Nuair a dhéantar carachtar den chathair…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: carachtair ghníomhacha seachas cúlbhrait iad na cathracha gan ainm in úrscéalta bheirt údar ó oirthear na hEorpa, Ismail Kadare agus Ferenc Karinthy

Nuair a dhéantar carachtar den chathair…

Is iomaí scríbhneoir a shamhlaítear le cathair ar leith. Tá Baile Átha Cliath lárnach i saothar Joyce. Tá Nua-Eabhrac fite fuaite le saothar Maeve Brennan. Agus cé nach bhfuil inti ach baile beag, chuir Breandán Ó hEithir Gaillimh ar an mapa liteartha nuair a scríobh sé Lig sinn i gCathú.

Is iomaí leabhar ficsin a thabharfadh cur síos níos fearr ar chathair ná mar a dhéanfadh leabhar taistil, agus is minic a cheannaigh mé féin úrscéal gan aon chúis eile agam seachas go raibh sé lonnaithe in áit a raibh spéis agam ann. Mar chúlbhrat a fheidhmíonn an láthair go hiondúil, canbhás couleur locale a fhulaingíonn línte an scéil go géilliúil. Ach le gairid, léigh mé dhá leabhar a chuir iontas an domhain orm toisc gur ghlac na cathracha iontu páirt ghníomhach san aicsean. D’fhéadfaí a mhaíomh gur charachtair iad. Príomhcharachtair, fiú amháin.

Cé nach n-ainmnítear an chathair in Chronicle in Stone le Ismail Kadare, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur baile mór Gjirokastër i ndeisceart na hAlbáine, áit dhúchais an údair, atá i gceist. Neach beo í an chathair sin i súile an bhuachalla bhig a insíonn an scéal. Neach síorathraitheach í, cineálta lá amháin agus cruálach an chéad lá eile. Nuair a thiteann buamaí na nIodálach, na Sasanach, na nGréagach agus na nGearmánach ar an gcathair ar a seal – tá an Dara Cogadh Domhanda faoi lán seoil – cumhdaíonn an chloch láidir liath a úsáideadh chun na tithe a thógáil an pobal. Uaireanta eile, luíonn an chloch liath chéanna go trom ar an gcathair agus plúchann sí muintir na háite.

Cúngaíonn cúlsráideanna dorcha na cathrach isteach ar fheairín inste an scéil, ach cuireann na cosáin chaola sa cheantar imeallach ina bhfuil cónaí ar a sheanathair – cosáin nach bhfanann san áit a mbídís cheana – saoirse ar fáil.

Cleas stíle, thar aon rud eile, a dhéanann carachtar as an gcathair san úrscéal seo ag Kadare.

Cumhdaíonn sí.

Luíonn a clocha go trom.

Cúngaíonn a cúlsráideanna isteach ar dhaoine. Bogann a cuid cosán. Feicimid an chathair ag lúbadh agus ag casadh mar a bheadh ollphéist ársa inti i nead sléibhe: neach beo a bhí ann sular tháinig an dream a bhfuil cónaí orthu inti ar an saol, agus a bheas ann ina ndiaidh.

Ach oiread leis an gcathair i leabhar Kadare, ní ainmnítear an chathair in Metropole, an t-úrscéal is mó cáil ó pheann Ferenc Karinthy, duine de mhórscríbhneoirí na hUngáire. Go deimhin ní ann don chathair is ábhar don scéal seo san fhíorshaol, agus is maith an rud nach ann. Ollchathair phlúchta í nach bhfuil ceangailte le háit ar bith eile ar domhan agus nach féidir a fhágáil. Tá teanga dhothuigthe ag muintir na háite agus ní thuigeann siad féin aon cheann de na scórtha teanga atá ar eolas ag fear inste an scéil, ar teangeolaí é.

Ní hionann agus an chathair i leabhar Kadare, ar cara í lá amháin agus namhaid lá eile, céile comhraic neamhthrócaireach, neamhghéilliúil í an chathair gan ainm in úrscéal Karinthy. Coincheap í thar aon ní eile, carachtar osdaonna a bhfuil sé ar intinn aici spiorad fhear inste an scéil a chloí leis an gcéasadh síceolaíoch is cumhachtaí dá bhfuil ann: neamhaird.

Gan dabht tá leabhair eile amuigh ansin ar carachtair ghníomhacha iad na cathracha iontu seachas cúlbhrait, ach chuirfinn geall nach mór a líon. Tá éacht liteartha nach beag déanta ag Kadare agus Karinthy, éacht nár thuig mé gurbh fhéidir a dhéanamh ar chor ar bith go dtí gur léigh mé an dá leabhar seo.

Chronicle in Stone, aistriúchán ó pheann David Bellos, ar fáil ó Canongate. Tá Metropole, aistriúchán ó pheann George Szirtes, ar fáil ó Telegram.

Fág freagra ar 'Nuair a dhéantar carachtar den chathair…'