Os cionn 55,000 dalta ag fáil oideachas lán-Ghaeilge

Tá 248 bunscoil agus 48 iarbhunscoil sa stát a chuireann oideachas ar fáil i nGaeilge amháin

Pictiúr: Eleanor Keegan/Photocall Ireland
Pictiúr: Eleanor Keegan/Photocall Ireland

Tá 55,241 dalta ag fáil oideachas lán-Ghaeilge, de réir figiúirí nua ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá 248 bunscoil agus 48 iarbhunscoil sa stát a chuireann oideachas ar fáil i nGaeilge amháin, ag áireamh Gaelscoileanna, gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.

De réir na bhfigiúirí, tá  43,275 dalta ag freastal ar bhunscoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil agus 11,966 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna a dhéanann amhlaidh.

Ní heol don Roinn cén líon daltaí atá ag freastal ar Aonad nó Sruth Gaeilge i scoileanna ar scoileanna Béarla iad toisc nach gcuirtear an t-eolas sin ar fáil nuair atá dalta á rollú.

Múintear gach ábhar trí Ghaeilge do dhaltaí i 13 iarbhunscoil arbh é an Béarla príomhtheanga an teagaisc iontu agus múintear roinnt ábhar trí Ghaeilge do dhaltaí áirithe i naoi gcinn eile d’iarbhunscoileanna.

Fág freagra ar 'Os cionn 55,000 dalta ag fáil oideachas lán-Ghaeilge'

  • VB

    248 vs 48 – nach bhfuil rud éigin mícheart faoi seo? Nach gcailltear gach rud a d’fhoghlaim páiste sa mbunscoil ó thaobh na teanga de agus é i meánscoil Béarla?

  • VB

    Nach obair in aisce atá in obair formhór na mbunscoileanna lan-Ghaeilge?

  • Cluain Sceach

    Sea, ach cén saghas Gaeilge?

    Agus cé mhéid acu a iompaíonn ar Bhéarla chomh luath agus a bhíonn siad lasmuigh den ngeata?

  • Deasún ÓSeanáin

    Is dóigh go mbeidh go leor daoine ag clamhsán faoi scoileanna gaeilge/gaelscoileanna/agus scoileanna sa Ghaeltacht oifigiúl agus an méid Gaeilge atá fágtha. Táimid ag iarraidh Ollscoil Lán-Ghaeilge a bhunú
    agus sin é!

  • Cormac Ó Briain

    Cad faoi fhigiúraí na 6 chontae? Nach mbeadh sé suimiúl an dá líon a chur le chéile? De ghnáth ní theann críochdheighilt i bhfeidhm ar an Ghaeilge.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cé mhéid scoil lán-Ghaeilge atá sásta
    (a) gan tosú ar mhúineadh an Bhéarla go dtí Rang 2 (.i. an ceathrú bliain bhunscoile); agus
    (b) glacadh leis mar mhisean cur le líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge?
    Ba cheart na scoileanna seo a aithint agus tacú leo.

    Is gá cúrsa ar leith B.Oid. chun freastal ar na scoileanna thuas.
    An chuid eile acu, níl iontu ach scoileanna a bhfuil béim áirithe ar Ghaeilge iontu, maith iad ach ní leor iad.