Os cionn 30 seó beartaithe d’Amharclann na Mainistreach in 2017 ach gan aon seó Gaeilge ina measc

Sular éirigh sé as ag deireadh na bliana seo caite, dúirt iarstiúrthóir na hamharclainne, Fiach Mac Conghail, nach raibh ‘an méid tacaíochta agus ba cheart’ tugtha aige do dhrámaíocht na Gaeilge

Os cionn 30 seó beartaithe d’Amharclann na Mainistreach in 2017 ach gan aon seó Gaeilge ina measc

Níl aon dráma Gaeilge ar chlár na hamharclainne náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, don bhliain 2017. Agus clár iomlán na bliana fógartha anois ag an amharclann náisiúnta, tá os cionn 30 seó ar fad le cur ar stáitse i mbliana ach gan aon dráma Gaeilge ina measc.

Tá os cionn 30 seó beartaithe don dá stáitse atá ag an amharclann náisiúnta, stáitse na Mainistreach agus stáitse na Péacóige, as seo go deireadh na bliana, leagan ardáin den leabhar clúiteach Room leis an údar Éireannach Emma Donoghue ina measc.

Tháinig beirt stiúrthóirí nua i gceannas ar Amharclann na Mainistreach ag tús na bliana seo, Neil Murray agus Graham McLaren. Bhí siad beirt ag obair le hAmharclann Náisiúnta na hAlban roimhe seo.

Rinne Tuairisc.ie iarracht teagmháil a dhéanamh leis na stiúrthóirí nuacheaptha chun labhairt leo faoin gcur chuige a bheadh acu maidir le drámaíocht na Gaeilge ach theip ar na hiarrachtaí sin go dtí seo.

Ba é Fiach Mac Conghail, a bhí ina stiúrthóir ar an amharclann ar feadh 12 bliain nó gur éirigh sé as ag deireadh na bliana seo caite. Bhí sé ag obair in éineacht lena chomharbaí, Neil Murray agus Graham McLaren, ón samhradh seo caite.

Dúirt sé le Tuairisc.ie sa bhliain 2015 nach raibh “an méid tacaíochta agus ba cheart [dó] tugtha [aige] do dhrámaíocht na Gaeilge” ach gurbh í a mhian sraith drámaí Gaeilge a léiriú san amharclann sula n-éireodh sé as an bpost.

“Níl an ‘track record’ chomh maith agam is a cheapas go mbeadh sé. An sprioc atá anois agam, ní hé an chéad dráma eile a chur ar siúl, ach go mbeadh sraith de dhrámaí Gaeilge ann. Tá caidreamh maith agam le leithéidí na Taibhdheirce, Fíbín, Liam Carson agus Diarmuid de Faoite.

“Is rud amháin é dráma Gaeilge a chur ar stáitse agus ansin dearmad a dhéanamh air, caithfear lucht féachana a fhorbairt, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a fhorbairt agus sraith drámaí an rud is fearr chun é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Léirigh daltaí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, i mBaile Átha Cliath, dráma nuascríofa Gaeilge le Alan Titley ar stáitse na hamharclainne náisiúnta Luan Cásca na bliana seo caite mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca.

An Filleadh a bhí ar an dráma do dhaltaí scoile a scríobh an Titlíoch go speisialta do ‘Féile na Físe’, féile a d’eagraigh Seachtain na Gaeilge chun ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh in Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh.

Níor léirigh Amharclann na Mainistreach dráma Gaeilge ar an bpríomhstáitse le fada an lá. Léiríodh an dráma Fornocht Do Chonac le hEoin Ó Tuairisg ar ardán na Péacóige ag deireadh na bliana seo caite. Léiriú de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe a bhí sa dráma sin a rinneadh mar chuid de chomóradh 1916.

Dúirt Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí, Cathal Póirtéir, go raibh díomá air ach nach raibh aon iontas air nuair a chonaic sé nach raibh dráma Gaeilge de chuid Amharclann na Mainistreach féin ar chlár na bliana seo caite ach go raibh súil ag an eagraíocht cruinniú a shocrú leis an stiúrthóirí nua i mbliana le ceist na drámaíochta Gaeilge a phlé leo.

