Ó Cuív lena mholadh sa Dáil go dtabharfaí ar ais toghcháin d’Údarás na Gaeltachta

Deir Ó Cuív nach bhfuil an ceangal céanna idir pobal na Gaeltachta agus an tÚdarás ó socraíodh go gcaithfí na toghcháin i dtraipisí

09/10/2012. Eamon O Cuiv media opportuinity. Fianna Fail Spokesman on Agriculture Eamon O Cuiv speaks to the media on the plinth at Leinster House regarding today's farmers protest, and the Fianna Fail private members motion on agriculture criticising the Government's new AEOS (Agri-Environment Options Scheme) and calling on the Government to tackle rising fuel costs. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland

Beidh an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, ag moladh don Dáil amach anseo go dtabharfaí reachtaíocht nua isteach a d’fhágfadh go dtoghfadh an pobal tromlach bhaill Bhord Údarás na Gaeltachta. 

Tá an Teachta Dála ag fanacht go mbeidh an Coiste Oireachtais nua do chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta bunaithe sula gcuirfidh sé an moladh chun cinn go foirmeálta.

Dúirt sé le Tuairisc.ie gur mó ná riamh a theastaíonn sé anois go mbeadh Bord i bhfeighil an Údaráis a bheadh tofa ag an bpobal agus freagrach don phobal.  “Troideadh feachtas láidir sa nGaeltacht ar mhaithe le bunú an Údaráis beagnach dhá scór bliain ó shin agus Aire de chuid Fhianna Fáil – Donncha Ó Gallchobhair – a thóg an cinneadh go mbeadh an tÚdarás ann.  Tá sé thar am gur bunaithe ar thoghchán a bheadh tromlach na mball ann aríst,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála, a thug tréimhse fhada ina aire Gaeltachta é féin, go bhfuil sé le tabhairt faoi deara nach bhfuil an ceangal céanna, beag ná mór, idir pobal na Gaeltachta agus an tÚdarás ó socraíodh go gcaithfí na toghcháin i dtraipisí.

Shocraigh an Comhrialtas deireanach – Fine Gael agus an Lucht Oibre – a tháinig i gcumhacht tar éis Olltoghchán 2011 go gcuirfí deireadh leis na toghcháin d’Údarás na Gaeltachta agus go laghadófaí líon na mball ar an mBord ó 19 go dtí 12. 

Roimh 2011 ba é an pobal a thogh 16 duine den 19 duine ar an mBord.

Ó athraíodh an córas is iad na Comhairlí Contae sna contaetha Gaeltachta a roghnaíonn cúigear de bhaill Bhord an Údaráis agus ainmníonn an tAire Gaeltachta an Cathaoirleach agus an seisear ball.  Beidh tréimhse an Bhoird atá ann faoi láthair istigh ag deireadh na bliana 2017.

Sábháil airgid an phríomchúis a tugadh leis an athrú a rinne an Comhrialtas deiridh ar an gcaoi a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta agus béim mhór ar shrianta ar sparáin i chuile roinn stáit san am sin.  Bhí sé mar thoradh polaitiúil ar an athrú gur neartaíodh seasamh Fhine Gael ar an Údarás mar go raibh siadsan tréan sna Comhairlí Contae Gaeltachta san am sin.  Bhí an láimh a bhí ag Comhairleoirí Contae as taobh amuigh den Ghaeltacht sna ceapacháin ar cheann de na hábhair spairne a bhí ann. 

’Sí an cheist anois ná an mbeidh athrú intinne ar Fhine Gael agus an nglacfaidh siad le rún Uí Chuív.  D’fhéadfadh, áfach, go n-éireodh le hÓ Cuív, beag beann ar dhearcadh an Rialtais agus Fhine Gael. leis an moladh go dtabharfaí toghchán an Údaráis ar ais.

Dá dtacódh Sinn Féin le rún Uí Chuív bheadh cuid mhaith den tacaíocht a bheadh riachtanach aige.  Bheifí ag brath ansin ar Pháírtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus ar Neamhspleáigh leis an rún a chur tríd an Dáil. Ar ndóigh, bheadh réiteach le déanamh faoin gcaoi a reachtálfaí an toghchán agus faoi cé acu an bhfágfaí é go dtí lá an chéad toghchán áitiúil eile in 2019 nó an gcuirfí socrú eatramhach i bhfeidhm.