots gurbh iad siúd atá dall agus bacach a bheadh thíos leis dá dtabharfaí Acht Gaeilge isteach a chuir tús leis an aighneas ar Twitter.

Mhaígh Poots go gcosnódh sé €100 milliún Gaeilge a chur ar chomharthaí bóthair an Tuaiscirt agus go raibh an figiúir sin bunaithe ar chostáil a rinne státseirbhísigh. Thug Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge dúshlán Poots mar gheall ar fhoinse an eolais sin, ach níor éirigh le fear an DUP go fóill aon chruthúnas a chur ar fáil chun tacú lena áiteamh.

Mhaígh Poots gur ‘fantasy figure’ a bhí á lua ag Conradh na Gaeilge i dtaobh chostas an Achta agus cuireadh easpa ‘measa’ ina leith nuair a chaith sé amhras ar fhigiúirí an Chonartha.

Thosaigh an raic ar Twitter mar gheall ar an gceangal a rinne an polaiteoir sinsearach de chuid an DUP idir an t-éileamh ar reachtaíocht teanga a thabharfadh cosaint do chearta phobal na Gaeilge agus moltaí nua i dtaobh ciorruithe ar an tseirbhís sláinte.

“Is iad na seirbhísí is tábhachtaí a chuirtear ar fáil do dhaoine ná cúram sláinte. An tábhachtaí an Ghaeilge ná ceart an duine obráid ghlúine nó obráid chromáin a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnta? Tá sé soiléir domsa i m’aigne istigh nach bhfuil.

“Má tá duine ag éirí dall an lú againn an tábhacht a bhaineann leis sin ná na hacmhainní ar fad atá á n-éileamh acu do mhionteanga? Tá an rud atá ar bun acu mícheart agus tá sé ag cur isteach ar an uile dhuine i dTuaisceart Éireann,” a dúirt Poots in agallamh a foilsíodh ar an News Letter inniu.

Dúirt Poots go raibh £32 milliún in aghaidh na bliana á chaitheamh ar an nGaeilge cheana féin agus nach bhféadfaí a mhaíomh dá bharr go bhfuil aon “leithcheal rómhór” á dhéanamh ar an teanga.

Tá moltaí maidir le £70 milliún de chiorruithe a dhéanamh ar an tseirbhísí sláinte foilsithe ag iontaobhais sláinte ó thuaidh.

Dúirt Edwin Poots nach gceadódh aon aire sláinte a leithéid dá mbeadh an feidhmeannas i mbun oibre agus chuir sé an milleán as teip na n-iarrachtaí Stormont a athbhunú ar Shinn Féin.

Mhaígh Poots go raibh Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh na comharthaí bóthair ar fad sa Tuaisceart i nGaeilge agus go gcosnódh a leithéid £100 milliún.

“Níl aon seans go bhféadfaimis glacadh leis sin agus muid ag déileáil le €70 milliún de chiorruithe sa tseirbhís sláinte,” a dúirt Poots.

Deir Sinn Féin go gcuirfidh siad in aghaidh na gciorruithe atá molta don tseirbhís sláinte agus dúirt an t-iar-aire cultúir Carál Ní Chuilín nár bhain na moltaí leis an bhfolús polaitiúil ó thuaidh ach le polasaí déine Rialtas Westminster.

Mhaígh Ní Chuilín gurb é an fonn a bhí ar an DUP “leatrom” a dhéanamh ar ghrúpaí áirithe, cainteoirí Gaeilge ina measc, ba chúis le teip na gcainteanna maidir le Stormont a athbhunú.

Fág freagra ar 'Raic idir Conradh na Gaeilge agus an DUP agus na ‘daill agus na bacaigh’ tarraingthe isteach sa scéal'