“Bhí cruinniú againn le Fiach [Mac Conghail] agus le Jessica Traynor, an t-eagarthóir liteartha, anuraidh agus d’admhaigh siad go lom go raibh botún déanta acu maidir le drámaí Gaeilge. Dúirt sí go raibh sé i gceist acu iarracht a dhéanamh ar a laghad dráma amháin Gaeilge a choimisiúnú ach go dtógann sé roinnt ama.

“Tá litir á scríobh againn chuig na stiúrthóirí nua agus ba mhaith linn go leanfadh siad leis an rud a thosaigh Fiach [Mac Conghail], ach níl a fhios againn an bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh. Ní bheadh cur amach dá laghad acu ar dhrámaíocht na Gaeilge, ach tá súil againn go nglacfaidh siad comhairle uainne agus ó leithéidí na Taibhdheirce agus TG4,” a dúirt sé.

Ba mhaith le hAontas na Scríbhneoirí “a bheith páirteach in aon phróiseas” a bhaineann le cur chun cinn na drámaíochta Gaeilge in Amharclann na Mainistreach agus a chúiteodh “an dochar” a rinneadh do dhrámadóirí Gaeilge le 20 bliain anuas, a dúirt Cathal Póirtéir.

“D’fhág cleachtas Amharclann na Mainistreach le scór blianta anuas go raibh ar leithéidí Phádraig Uí Ghiollagáin a chuid drámaí a thabhairt do chomplachtaí amaitéaracha mar nach raibh ardán gairmiúil ar fáil dó.

“Bhí go leor daoine ‘gairmiúla’ eile ann nár cuireadh ardán gairmiúil ar fáil dóibh agus is daoine iad sin a bhfuil a leithéid tuillte acu. Ní gá gur léiriú mór costasach a mhairfeadh sé seachtaine a bheadh i gceist ach ba cheart drámaíocht na Gaeilge a bheith ar an ardán náisiúnta,” a dúirt Póirtéir.

Dúirt an drámadóir Aodh Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go mbraitheann sé go mbaineann “an fhadhb chéanna” leis na stiúrthóirí nua is a bhí ann le “deich mbliana anuas”.

“Tá dream nua i gceannas agus níl aon léamh agam orthu go fóill ach braithim go bhfuil an fhadhb chéanna a bhí ann le deich mbliana anuas fós ann — deir lucht Amharclann na Mainistreach nach seoltar drámaí Gaeilge chucu agus ní sheolann drámadóirí Gaeilge a saothar chucu mar ní cheapann siad go bhfaighidh siad éisteacht.

“Má dhiúltaíonn Amharclann na Mainistreach do script Bhéarla atá scríofa agam, is féidir liom dul ar fud na hÉireann, agus Sasana fiú, chuig complachtaí eile a chuirfeadh ar stáitse é. Ach má dhiúltaíonn siad do dhráma Gaeilge a scríobh mé, is dóigh go bhfuil bliain curtha amú agam mar is beag complacht eile a léireodh é,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach mbrisfear an “fáinne fí” seo go dtí go “mbrisfeadh lucht Amharclann na Mainistreach iad féin é” agus scripteanna Gaeilge a iarraidh.

“Dá dtabharfaidís le fios go raibh scripteanna Gaeilge uathu, agus cén sórt scripte a d’fheilfeadh, bheadh níos mó muiníne ag drámadóir Gaeilge ceann a chur faoina mbráid. Tá mise éirithe as scripteanna a chur chucu, ach bheadh mé sásta tamall a chaitheamh ar cheann dá ndéarfaidís go raibh ceoldráma, nó dráma grinn, nó dráma de shaghas éigin eile uathu,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Os cionn 30 seó beartaithe d’Amharclann na Mainistreach in 2017 ach gan aon seó Gaeilge ina measc'